An Caorthann
Sorbus aucuparia

Is crann beag duillsilteach é an caorthann a fhásann ar fud na tíre. Is ar thalamh crochta, aigéadach is mó a fheictear é agus tá sé ar cheann de na crainn is coitianta in iarthar na hÉireann. Is furasta duilleoga cleiteacha, bláthanna móra bána, agus caora beaga dearga an chaorthainn a aithint. Níl crann in Éirinn a bhfuil níos mó seanchais bainteach leis ná an caorthann. Chuirtí go minic timpeall ar thithe cónaithe é chun cosaint a thabhairt don teaghlach in aghaidh oilc, agus is minic a fheictear an caorthann fós ag fás timpeall ar fhothracha in iarthar na tíre.

Béarla: Rowan, Mountain Ash, Quicken Tree, Quickbeam
Dáileadh an Chrainn
Tá an caorthann forleathan in Éirinn, cé is moite de lár na tíre, agus tá sé ar cheann de na crainn is coitianta in iarthar na tíre.[1] Fásann sé ar fud na hEorpa freisin, ón Íoslainn agus tuaisceart na Rúise, go deisceart na Spáinne agus na hIodáile, agus soir chomh fada leis an réigiún Chugais. Tá sé nádúraithe i Meiriceá Thuaidh freisin.[2]
Tá an caorthann ag scaipeadh go suíomhanna níos airde agus níos faide ó thuaidh mar gheall ar an ngéarchéime aeráide, ach ceaptar, ar an údar céanna, nach mbeidh sé chomh fairsing i ndeisceart na hEorpa amach anseo.[2]
Cé go bhfásann sé i raon leathan coinníollacha, is mó a thaitníonn créafóg aigéadach ná alcaileach leis an gcaorthann, agus is i gceantair le go leor báistí, ar thalamh crochta, is mó a fheictear é. Ní fhásann mórán crann dúchasach ar shuíomhanna níos airde ná an caorthann.[3]
Is crann strusfhulangach é an caorthann—tá sé go maith in ann teas ard agus sioc crua a sheasamh—cé nach dtaitníonn triomach ná talamh atá leathbháite leis. Tá na tréithe céanna ag an mbeith (Betula spp.), crann a fheictear ag fás leis an gcaorthann go minic, cé go bhfuil an caorthann níos fearr in ann scáth a sheasamh (ach ní fhásfadh sé i gcoillte dhorcha) agus fásann sé ar shuíomhanna níos airde ná an bheith.[2]
Cuma an Chaorthainn
Is iondúil gur crann beag caol a bhíonn sa gcaorthann. Ní fhásann siad mórán níos airde ná 15 m (is timpeall 18 m ar airde atá an caorthann is airde in Éirinn)[4] agus ní mhaireann siad mórán níos sine ná 100-150 bliain.[2]
Is minic go mbíonn níos mó ná stoc amháin ag an gcrann, agus is go hardaitheach a fhásann na craobhacha. Is coirt mhín liath a bhíonn ar an gcrann. Bíonn na géaga óga clúmhach, ach cailleann siad na ribí gruaige seo de réir mar a éiríonn siad níos sine.[3]
Duilleoga an Chaorthainn

Bíonn dath dearg, corcra nó liath ar na bachlóga clúmhacha (cailleann siad an ghruaig níos déanaí sa ngeimhreadh). Is ubhach agus biorach a bhíonn na bachlóga, agus bíonn na rinnbhachlóga (ag deireadh na ngéag) níos mó ná na taobh-bhachlóga.

Is duilleoga cleiteacha a bhíonn ar an gcaorthann, le idir 5-8 péire de dhuillíní ar gach duilleog, agus duillín amháin ag barr na duilleoige. Is ar aghaidh a chéile ar an ngéag a fhásann na duilleoga. Bíonn na duillíní fada, ubhach agus biorach. Osclaíonn na duilleoga i mí Bealtaine, bíonn dath glas dorcha orthu (bíonn an taobh íochtarach níos gile) agus tagann dath buí agus oráiste orthu sa bhfómhar sula dtiteann siad.[2]
Cé go bhfuil duilleoga an chaorthainn cosúil le duilleoga na fuinseoige (Fraxinus excelsior), níl gaol gar idir an dá chrann.
Bláthanna agus Torthaí

Tagann bláthanna ar an gcrann i mí Bealtaine agus Meitheamh. Bíonn bláthanna heirmeafraidíteacha ar an gcaorthann (le codanna baineanna agus fireanna ar an mbláth céanna). Bíonn timpeall 200 bláth beag bán nó uachtar i ngach bláthra. Bíonn boladh láidir uathu agus pailníonn feithidí—féileacáin, leamhain, meachain, ach go háirithe míoltóga—iad. Is caora beaga sféarúla dearga nó oráiste iad na torthaí. Bíonn siad aibí i mí Iúil agus Lúnasa.[2] Ní cheaptar go bpailnítear gach bláth, ach toisc go n-eascraíonn an oiread caora as gach bláthra, maítear go mbíonn féintoirchiú i bhfeidhm.[5]

