An Teile Choiteann
Tilia x europaea

Is crann mór le duilliúr dlúth í an teile choiteann, an teile is fairsinge in Éirinn. Is hibrid í idir dhá theile eile, an teile mhiondhuilleach (Tilia cordata) agus an teile mhórdhuilleach (Tilia platyphyllos). Is crann é atá curtha go forleathan in Éirinn, go háirithe ar shráideanna cathracha agus in eastáit tithíochta. Tá na teilí go léir an-chosúil lena chéile, ach is féidir an teile choiteann a aithint mar go mbíonn tomacha beaga de ghruaig bhán faoin duilleog. Fásann meatháin óga aníos ó bhun an chrainn seo go minic. Dhéantaí rópaí agus éadach as coirt na teile, agus bhí an-tóir ar adhmad bog an chrainn i gceird na snoíodóireachta.

Béarla: Common lime, lime, linden
Dáileadh an Chrainn
Is ar Mhór-roinn na hEorpa, ón bhFionlainn go deisceart na hIodáile, agus ón mBreatain soir go dtí an réigiún Chugais a fhásann an teile mhórdhuilleach agus an teile mhiondhuilleach go dúchasach. Mar hibrid idir an dá chrann, fásann an teile choiteann go fiáin in aon áit a mbíonn an dá thuismitheoir ag fás.[1]
Níl aon chineál teile dúchasach in Éirinn, ach tá an teile choiteann curtha ar fud na hÉireann, go hiondúil mar chrann ornáideach in eastáit agus i bpáirceanna agus sráideanna cathrach.[2]
Is crann crua í an teile choiteann agus fásann sé ar go leor cineálacha créafóige agus suíomhanna, cé gur níos fearr a thaitníonn talamh íseal leis an gcrann.[3]
Cuma an Chrainn
Is hibrid í an teile choiteann idir dhá theile eile, an teile mhiondhuilleach (Tilia cordata) agus an teile mhórdhuilleach (Tilia platyphyllos), agus is cosúil leis an dá thuismitheoir atá an hibrid seo.
Is crann mór ard (35 m), galánta é a fhásann go tapa. Bíonn an choirt liathdhonn, le hiomairí éadomhain ar chrainn níos sine. Bíonn leadáin shuntasacha ar stoc an chrainn freisin. Fásann meatháin eipeachormánacha aníos ó íochtar an stoic i gcrainn níos sine. Ní iondúil go dtarlaíonn sé seo ar an teile mhórdhuilleach, agus ní bhíonn siad ach ar an teile miondhuilleach nuair a bhíonn aois mhór aici.


Géaga agus Duilleoga
Bíonn na géaga clúmhacha caol, agus is minic go mbíonn scáil dhearg ar na géaga is óige. Bíonn sé seo níos feiceálaí sa ngeimhreadh. Bíonn dath dearg ar na bachlóga freisin, le dhá ghainne orthu. Is go hailtéarnach a bhíonn na bachlóga ar an ngéag agus, mar go mbíonn uillinn bheag sa ngéag ag gach bachlóg, bíonn cruth fiarlánach (zig-zag) ar an ngéag.

Bíonn duilleoga croíchruthacha na teile éadrom agus éasca le stróice. Bíonn tomacha beaga gruaige, le dath bán nó uachtair orthu, in ascaill na bhféitheacha ar thaobh íochtarach na nduilleog ar an teile choiteann. Is bealach maith é seo chun an crann a aithint—bíonn dath rua ar na ribí gruaige ar an teile mhiondhuilleach, agus bíonn taobh íochtarach iomlán na duilleoige clúdaithe le ribí gruaige bána ar an teile mhórdhuilleach.
Is iondúil go mbíonn bun na duilleoige (in aice leis an ngas) neamhshiméadrach. Athraíonn na duilleoga go dath buí sula dtiteann siad sa bhfómhar.
Bláthanna agus Torthaí

