An Chaor Chon
Viburnum opulus

Is sceach dhuillsilteach dhúchasach í an chaor chon a fhásann ar fud na tíre, ach amháin ar chósta an iarthair. Tá sé éasca an planda a aithint óna dhuilleoga bosacha, le trí mhaothán ar gach duilleog. Is furasta an sceach a aithint freisin, mar gheall ar na bláthanna móra bána a thagann amach sa samhradh, agus na caora beaga dearga a thagann ina dhiaidh sin. Is álainn iad na dathanna dearga agus órga a thagann ar na duilleoga sa bhfómhar sula dtiteann siad. Tá an chaor chon ar cheann de na sceacha dúchasacha sin atá mealltach agus coitianta, ach mar sin fhéin nár fhág a lorg ar sheanchas na tíre. Is dóigh nach raibh siad sách úsáideach dúinn.

Ainmneach Eile: Ceiriochán,[1, 2] Rós Ollannach,[3]
Béarla: Guelder Rose, Water Elder, Marsh Elder[2], Dogberry, Snowball Tree
Dáileadh Tíreolaíochta na Sceiche
Is sceach dhúchasach dhuillsilteach í an chaor chon a bhíonn idir 2-4 m ar airde nuair a bhíonn sí lánfhásta. Fásann sí i réimse a chuimsíonn iarthar na Fraince soir chomh fada le hiarthar na Rúise. Faightear an chaor chon ar fud na hÉireann, ach amháin ar chósta an iarthair.[4] Fásann sí i scrobarnach, i bhfálta sceacha, agus ar bhruach aibhneacha agus locha.[5]
Duilleoga
Aithnítear an chaor chon sa ngeimhreadh mar go mbíonn bachlóga na nduilleog ar aghaidh a chéile ar an ngas, agus brúite isteach in aghaidh na géige. Is minic a thagann dath dearg ar na bachlóga sula n-osclaíonn na duilleoga.
Is furasta an chaor chon a aithint sa samhradh freisin, mar gheall ar chruth uathúil na nduilleog. Is duilleoga bosacha a bhíonn ar an sceach, le trí mhaothán ar gach duilleog. Bíonn fiacla garbha ar imeall na nduilleog. Bíonn ribí gruaige ar thaobh íochtair na nduilleog.
Cosúil le plandaí eile sa bhfine Adoxaceae, fásann na duilleoga ar aghaidh a chéile ar an ngas. Is dath glas dorcha a bhíonn ar na duilleoga, agus tagann dath dearg orthu sa bhfómhar sula dtiteann siad.
Bláthanna agus Torthaí

Is planda moinéiciach í an chaor chon. Is braislí de bhláthanna bána a bhíonn ar an mbláthra. Bíonn bláthanna beaga torthúla ar an taobh istigh den bhláthcheann, agus bíonn siadsan timpeallaithe ag fáinne de bhláthanna móra neamhthorthúla. Pailníonn feithidí, go háirithe míoltóga, na bláthanna.

