An Leamhán Mion
Ulmus minor

Duilleog: Fiaclach, Ubhach
Airde: 30m
Dath an Bhlátha: Corcra
Tréimhse faoi Bhláth: Feabhra, Márta
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Aibreán
Géineas: Ulmus
Fine: Ulmaceae

Ceaptar gur comhbhailiú de speicis, de fhospeicis, agus de hibridí difriúla é an leamhán mion agus tá luibheolaithe fós ag dul i ngleic leis na castachtaí a bhaineann leis an ngrúpa plandaí seo. Cé nach bhfuil an crann duillsilteach seo dúchasach in Éirinn, tá sé fairsing ar an oileán, seachas ar chósta an iarthair.

Is iondúil gur ar thalamh saibhir, go háirithe ar thuilemhánna, a fhásann an leamhán mion. Tá go leor foirmeacha éagsúla den chrann seo ann, agus hibridíonn sé le leamhán dúchasach na hÉireann, an leamhán sléibhe, freisin. Cosúil leis na leamháin ar fad, rinne an galar Dúitseach leamhán scrios ar an leamháin seo agus níl mórán crann lánfhásta fágtha. Ach cuireann fréamhacha an chrainn seo meatháin nua aníos go rialta—fásann siad go dtí go mbíonn an crann sách aibí go mbuaileann an galar arís é.

Béarla: Field Elm

Leamhán mion óg i gContae na Gaillimhe.

Tuilleadh Íomhánna