An Fhraochóg
Vaccinium myrtillus

Duilleog: Ubhach
Airde: <1m
Dath an Bhlátha: Bán, Bándearg, Glas
Tréimhse faoi Bhláth: Aibreán, Bealtaine, Meitheamh
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Iúil, Lúnasa
Fine: Ericaceae

Is sceach bheag, dhuillsilteach í an fhraochóg atá coitianta ar chriathrach oscailte an iarthair, ach fásann sí i sraith na talún i sean-choillte darach freisin. Mar aon le gach planda eile sa bhfine Ericaceae, is compordaí atá an fhraochóg i gcréafóg aigéadach. Is cosúil le bláthanna na caithne agus cineálacha éagsúla fraoigh iad bláthanna beaga cloigíneacha na fraochóige. Tagann caora beaga milse inite ar an bplanda ag deireadh an tsamhraidh. Itheann éin agus mamaigh na caora. Scaipeann an fhraochóg ag úsáid riosóim faoi thalamh, as a gcuireann sí meatháin nua aníos.

Fraochóga ag fás i gcoill dharach.

Ainm Eile: Fraochán

Béarla: Bilberry, Whortleberry

Tuilleadh Íomhánna