An tSaileach Rua
Salix cinerea oleifolia

Tá an tsaileach rua ar cheann de na saileacha is fairsinge in Éirinn. Is fospeiceas í an tsaileach seo den tsaileach liath (Salix cinerea) agus faigheann sí an t-ainm “rua” mar go dtagann ribí beaga gruaige ar thaobh íochtarach na nduilleog ag deireadh an tsamhraidh. Bíonn stríoca beaga le feiceáil ar ghéag na sailí nuair a bhaintear an choirt di—is bealach é seo chun idirdhealú a dhéanamh idir í agus an tsailchearnach (Salix caprea), saileach choitianta eile. Is iondúil go bhfásann an tsaileach rua i ngnáthóga fliucha, ach feictear í freisin ag fás ar thalamh thréigthe agus i bhfálta sceach. Is iomaí feithid a bhíonn ag brath ar an gcrann seo.

Ainmneacha Eile: Sail Liath, Saileach Liath, Saileach Choiteann
Béarla: Rusty Sallow, Grey Willow, Large Grey Willow, Common Sallow, Pussy Willow, Sally, Grey Sallow, Grey-leaved Sallow
Saileacha Rua agus Liatha
Tá an tsaileach Salix cinerea ar cheann de na sailí is coitianta in Éirinn. Aithnítear go bhfuil dhá fhospeiceas de Salix cinerea ann: an tsaileach rua (Salix cinerea fosp. oleifolia) agus an tsaileach liath (Salix cinerea fosp. cinerea). Glaoitear Salix atrocinerea ar an tsaileach rua freisin.
Is in iarthar na hEorpa, ón Spáinn go dtí an Fhrainc agus suas go dtí an Bhreatain agus Éirinn, a fhásann an tsaileach rua.[1] Is in oirthear, i dtuaisceart, i lár na hEorpa, agus isteach go hoirthear Shasana a fhásann an tsaileach liath go dúchasach. Tá an dá speiceas den tsaileach seo ionrach san Astráil, sa Nua-Shéalainn, agus i Meiriceá Thuaidh.[2]
Tá an tsaileach rua forleathan agus an-choitianta in Éirinn. Fásann an tsaileach liath in oirthuaisceart an oileáin den chuid is mó.[3] Tá difríochtaí beaga idir an dá chineál le feiceáil sna duilleoga agus sna géaga, ach seachas sin tá an dá chineál crann an-chosúil lena chéile.
Cuma na Sailí

Is sceacha nó crainn bheaga ghéagacha iad na saileacha seo. Mar phlanda bruachánach, fásann an tsaileach rua i gcoillte fliucha, in aice le sruthchúrsaí, i riasca, agus i bhfálta sceach. Scaipeann sí go tapa agus ní thógann sé i bhfad uirthi seilbh a ghlacadh ar thalamh thréigthe.
Bíonn dath liathdhonn ar an gcoirt agus, ar nós an tsailchearnaigh (Salix caprea), tagann pátrún de dhiamaintí air nuair a scoilteann sí le haois. Nuair a bhaintear an choirt den tsaileach rua nó den tsaileach liath feictear stríoca ar dhromchla nochtaithe na ngéag. Ní bhíonn na stríoca seo le feiceáil sa tsailchearnach, crann atá an-chosúil leis an tsaileach rua agus an tsaileach liath, seachas sin.[4]
Bíonn dath donn nó deargdhonn ar ghéaga óga an chrainn. Bíonn na géaga clúmhach ar an tsaileach rua ag tús an tséasúir fáis, ach cailleann siad na ribí gruaige seo níos déanaí sa séasúr. Coinníonn an tsaileach liath na ribí gruaige ar an ngéag isteach sa dara bliain fáis.
Duilleoga na Sailí

Is minic go mbíonn cruth spúnógach ar dhuilleoga na sailí seo, cé go mbíonn siad athraitheach,[5] agus uaireanta bíonn siad ubhach nó lansach freisin. Ní bhíonn mórán de bhior ar na duilleoga.
Is dath glas neamhlonrach a bhíonn ar thaobh uachtarach na nduilleog ar na tsaileach rua. Bíonn an taobh uachtarach beagáinín clúmhach ach ní bhíonn sé rocach. Bíonn an taobh íochtarach gormghlas agus beagáinín clúmhach.
Tagann ribí gruaige rua ar an taobh íochtarach freisin, ribí a bhíonn feiceálach ag deireadh an tsamhraidh. Is ón tréith seo a fhaigheann an tsaileach rua a ainm. Titeann na stípeoga luath sa tréimhse fáis.[4]
Bíonn na duilleoga aibí ar an tsaileach liath níos neamhlonraí agus níos clúmhaí (ar an dá thaobh) ná na duilleoga ar an tsaileach rua. Bíonn na stípeoga níos mó ar an tsaileach liath freisin, agus fanann siad ar an ngéag níos faide ná an saileach rua.[4]
Bíonn scáil liath ar dhuilleoga an dá fhospeiceas, agus is uaidh sin a thagann cinerea, a chiallaíonn luaith, san ainm eolaíoch.
Bláthanna agus Síolta

Tagann na caitíní luath san earrach, sula dtagann na duilleoga, ar an dá fhospeiceas. Bíonn na caitíní fireanna liath, ubhchruthach, agus ceartseasmhach ar an ngéag. Bíonn bior dubh ar scálaí na gcaitíní agus ní bhíonn gas idir iad agus an ghéag. Is dath glas a bhíonn ar na caitíní baineanna.
Pailníonn an ghaoth agus feithidí na caitíní baineanna agus, de réir a chéile, forbraítear síolta clúmhacha orthu go dtí go scaoiltear iad i mí na Bealtaine.[5]
Úsáid na Sailí Rua

Tá sé léirithe go bhfuil an tsaileach rua in ann miotail throma ar nós arsanaic (As) a shú ón gcréafóg isteach ina chuid fréamhacha agus duilleoga.[6] Táthar ag ceapadh go mbeidh ról ag an gcrann i bhfítileasúchán—ag glanadh talamh atá truaillithe le ceimiceáin dhíobhálacha.
Tagairtí
1. Kelly, D.L., Salix cinerea L. Subspecies Cinerea in Ireland, and Some Other New Records in Salix Subgenus Vetrix. The Irish Naturalists’ Journal, 1985. 21(9): p. 412-414.
2. Hopley, T. and A.G. Young, Knowledge of the reproductive ecology of the invasive Salix cinerea, in its invaded range, assists in more targeted management strategies. Australian Journal of Botany, 2015. 63(6): p. 477-483.
3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
4. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
5. Rose, F., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. 2006: Frederick Warne.
6. Navazas, A., et al., Integrative response of arsenic uptake, speciation and detoxification by Salix atrocinerea. Science of The Total Environment, 2019. 689: p. 422-433.




