An Chrónghiúis
Sequoia sempervirens

Tá an chrónghiúis, nó an sequoia mar a thugtar uirthi go minic, ar cheann de na crainn is mó ar domhan. Is 116 m ar airde atá an chrónghiúis, Hyperion, an crann is airde ar domhan. Cosúil le go leor buaircíneach neamhdúchasacha in Éirinn, is ó iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh a thagann an chrónghiúis, ceantar le haeráid thais, mheasartha, cosúil le haeráid an oileáin seo. Tá sí curtha in eastáit mhóra ar fud na tíre. Is i gContae Chill Mhantáin atá an crónghiúis is airde in Éirinn (atá 45 m ar airde).

Béarla: Coastal Redwood
Ollchrainn Chalifornia
Tá an chrónghiúis, nó an sequoia mar a thugtar uirthi go minic, ar cheann de na crainn is mó ar domhain. Is minic a shroicheann siad 90 m ar airde agus is crónghiúis an crann is airde ar domhan. Tá crónghiúis darbh ainm Hyperion, a fhásann i bPáirc Náisiúnta Redwood, California, 116 m ar airde. Is ag fás i gCill Mhantáin atá an chrónghiúis is airde in Éirinn, atá 45 m ar airde.
Is crainn fadsaolacha iad, freisin. Tógann sé 500 bliain sula mbíonn an chrónghiúis lánfhásta, agus maireann siad ar feadh 1,500 bliain.
Ní fhaightear an buaircíneach síorghlas seo mórán níos faide ná 25 míle ón gcósta ina cheantar dúchais in iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh. Tugtar an crios ceomhar ar an stráice seo, mar go gcruthaítear ceo nuair a bhuaileann aer tais ón Aigéan Ciúin an t-uisce fuar atá amach ó chósta California. Is níos minice a tharlaíonn sé seo sa samhradh, agus is ar an gceo seo a bhíonn an chrónghiúis ag brath chun a cuid uisce a fháil.
Cur Síos ar an gCrónghiúis
Bíonn cruth pirimidiúil ag crónghiúiseanna óga, agus éiríonn crainn níos sine colúnach. Leathann an barr amach i gcrainn lánfhásta agus sleabhcann na craobhacha anuas ón stoc.[1] Is iondúil nach mbíonn aon chraobh ag fás ar an gcéad dhá thrian den stoc.[2]
Is dath deargdhonn a bhíonn ar an gcoirt spúinseach, shnáithíneach. Bíonn an choirt dófhriotaíoch, tréith a chosnaíonn an crann ó thinte foraoise a bhíonn coitianta ina ceantar dúchais. Cé nach mbíonn tine ag teastáil uaidh na buaircíní sula n-osclóidh siad (bíonn sé seo amhlaidh le cineálacha crainn eile), bíonn na síolta ag brath ar na coinníollacha a bhíonn ann tar éis loiscthe foraoise—créafóg lom, neart solais, agus gan aon iomaíocht le plandaí eile—le gur féidir leo péacadh agus fás.
Bíonn dhá ró de dhuilleoga spíonlacha, leacaithe, biorracha, ar cheachtar taobh den ghéag. Is dath glas a bhíonn siad in uachtar agus bíonn dhá bhanda bán ar an taobh íochtarach.
Is buaircíní ubhacha na torthaí, a bhíonn ina n-aonar ag deireadh na ngéag. Forbraíonn siad i gcaitheamh an tsamhraidh agus osclaíonn na buaircíní chun na síolta a scaoileadh ó Mheán Fómhair go Nollaig.[3]
Tá an chrónghiúis ar cheann de bheagán buaircíneacha a ghlacann le bunscoitheadh, agus is féidir le craobhacha a thiteann ón gcrann fréamhacha a fhás agus crainn nua (clóin) a ghiniúint.
Crainn Ailbíneacha
Tá an chrónghiúis ar cheann de bheagán speiceas de chrainn ar féidir lena gcineálacha ailbíneacha den speiceas sin maireachtáil.
Mar nach bhfuil plandaí ailbíneacha in ann clóraifill (a thugann dath glas do na duilleoga) a ghiniúint, níl siad in ann solas na gréine a athrú go fuinneamh (siúcra) don phlanda. Ní féidir le plandaí maireachtáil gan an fuinneamh sin. Ach, mar go roinneann crónghiúiseanna ailbíneacha a gcuid rútaí lena máthairphlanda, is uathu a fhaigheann siad a gcuid siúcra agus éiríonn leo fás.[4]
Is iondúil go mbriseann na crainn atá á gcothú an ceangal le codanna den chrann nach bhfuil ag giniúint dóthain siúcra. Ní fios cén fáth nach ndéanann na crainn é seo, agus go nglacann siad leis na crainn ailbíneacha.
An tAinm Eolaíoch
Is luibheolaí ón Ostair, Stephen Endlicher, a thug an t-ainm eolaíoch don chrónghiúis (Sequoia sempervirens), ach cailleadh é go gairid ina dhiaidh sin agus níor fhág sé taifead ar bhrí an ainm. Ceaptar gur in onóir do Sequoyah (c.1770-1843), bundúchasach Seiricíoch agus ileolaí aitheanta a bhunaigh córas scríbhneoireachta do Sheiricis, a ainmníodh an crann seo.[5] Tuigeadh go raibh spéis ag Endlicher i dteangacha, agus luíonn sé le réasún go n-ainmneodh sé an crann sin in ómós do theangeolaí a rinne an oiread do theangacha na Seiricíoch.[6]
Tugadh an chrónghiúis isteach go hEoraip in 1840[2] agus cuireadh í i bpáirceanna, in eastáit, agus i gcrannlanna ó shin i leith. Tá créafóg dhomhain, thais, ag teastáil ón gcrann chun go bhfásfaidh sí go maith.
Tá aeráid na hÉireann in oiriúint don chrónghiúis agus is in oirthuaisceart na tíre is mó atá na crainn seo curtha anseo, cé go bhfuil siad le feiceáil anseo agus ansiúd in áiteanna eile freisin.[7]
1. Johnson, O., Collins tree guide. 2004: HarperCollins Publishers.
2. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.
3. Olson, D., D.F. Roy, and G.A. Walters, Sequoia sempervirens (D. Don) Endl. Redwood. Silvics of North America, 1990. 1: p. 541-551.
4. Pittermann, J., et al., The water relations and xylem attributes of albino redwood shoots (Sequioa sempervirens (D. Don.) Endl.). PLoS One, 2018. 13(3): p. e0191836.
5. Lowe, G., Endlicher’s sequence: the naming of the genus Sequoia. Fremontia, 2012. 40(I-2): p. 25-35.
6. Hartesveldt, R.J., et al., The giant sequoia of the Sierra Nevada. The giant sequoia of the Sierra Nevada., 1975.
7. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
Tuilleadh Íomhánna