Itheann bratóga leamhan duilleoga an chaorthainn agus is iomaí cineál éan (lonta dubha agus smólaigh, ach go háirithe) a itheann caora an chaorthainn, agus ag scaipeadh an chrainn dá thoradh sin. Ní go hannamh a fheictear síológa caorthainn ag fás, mar eipifítí, i ngabhal na gcraobhacha ar chrainn eile. Tarlaíonn sé seo mar gur ann a fhágann an t-éan síol caorthainn, istigh ina phacáiste beag aoiligh, tar éis dóibh an toradh a ithe.[6] Bíonn na síolta inmharthana sa gcréafóg ar feadh roinnt mhaith blianta, tréith uathúil i measc na gcrann dúchasach.[5]
An Caorthann sa tSochaí
Úsáid an Chaorthainn
Tá adhmad láidir agus crua ag an gcaorthann, cé nach bhfuil sé inmharthana. D’úsáidtí é chun cosa agus lámha oirnéise a dhéanamh, chomh maith le troscán.[2] Dhéantaí boghanna as an adhmad san am atá caite freisin.[6]
Bhaintí úsáid as an gcaorthann i dtionscadal na súdaireachta (ach ní raibh an úsáid seo fairsing in Éirinn),[4] agus dhéantaí ruaim dhubh as freisin.[6]

Na Caora mar Bhia
Ní léir gur foinse bhia thábhachtach a bhí sa gcaorthann san am atá caite,[7] in ainneoin go bhfuil na caora inite (ach an chócaireacht cheart a dhéanamh orthu). Bíonn siad searbh, fiú agus iad aibí, ach is léir go mbíonn siad níos deise tar éis seaca.[6] Ach mar sin fhéin, d’íosfadh daoine iad. Bhíodh na caora fós á mbailiú mar bhia ag pobal na tíre sa 17ú haois. [6]
Is iondúil gur glóthach nó subh a dhéantaí astu. Dhéantaí licéir agus fíon as na caora freisin.[4] Amhail formhór na gcrann ón bhfine Rosacea, tá vitimín C agus E sna torthaí, chomh maith leis na mianraí iarann, copar, sinc agus maignéisiam.[8]
Leigheas
Tá polaifeanóil sna caora, ceimiceáin le tréithe frithfhungasacha agus frithbhaictéareacha.[8] Ní haon ionadh, mar sin, go mbaintí úsáid as na torthaí ar fud na hEorpa chun buinneach, scornach tinn agus scorbha a leigheas.[5]
In Éirinn, d’úsáidtí na duilleoga, fiuchta in uisce, chun na scoilteacha a mhaolú, agus deirtear go raibh deatach na nduilleog dóite go maith don phlúchadh.[9] Thógtaí an choirt (fiuchta) do chasacht i gContae Lú, agus na duilleoga mar cheirín do shúile tinne, agus d’ití na caora in Ulaidh le fáil réidh le péisteanna.[10]
Béaloideas
Bhí cáil ar an gcaorthann in Éirinn mar chrann osnádúrtha le cumhachtaí a thug cosaint in aghaidh rudaí olca (deamhain, cailleacha agus a leithéid).[9] B’fhéidir go raibh baint ag dath dearg na gcaora leis seo—ceapadh gur dath maith a bhí ann mar chosaint in aghaidh oilc.[6]

Is iomaí bealach a bhí ag daoine chun na cumhachtaí seo a fheidhmiú. Cheanglaídís géaga caorthainn do dhrioball na mbó le nach mbeadh aon rud in ann draíocht a chur orthu.[11] Chrochaidís géaga an chrainn i ndéirithe chun an bainne a chosaint ó ainspioraid.[4] Dhéantaí cuinneoga agus ábhar cistine eile as an gcaorthann chun bia a chosaint ón tsúil mhillte.[4] Chuirtí craobhacha an chaorthainn ar leic na bhfuinneog agus na doirse le linn Lá Bealtaine le cosaint a thabhairt don teaghlach.[12]
Bhí an crann chomh tábhachtach do dhaoine go cuirtí go minic timpeall ar thithe cónaithe é, agus is minic a fheictear an caorthann fós ag fás timpeall ar fhothracha, go háirithe in áiteanna arda, uaigneacha, iargúlta in iarthar na tíre.
Ainm an Chrainn
Ciallaíonn aucuparia, san ainm eolaíoch don chaorthann, “foghlaeir éan”. Tugadh an t-ainm sin ar an gcrann mar gur úsáideadh na caora chun éin a ghaistiú.[9]
Tugtar mountain ash air i mBéarla, agus fuinseog coille (níl an t-ainm in úsáid go forleathan), mar go bhfuil na duilleoga cosúil le duilleoga na fuinseoige (Fraxinus excelsior), cé nach bhfuil gaol gar eatarthu.
Tagairtí
1. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
2. Räty, M., G. Caudullo, and D. De Rigo, Sorbus aucuparia in Europe: Distribution, habitat, usage and threats. European atlas of forest tree species, 2016: p. 176-177.
3. Raspe, O., C. Findlay, and A.-L. Jacquemart, Sorbus aucuparia L. Journal of Ecology, 2000. 88(5): p. 910-930.
4. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
5. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
6. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
7. Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.
8. Arvinte, O.M., et al., Rowanberry—A Source of Bioactive Compounds and Their Biopharmaceutical Properties. Plants, 2023. 12(18): p. 3225.
9. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
10. Allen, D.E. and G. Hatfield, Medicinal plants in folk tradition. 2004.
11. Morris, H., Features Common to Irish, Welsh, and Manx Folklore. B�aloideas, 1937. 7(2): p. 168-179.
12. Mac Coitir, N., Ireland’s Trees–Myths, Legends & Folklore. 2016: Gill & Macmillan Ltd.
Tuilleadh Íomhánna











