An tSaileach Bhán
Salix alba

Is í an tsaileach bhán an tsaileach (crann sa ngéineas Salix) is mó. Cé nach crann dúchasach í in Éirinn, tá sé ag fás go fiáin ar an oileán. Is crann bruachánach í a fhásann, go hiondúil, in aice le huisce (aibhneacha, srutháin, agus canálacha) ach feictear freisin í i dtimpeallachtaí rudaracha cosúil le ráillí traenach agus talamh thréigthe. Bíonn duilleoga fada, lansacha aici. Is as an tsaileach bhán a dhéantar an slacán cruicéid, chomh maith le huirlisí cistine agus canúnna. D’úsáidtí an crann chun pian a mhaolú freisin, mar gur inti atá an ceimiceán salicin.

Ainmneacha Eile: An tSaileach Gheal
Béarla: White Willow
Dáileadh Tíreolaíochta na Sailí
Tá an tsaileach bhán ar an sail (crann sa ngéineas Salix) is mó agus is airde—fásann sí chomh hard le 25 m. Cé go bhfuil fairsinge leathan thíreolaíochta ag réimse dúchais an chrainn seo, ón Phortaingéil san iarthar, trasna na hEorpa agus na Rúise go dtí an tSín.[1] Níl sí dúchasach in Éirinn. Ceaptar gur núíosach í an tsaileach bhán in Éirinn—is é sin, gur tháinig an crann ar an oileán tar éis 1550 AD.[2]
Duilleoga an Chrainn

Bíonn dath glas nó buíghlas ar na bachlóga clúmhacha. Bíonn dath liathghlas ar na duilleoga lansacha, a bhíonn clúdaithe le ribí gruaige bána, go háirithe ar an taobh íochtarach den dhuilleog. Tugann na ribí gruaige seo cuma gheal nó bhán do na duilleoga (is mar gheall air seo a ghlaoitear an tsaileach bhán uirthi). Bíonn imeall na duilleoige fiaclach.[3]
Bláthanna agus Torthaí an Chrainn
Cosúil leis na saileacha go léir, is crann dé-éiciach í an tsaileach bhán. Bíonn na caitíní fireanna caol, fada (suas le 5 cm), sorcóireach, agus dath buí orthu. Bíonn na caitíní baineanna níos giorra agus buíghlas.
Tagann na caitíní agus na duilleoga ar an gcrann ag an am céanna (Aibreán agus Bealtaine). Pailníonn feithidí na caitíní baineanna, agus scaipeann an ghaoth na síolta.
Gnáthóga an Chrainn

Is crann bruachánach í an tsaileach bhán a fhásann, go hiondúil, in aice le huisce. Fásann sí in aice le haibhneacha, srutháin, agus canálacha, ach feictear freisin í i dtimpeallachtaí rudaracha amhail ráillí traenach agus talamh thréigthe.
Tá sí in ann fás i gcineálacha éagsúla créafóige, ach is compordaí atá sí in ithir thais, shaibhir, alcaileach. Bíonn solas ag teastáil uaithi agus níl sí in ann scáth a sheasamh.[1]
Is fairsinge atá an crann seo ag fás go fiáine in oirthear agus i lár na tíre ná san iarthar. Cuirtear an tsaileach bhán i bpáirceanna agus i ngairdíní freisin.[2]
Tá cineálacha éagsúla de Salix alba saothraithe a bhfuil gasanna de dhathanna éagsúla acu.[1]
Úsáid na Sailí

D’úsáidtí an crann seo ar fud na hEorpa, ar feadh na gcéadta bliain, chun pian a mhaolú, mar gheall ar an salicin atá ann.[4]
Bhaintí úsáid as coirt an chrainn i gceird na súdaireachta freisin, agus dhéantaí fioghual as adhmad an chrainn, chomh maith.
Is as an gcineál saileach Salix alba var. caerulea a dhéantar an slacán cruicéid, chomh maith le huirlisí cistine agus canúnna.
An tSaileach Bhriosc
Go dtí le gairid, aithníodh an tsaileach bhriosc (Salix x fragilis) mar speiceas inti féin. Tugtar an tsaileach bhriosc ar an tsail seo mar go bhfuil sé éasca na géaga a bhriseadh den chrann.
Ach aithnítear anois gur hibrid í idir an tsaileach bhán agus Salix euxina, crann as an Tuirc agus na Sléibhte Chugais[5] agus atá ag fás i dtuaisceart agus i ndeisceart na tíre seo. (Cé nach ar aon intinn atá luibheolaithe faoin gceist seo, rud a léiríonn cé chomh casta agus atá sé saileacha difriúla a rangú.[6])
Is cosúil leis an tsaileach bhán atá an tsaileach bhriosc, cé go bhfuil an tsaileach bhán níos mó, agus ní bhriseann na géaga chomh héasca sin.
Tagairtí
1. Durrant, T.H., D. de Rigo, and G. Caudullo, Salix alba in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European Atlas of Forest Tree Species; San-Miguel-Ayanz, J., de Rigo, D., Caudullo, G., Houston Durrant, T., Mauri, A., Eds, 2016: p. e01153e.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. Rose, F., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. 2006: Frederick Warne.
4. Harbourne, N., et al., Effect of drying methods on the phenolic constituents of meadowsweet (Filipendula ulmaria) and willow (Salix alba). LWT – Food Science and Technology, 2009. 42(9): p. 1468-1473.
5. Belyaeva, I., Nomenclature of Salix fragilis L. and a New Species, S. euxina (Salicaceae). Taxon, 2009. 58(4): p. 1344-1348.
6. Marchenko, А.M. and Y.A. Kuzovkina, Notes on the nomenclature and taxonomy of Salix fragilis (Salicaceae). Taxon, 2022. 71(4): p. 721-732.
Tuilleadh Íomhánna