Is drúp dearg, a bhreathnaíonn cosúil le caor, é an toradh.[5, 6] Ní léir go dtaitníonn na torthaí le héin an oiread sin, mar gur minic a bhíonn siad fós ar an gcraobh i lár an gheimhridh. Ach, nuair a thagann an crua ar an tairne agus gan mórán eile ar fáil, itheann síodeiteacha[7], smólaigh, spideoga, agus corcráin coille iad. Itheann sionnaigh agus lucha iad freisin, agus scaipeann an planda dá thoradh seo.[8]
An Chaor Chon sa bPobal
Úsáid na Sceiche
Maítear go bhfuil na torthaí inite, cé go bhfuil siad crapthach agus géar, agus is iondúla go gcuireann na torthaí as don bholg má itear ró-luath sa séasúr iad. Is le linn an gheimhridh, nuair a ardaíonn an méid siúcra a bhíonn sna torthaí, a bhíonn siad níos blasta.[9]
Úsáidtear na torthaí le blas a chur i mil i dtuaisceart na hEorpa[10], agus déantar glóthán leo i gCeanada.[11] Déantar subh, coirdial, tae luibhe, agus licéar astu sa Rúis agus san Úcráin.[12]
Sa Tuirc, úsáidtear na caora mar chógas leighis do bhreoiteachtaí amhail galar croí, brú fola ard, fuiliú, slaghdáin, agus diaibéiteas.[13] Déantar deoch traidisiúnta, gilaburu, as na caora sa Tuirc freisin. Chun gilaburu a dhéanamh, stóráiltear na torthaí in uisce, in áit dhorcha, ar feadh 4 mhí chun iad a choipeadh agus an blas géar a mhaolú.[14]
Is léir nach raibh mórán úsáide ag daoine don phlanda seo in Éirinn, agus go deimhin ní planda é le go leor béaloidis sa tír seo, ná go deimhin in iarthar na hEorpa.[15] Ach tá go leor úsáide á baint as in oirthear na hEorpa, go háirithe sa Úcráin, áit gur siombail den tír sin atá sa gcaor chon in amhráin phobail Úcráinise.[16]
Ainm na Sceiche
Is féidir dul amú go héasca le hainmneacha difriúla a bhíonn ag an gcaor chon. Thugtaí dogberry air i mBéarla, ach tá sceach dhuillsilteach eile ann, an coinbhile nó an conbhaiscne (Cornus sanguinea), ar a dtugtar an dogberry-tree (tá dogwood níos mó in úsáid anois don sceach seo). Tá an planda seo dúchasach ach níl sé coitianta.
Tosaíodh ansin ag tabhairt Guelder rose ar an gcaor chon (cé nach rós é), seachas dogberry, mar gur ceapadh gur ó Gelderland san Ísiltír a tháinig saothróg choitianta den phlanda sin (tugann Moloney an Rós Holóndach ar an gcaor chon).[17] Tá Guelder rose in úsáid níos minice ná dogberry anois don chaor chon.
Deireann Lane gur ionann dogberry agus berry of the dogbrier, agus tá caorchon, sgeachóidí madra, agus braoileóg na gcon aige do na focail seo.[2] Ach is dóigh gurb í an fheirdhris (Rosa canina) an dogbrier (tá an t-ainm dog-rose níos coitianta). Go deimhin tugtar sceachóidí ar mhogóirí, nó torthaí, an róis sin. Le rudaí a dhéanamh níos casta fós, tugtar dogberry ar speicis éagsúla den ghéineas Sorbus—an géineas céanna ina bhfuil an caorthann (Sorbus aucuparia).
Tá céir-íocan i nGaeilge na hAlban ag Cameron don chaor chon—deir sé go dtagann an t-ainm ó chuma chéiriúil na mbláthanna.[18] Tá ceiriochán ar an bplanda in Éirinn freisin.
Ní fheictear go bhfuil na hainmneacha Béarla seo luaite go forleathan i mBailiúchán na Scol, ná na leaganacha éagsúla Gaeilge den phlanda seo ach an oiread. Tá corrthagairt ann don “dog-berry“, mar shampla:
“A small red berry which grows on a tree called the woodbine is said to be poisonous. This berry is sometimes called the “dog berry.””
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 198: Leathanach 519
Ach is woodbine ainm eile atá ar an bhfhéithleog nó an féithleann (Lonicera periclymenum), planda le caora dearga freisin. Léiríonn sé seo gur minic a d’úsáid daoine na hainmneacha céanna do phlandaí difriúla ach le tréithe comhchosúla—caora dearga, sa chás seo.
Tagairtí
1. Dinneen, P.S., An Irish-English Dictionary. 1927: Educational Company of Ireland.
2. Lane, T.O.N., Lane’s English-Irish Dictionary…: Compiled from the Most Authentic Sources. 1904: D. Nutt.
3. de Bhaldraithe, T., English-Irish Dictionary. 2004, Baile Átha Cliath: An Gúm.
4. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
5. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
6. Rose, F., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. 2006: Frederick Warne.
7. Witmer, M.C., Nutritional Interactions and Fruit Removal: Cedar Waxwing Consumption of Viburnum opulus Fruits in Spring. Ecology, 2001. 82(11): p. 3120-3130.
8. Kollmann, J. and P.J. Grubb, Viburnum lantana L. and Viburnum opulus L. (V. lobatum Lam., Opulus vulgaris Borkh.). Journal of Ecology, 2002. 90(6): p. 1044-1070.
9. Rop, O., et al., Antioxidant Properties of European Cranberrybush Fruit (Viburnum opulus var. edule). Molecules, 2010. 15(6): p. 4467-4477.
10. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
11. Sedat Velioglu, Y., L. Ekici, and E.S. Poyrazoglu, Phenolic composition of European cranberrybush (Viburnum opulus L.) berries and astringency removal of its commercial juice. International Journal of Food Science & Technology, 2006. 41(9): p. 1011-1015.
12. Kajszczak, D., M. Zakłos-Szyda, and A. Podsędek, Viburnum opulus L.—A review of phytochemistry and biological effects. Nutrients, 2020. 12(11): p. 3398.
13. Karaçelik, A.A., et al., Antioxidant components of Viburnum opulus L. determined by on-line HPLC–UV–ABTS radical scavenging and LC–UV–ESI-MS methods. Food chemistry, 2015. 175: p. 106-114.
14. Baschali, A., et al., Traditional low-alcoholic and non-alcoholic fermented beverages consumed in European countries: a neglected food group. Nutrition Research Reviews, 2017. 30(1): p. 1-24.
15. Kozlowska, W., et al., Botanical provenance of traditional medicines from Carpathian mountains at the Ukrainian-Polish border. Frontiers in pharmacology, 2018. 9: p. 295.
16. Bukhnieva, O. and W. Chen, Ukrainian Folklore: Historical and Artistic Aspects. Journal of Danubian Studies and Research, 2023. 13(2): p. 94-100.
17. Moloney, M.F., Irish ethno-botany and the evolution of medicine in Ireland. 1919: MH Gill.
18. Cameron, J., The Gaelic Names of Plants: (Scottish, Irish and Manx). 1883, Dún Éireann, Londain: William Blackwood and Sons.
Tuilleadh Íomhánna











