An tAiteann Gallda
Ulex europaeus

Duilleog: Deilgneach
Airde: 3m
Dath an Bhlátha: Buí
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Meitheamh, Iúil, Lúnasa, Meán Fómhair
Géineas: Ulex
Fine: Fabaceae

Is sceach dheilgneach shíorghlas é an t-aiteann gallda a fhásann go fairsing ar fud na hÉireann. Tá gaol gar aige leis an aiteann dúchasach eile atá in Éirinn, an t-aiteann gaelach (Ulex gallii), sceach atá níos ísle agus nach bhfuil coitianta ach in iarthar na tíre. Tá sé in ann go leor cineálacha créafóige agus suíomhanna a sheasamh, ach is minic gur ar thalamh bhocht nó ar thalamh thirim, aigéadach phortaigh a fheictear é. Is féidir leis fás gan mórán créafóige ná cothaitheach mar go bhfosaíonn sé nítrigin ón aer isteach ina chuid fréamhacha. Bhí an-tábhacht leis an aiteann san am atá caite—bhaintí úsáid as mar fhodar, mar bhreosla, agus mar adhmad tógála. Is iomaí úsáid leighis a bhaintí as an sceach seo freisin.

An t-aiteann gallda faoi bhláth.

Ainmneacha Eile: Aiteann Francach, Aiteannach, Aitinn uaibhreach[1]

Béarla: Gorse, Whin, Furze

Dáileadh an Aitinn Ghallda
Gnáthóga an Aitinn Ghallda
Cur Síos ar an Aiteann
An tAiteann Ionrach
An Hibrid Ulex x breoganii
Úsáid an Aitinn
Béaloideas an Aitinn
Ainmneacha agus Téarmaíocht an Aitinn
Tagairtí

Tuilleadh Íomhánna