An tAiteann Gaelach
Ulex gallii

Tá an t-aiteann gaelach, nó an mionaiteann, ar cheann de dhá chineál aiteann atá dúchasach in Éirinn. Fásann sé i ndeisceart na tíre, in iarthar na Gaillimhe, agus anseo agus ansiúd i dtuaisceart na tíre. Is iondúil gur ar thalamh aigéadach phortaigh a fheictear é. Ní bhíonn saibhreas créafóige ag teastáil uaidh mar go bhfosaíonn sé nítrigin ón aer ina chuid fréamhacha. Ní fhásann an t-aiteann gaelach chomh hard leis an aiteann gallda (Ulex europaeus) agus ní bhláthaíonn sé ach ag deireadh an tsamhraidh. Bíonn dath órbhuí ar na bláthanna, seachas an dath buí geal a bhíonn ar bhláthanna an aitinn ghallda.

Ainmneacha Eile: Mionaiteann, Aiteann Mín; Mínaiteann[2]; Aitnín/Aitinnin Gaeldhealach,[2] Aitinne Bheag,[2] Aitinn Chaiteach[2]
Béarla: Western Gorse, Autumn Gorse, Mountain Furze[3]
Réimse Dúchais an Aitinn
Is sceach íseal shíorghlas í an t-aiteann gaelach a fhásann i gcréafóg bhocht, aigéadach. Tá an planda in ann maireachtáil ar thalamh fliuch nó tirim.[1] Faightear an t-aiteann seo freisin ar ailltreacha, ar thalamh gan saothrú, agus ar gharrantaí tréigthe. Is iondúil go bhfásann sé ar thalamh íseal, ach tá sé ag fás ag 670 m sna Cruacha Dubha, i gContae Chiarraí.[4]
Fásann an t-aiteann gaelach i ndeisceart na tíre, agus in iarthar Chontae na Gaillimhe, le pócaí beaga eile ar shléibhte Chill Mhantáin agus sna Beanna Boirche i gContae an Dúin.[4] Fásann an sceach seo go dúchasach freisin in iarthar na Fraince agus i dtuaisceart na Spáinne.[1] Mar a bheifeá ag súil leis óna réimse dúchais, is aeráid aigéanach is mó atá luaite leis an bplanda seo.[1]
Cuma na Sceiche

Tá an t-aiteann gaelach níos ísle ná an t-aiteann gallda (Ulex europaeus). Ní minic a fhásann sé níos airde ná 1.5 m, agus is iondúil go mbíonn sé sínte cuid mhaith níos ísle ná sin.
Duilleoga an Aitinn
Tá an t-aiteann sa bhfine céanna, Fabaceae, le plandaí trídhuilleacha aitheanta amhail na seamra (nó seamróga mar a thugtar orthu i mí an Mhárta). Cé go bhfuil duilleoga an-difriúla anois ag an aiteann, tá iarsma de dhuilleoga trídhuilleacha an tseamra, nod do bhunús sinsearach an aitinn, le feiceáil ar an bplanda nuair a phéacann sé i dtús a shaoil, ach ní choinníonn sé na duilleoga seo ar feadh i bhfad.[5]

Ní ar aon dul le duilleoga plandaí eile iad duilleoga an aitinn. Is duilleoga maolaithe iad atá an-difriúil ó na duilleoga atá ar phlandaí eile sa bhfine Fabaceae. Bíonn siad beag, tanaí, le cruth lansach nó snáthaidiúil.[5] Bíonn siad deacair le feiceáil freisin, agus ní chabhraíonn sé ach an oiread gur dath glas atá ar dhuilleoga agus ar chraobhacha an aitinn agus é ag fás.
Deilgní an Aitinn

