An Mhórghiúis Dhúdach
Sequoiadendron giganteum

Tá sé aitheanta gurb í an mhórghiúis dhúdach an crann is mó ar domhan (ó thaobh toirte de; tá an chrónghiúis níos airde). Is iad Sléibhte Nevada, California, a réimse dúchais, agus tá sí ag fás in eastáit mhóra in Éirinn le beagnach 200 bliain. Ní hí an speiceas crainn is airde in Éirinn fós, ach tá na crainn a cuireadh anseo fós ag fás. Rinne lománaíocht sléacht ar na crainn seo ina gceantar dúchais, agus tá sí faoi bhagairt anois ag athrú aeráide, loscadh sléibhe, agus póitseáil adhmaid.

Béarla: Giant Redwood; Sierra Redwood; Giant Sequoia
Gnáthóga na Mórghiúise
Is buaircíneach síorghlas í an mhórghiúis dhúdach. D’fhás na crainn mhóra seo ar fud an leathsféar thuaidh le linn Tréimhse an Chailcigh (145 m-66 m bliain ó shin). Le hathrú aeráide, thosaigh siad ag cúlú an oiread sin nach bhfuil fágtha anois ach dáileadh iarmharach—clampaí beaga iargúlta scaipthe ar Shléibhte Nevada i gCalifornia. Is ansin a fhaigheann sí na coinníollacha uathúla atá ag teastáil uaithi le maireachtáil—sneachta trom, séasúr fáis measartha, talamh saibhir, agus tine, le go n-osclóidh na buaircíní chun na síolta a bhíonn taobh istigh a scaoileadh.[1]
Ollchrainn

