An Teile Mhórdhuilleach
Tilia platyphyllos

Duilleog: Croíchruthach
Airde: 35m
Dath an Bhlátha: Buíghlas
Tréimhse faoi Bhláth: Meitheamh, Iúil
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Lúnasa, Meán Fómhair, Deireadh Fómhair, Samhain
Géineas: Tilia
Fine: Malvaceae

Is crann mór duillsilteach í an teile mhórduilleach, crann a bhreathnaíonn an-chosúil leis an teile mhiondhuilleach (Tilia cordata) agus an teile choiteann (Tilia x europaea), hibrid idir an dá theile eile. In ainneoin ainm an chrainn, tá na duilleoga mórán ar chóimhéid leis na duilleoga ar an dá chrann eile. Is féidir idirdhealú a dhéanamh idir na trí chineál ach staidéar a dhéanamh ar na duilleoga. Is iondúil go mbíonn taobh íochtarach na nduilleog ar an gcrann seo clúmhach (bíonn tomacha beaga de ghruaig rua in ascaill na bhféitheacha ar thaobh íochtarach na nduilleog ar an teile mhionduilleach, agus bíonn dath bán ar na tomacha ar an teile choiteann). Dhéantaí rópaí agus éadach as coirt na teile, agus bhí an-tóir ar adhmad bog an chrainn i gceird na snoíodóireachta.

An teile mhórdhuilleach, curtha mar chrann ornáideach.

Béarla: Lime, large-leaved

Dáileadh na Teile
Cuma na Teile
Duilleoga agus Bláthanna
Úsáid na Teile
Tagairtí

Tuilleadh Íomhánna