Is iad deilgní glasa an aitinn na tréithe is suntasaí atá ag an bplanda síorghlas seo. Ní duilleoga iad sin, ach géaga na sceiche. Tá struchtúr craobhach ar leith ag an aiteann. Is ar chraobhacha na sceiche (tugtar accessory branch orthu) a fhásann na deilgní príomha, a bhíonn timpeall 5cm ar fhad. Fásann duilleoga agus deilgní tánaisteacha (a bhíonn níos giorra) ar na deilgní príomha seo. Ní bhíonn na deilgní chomh fada ná chomh righin le deilgní an aitinn ghallda. Bíonn dath gormghlas ar ghéaga agus ar na deilgní. [6, 7]
Fásann bachlóg san ascaill idir na duilleoga agus na deilgní príomha as a dtagann craobh nua. Fásann an chraobh ar feadh bliana nó mar sin, agus bíonn sí idir 30 cm agus 40 cm ar fhad, ag brath ar an speiceas aitinn. Ansin cailltear an duilleog agus an dealg a bhíonn ag bun na craoibhe, cé go bhfanann siad ar an sceach ar feadh roinnt blianta. Is mar gheall air sin a bhíonn an t-aiteann chomh tirim agus feoite taobh istigh den sceach, agus ní bhíonn ag fás ach an chuid ghlas ar an taobh amuigh den sceach.[1, 8] Is mar gheall air sin freisin a bhíonn sé chomh héasca ar an aiteann loscadh in aimsir thirim.
Mar go bhfuil na duilleoga féin chomh beag sin, níl mórán clóraifille iontu. Is í seo an tsubstaint a chuireann ar chumas an phlanda, trí phróiseas fótaisintéise, fuinneamh a ghiniúint as dé-ocsaíd charbóin an aeir. Mar chúiteamh air seo, déanann na deilgní cúram den chuid is mó den fhótaisintéis a dhéanann an planda.[9]
Ní chailleann an t-aiteann mórán uisce ó na duilleoga agus na deilgní spíonlacha trí thrasghalú, rud a chuireann ar a chumas maireachtáil in ithir thirim agus i ngnáthóga feannta.[5] Tugann na deilgní géara (idir dhuilleoga agus chraobhacha) cosaint don phlanda ó innilt ainmhithe freisin.
Bláthanna
Is dath órbhuí a bhíonn ar bhláthanna an aitinn ghaelaigh, le hais an dath buí éadrom a bhíonn ar bhláthanna an aitinn ghallda. Is ag deireadh an tsamhraidh is mó a thagann bláthanna ar an aiteann gaelach. Is bealach maith é seo chun an t-aiteann gaelach a aithint, mar gur iondúil nach mbíonn mórán sceacha den aiteann gallda faoi bhláth ag an am sin.

Is taobh istigh d’fhaighneog a bhíonn na síolta—bíonn an fhaighneog féin timpeallaithe ag na bláthanna feoite donn. Osclaíonn na faighneoga san Earrach go pléascach chun na síolta a scaoileadh (tá an pléasc in ann iad a chaitheamh 18 cm ón bhfaighneog), agus is féidir le seangáin iad a scaipeadh 4 m níos faide ón sceach.[1]
Is iondúil go bhfeictear cineálacha fraoch, amhail an fraoch mór (Calluna vulgaris) agus an fraoch cloigíneach (Erica cinerea) ag fás in éineacht leis an aiteann gaelach (agus sa mullach ann, ag fás tríd na deilgní). Cosúil leis an aiteann gallda, cuireann an t-aiteann gaelach meatháin nua aníos go luath tar éis loiscthe sléibhe.[1]
An tAiteann sa tSochaí
Ulex minor
Is cosúil leis an aiteann gaelach atá Ulex minor (Dwarf Furze i mBéarla, níl léir go bhfuil ainm Gaeilge aige) atá fairsing i ndeisceart Shasana agus atá feicthe anseo agus ansiúd in Éirinn.[4] Is í fad na cailíse an mhéadrach a úsáidtear le hidirdhealú a dhéanamh idir an dá speiceas—bíonn cailís níos faide ná 9 mm ag an aiteann gaelach, agus bíonn sí níos giorra in Ulex minor.[10]
Tagairtí
1. Stokes, K.E., J.M. Bullock, and A.R. Watkinson, Ulex gallii Planch. and Ulex minor Roth. Journal of Ecology, 2003. 91(6): p. 1106-1124.
2. Lucas, A.T., Furze: A Survey and History of Its Uses in Ireland. Béaloideas, 1958. 26: p. 1-204.
3. Mac Coitir, N., Ireland’s Trees–Myths, Legends & Folklore. 2016: Gill & Macmillan Ltd.
4. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
5. Clements, D.R., D.J. Peterson, and R. Prasad, The biology of Canadian weeds. 112. Ulex europaeus L. Canadian Journal of Plant Science, 2001. 81(2): p. 325-337.
6. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
7. Stace, C., New Flora of the British Isles. 4ú ed. 2019: C&M Floristics.
8. Skipper, E.G., The Ecology of the Gorse (Ulex) with Special Reference to the Growth-Forms on Hindhead Common. Journal of Ecology, 1922. 10(1): p. 24-52.
9. Medina-Villar, S., et al., The green thorns of Ulex europaeus play both defensive and photosynthetic roles: consequences for predictions of the enemy release hypothesis. Biological Invasions, 2022. 24(2): p. 385-398.
10. Rose, F., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. 2006: Frederick Warne.
Tuilleadh Íomhánna