Glactar leis gurb í an mhórghiúis dhúdach an planda aon-stocach is mó ar domhan. Cé go bhfuil clampa de 47,000 crann creathach (Populus tremuloides) i gColarado a chlúdaíonn 106 acra, is clóin dhá chéile iad, agus áirítear mar aon phlanda amháin iad.
Tá na mórghiúiseanna chomh mór sin go mbreathnaíonn crainn lánfhásta eile ar nós cipíní in aice leo. Cé nach í an crann is airde (is ag an gcrónghiúis (Sequoia sempervirens) atá an onóir sin), is ag ‘General Sherman’, mórghiúis dhúdach atá ag fás 2,109 m os cionn leibhéal na farraige i gCalifornia, atá an toirt is mó (1,487 m3) de chrann ar bith ar domhan.[2] Is 31 m atá imlíne stoc an chrainn chéanna, agus tá sé 83 m ar airde. Meastar go bhfuil sé 2,150 bliain d’aois, cé go mbíonn sé deacair aois na gcrann móra seo a thomhas go cruinn.
Cuma na Mórghiúise
Is coirt dheargdhonn a bhíonn ag na crainn ollmhóra seo. Bíonn an choirt thiubh spúinseach, snáithíneach, agus an-scoilteach.
Bíonn sí dófhriotaíoch freisin, le go mbeidh an crann in ann ag na tinte a loisceann go rialta na sléibhte ina mbíonn sí ag fás.
Bíonn na duilleoga gormghlasa gainneacha brúite in aghaidh na ngéag. Is buaircíní pailine (fireanna) beaga (2-5 mm) a bhíonn ag an gcrann. Pailnítear na buaircíní baineanna idir Aibreán agus Bealtaine agus tagann na buaircíní baineanna chun aibíochta an bhliain dar gcionn.[3, 4]
An Mhórghiúis sa tSochaí
Cé go bhfuil adhmad na mórghiúise dúdaí an-bhog agus an-bhriosc, tá an t-adhmad marthanach agus ní lobhann sé go héasca. In ainneoin nach raibh margadh mór don adhmad seo, bhítí ag lománú na mórghiúiseanna dúdacha idir dheireadh an 19ú haois agus tús an 20ú haois.
Dheiridís go raibh níos mó adhmaid i mórghiúis amháin ná a bheadh in acra de chrainn péine, agus go bhféadfaí 3,000 cuaille sconsa, agus 650,000 slinn anuas air sin, a fháil ó stoc amháin.
Ní obair éasca a bhí ann. D’fhéadfadh na logálaithe seachtain a chaitheamh ag gearradh anuas mhórghiúis amháin. Bhí na crainn chomh mór sin, agus an t-adhmad chomh bog agus chomh briosc, go mbrúití agus go mbristí iad faoina meáchan féin nuair a thitidís go talamh.
Bhí obair mhór i gceist ansin chun an t-adhmad tite a shaothrú. Bhí an oiread sin sábhadóireachta i gceist, go mbainfidís úsáid as dinimít mar aicearra, agus chaillidís 80% den adhmad ar a gcaoi sin.
In ainneoin na hoibre crua, agus an ioncaim íseal, lean an lománaíochta ar aghaidh go dtí gur facthas go raibh an crann i mbaol díothaithe. Cuireadh stop leis agus caomhnaíodh na crainn a bhí fágtha i bpáirceanna náisiúnta.[5]
Tá na crainn fós faoi bhagairt ag póitseáil adhmaid. Tá éileamh ar leadáin mhóra a fhásann ar stoc na mórghiúise. Déantar ábhair éagsúla adhmaid as na leadáin. Gearrann na póitseálaithe na leadáin den chrann ag úsáid sábh slabhrach. Fágtar an crann leochaileach do ghalracha éagsúla mar gheall ar an gcréacht mór ina stoc.
Ainm an Chrainn
Nuair a chonaic coilínigh de bhunú na hEorpa i Meiriceá na crainn mhóra seo den chéad uair (dár ndóigh bhí cleachtadh maith ag na Meiriceánaigh Dúchasacha orthu) bhí uathu Washingtonia gigantea a thabhairt ar an ngéineas, in ómós do George Washington. In 1853, seoladh síolta an chrainn seo chuig John Lindley, luibheolaí ag Ollscoil Londain. Spréach luibheolaithe Mheiriceá nuair a thug Lindley Wellingtonia gigantea ar an gcrann, in onóir Arthur Wellesley, diúc Wellington a fuair an ceann is fearr ar Napoleon i gCath Waterloo.
Ach bhí an t-ádh leis na Meiriceánaigh, mar fuarthas amach nach raibh an t-ainm sin bailí, mar gur úsáideadh an t-ainm Wellingtonia cheana fhéin chun géineas de chrann duillsilteach ón Áis a ainmniú.
Moladh an mhórghiúis dhúdach a chur sa ngéineas Sequoia, in éineacht leis an gcrónghiúis (Sequoia sempervirens), ach ceapadh nach raibh an mhórghiúis sách cosúil leis an gcrónghiúis le go mbeidís sa ngéineas céanna. Socraíodh, mar sin, géineas nua a chruthú don chrann ollmhór seo, Sequoiadendron.[6]
An Mhórgiúis in Éirinn
Nuair a tháinig an crann seo go dtí an Bhreatain, bhí an-tóir air mar gheall ar stádas an chrainn mar an ceann is mó ar domhan. Cuireadh in eastáit agus i gcrannlanna í. Ní hí an crann is mó fós ar na hoileáin seo—tá giúiseanna Dhúghlais (Pseudotsuga menziesii) agus giúiseanna geala (Abies alba) éagsúla níos airde— ach tá na mórghiúiseanna dhúdacha a cuireadh sa 19ú haois fós ag fás.[7] B’fhéidir go mbainfidh siad an churiarracht amach lá éigin.
1. Vale, T.R., Ecology and Environmental Issues of the Sierra Redwood (Sequoiadendron giganteum), Now Restricted to California. Environmental Conservation, 1975. 2(3): p. 179-188.
2. Stephenson, N.L., Estimated ages of some large giant sequoias: General Sherman keeps getting younger. Madroño, 2000. 47(1): p. 61-67.
3. Watson, F., Flora of North America North of Mexico. Vol. 2. 1993: Oxford University Press.
4. Weatherspoon, C.P., Sequoiadendron giganteum (Lindl.) Buchholz Giant Sequoia. Silvics of North America, 1990. 1: p. 552-562.
5. Hartesveldt, R.J., et al., The giant sequoia of the Sierra Nevada. The giant sequoia of the Sierra Nevada., 1975.
6. Buchholz, J.T., The Generic Segregation of the Sequoias. American Journal of Botany, 1939. 26(7): p. 535-538.
7. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
Tuilleadh Íomhánna