Bíonn bláthanna heirmeafraidíteacha ar an teile choiteann—bíonn coda atáirgthe baineanna agus fireanna ar an mbláth céanna. Is dath bánbhuí a bhíonn na bláthanna, a chrochann anuas i mbraislí ón ngéag. Pailníonn feithidí iad, agus forbraíonn na torthaí sféarúla i gcaitheamh an tsamhraidh. Mar hibrid, ní i gcónaí a thairgeann an teile choiteann síolta inmharthana. Nuair a bhíonn, is iondúil go mbíonn aeráid réasúnta te ag teastáil sula bpéacann siad.[3]
Dúlra agus Fiadhúlra an Chrainn
Tugann na bláthanna neachtar agus pailin ar fáil do mheachain. Is iad na haifidí, a bhíonn ag diúl ar sú na nduilleog, is cúis leis an drúictín meala greamaitheach a bhíonn ar dhuilleoga an chrainn seo. Eisfhearann na haifidí an drúichtín, a bhíonn lán le siúcra, de réir mar a dhíleánn siad an sú.
Saibhríonn an drúichtín meala seo an chréafóg faoin gcrann le siúcra (1 kg/m2). Tacaíonn an siúcra seo le baictéir a fhosaíonn nítrigin sa gcréafóg freisin.[4]
Is iomaí creachadóir (bóíní Dé, feithidí eile, agus éanach) a bhíonn ag faire ar na haifidí freisin.
Úsáid na Teile
Is furasta adhmad buíghlas na teile a oibriú (tá sé feiliúnach le haghaidh snoíodóireacht agus deileadh adhmaid) mar go bhfuil sé bog agus mínuigeach.[3] Bhí an-tóir ar an teile ó thréimhse na Meánaoise ar aghaidh chun uirlisí ceoil, paitíní agus coirceoga a dhéanamh.[4] Dhéantaí boghanna agus sciatha as adhmad na teile freisin.[4] D’úsáidtí adhmad na teile in eitleáin na Breataine sa Dara Cogadh Domhanda.
Glacann an teile le bunscoitheadh níos fearr ná aon chrann eile seachas an coll (Corylus avellana).[3] Cuirtear fad le haois an chrainn nuair a dhéantar é seo—maireann na stóil ar feadh os cionn 2,000 bliain.[4] Soláthraíonn crainn bhunscoite slata fada, díreacha, a úsáidtear chun cuaillí a dhéanamh agus mar bhreosla. Dónn an t-adhmad go maith sa tine, agus deirtear go bhfuil fioghual na teilí chomh maith le fioghual na fearnóige (crann a sholáthraíonn fioghual den scoth) chun púdar gunna a dhéanamh.[3]
D’úsáidtí coirt na teilí (basta a thugtar air) chun rópaí agus éadach a dhéanamh, agus géaga an chrainn i gceird na caoladóireachta.[3]
Déantar tae (linden tea) as bláthanna na teile. D’óltaí é mar chógas leighis ar chasacht, scornach tinn, chun brú fola a laghdú, mar fualbhrostach agus mar thámhachán.[5] Cheaptaí go raibh tréithe frithathlastacha ag an tae freisin.[4]
Tá an teile curtha go forleathan i gcathracha na hEorpa, agus bhí an-cháil ar Unter den Linden, sráid leathan i mBeirlín na Gearmáine a raibh teilí ag fás ar cheachtar taobh di. Gearradh agus dódh na crainn sna laethanta deireanacha den Dara Cogadh Domhanda, sular cuireadh arís iad sna 1960idí.[4]
Tagairtí
1. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
4. Eaton, E., G. Caudullo, and D. De Rigo, Tilia cordata, Tilia platyphyllos and other limes in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European atlas of forest tree species, 2016: p. 184-185.
5. Pavlović, T., et al., Linden tea from Serbia–an insight into the phenolic profile, radical scavenging and antimicrobial activities. Industrial Crops and Products, 2020. 154: p. 112639.
Tuilleadh Íomhánna







