An Fheirdhris
Rosa canina

Tá an fheirdhris ar an rós is coitianta in Éirinn. Is planda féitheach é an rós seo a úsáideann plandaí eile mar thacaí le gur féidir leis fás i dtreo an tsolais. Is iondúil gur bláthanna bána nó bándearga agus torthaí (mogóirí) dearga a bhíonn ar an bhfeirdhris. Ní mhaireann na seipil ar na torthaí aibí. Bíonn sé deacair an rós seo a aithint mar hibridíonn sé le rósanna eile.

Béarla: Dog-rose, Dog berry, Witches’ briar
Cur Síos ar an Rós
Is sceach dhuillsilteach, dhúchasach í an fheirdhris atá coitianta ar fud na hÉireann. Bíonn sé deacair an fheirdhris a aithint mar gheall go hibridíonn an speiceas seo le go leor speiceas eile de rós.[1]
Is planda féitheach (féith) í an fheirdhris a bhaineann úsáid as plandaí eile le tacaíocht a thabhairt di agus í ag fás. Is chuige sin iad na gais fhada a bhíonn ag áirsiú amach ón sceach, agus na deilgní géara cuartha chun greim a fháil ar dhriseacha agus plandaí.[2] Fásann sé go 3 m nó mar sin.
Bíonn idir 2-3 duillín ar gach duilleog chleiteach. Tagann na bláthanna bána nó bándearga amach idir Meitheamh agus Lúnasa. Cosúil le gach rós, is mogóirí dearga iad na torthaí. Bíonn síolta beaga clúmhacha taobh istigh dóibh. Ní mhaireann na seipil ar na torthaí aibí.

Fásann an fheirdhris i raon leathan coinníollacha agus gnáthóga—ar thalamh thréigthe, i scrobarnach, i bhfálta sceach, ar imill choillte agus go leor suíomhanna eile atá tais ach draenáilte go maith. Cuirtear mar phlanda ornáide é agus is minic go bhfaightear mar phlanda éalaitheach é, freisin.[3]
An Géineas Rosa in Éirinn
Tá os cionn 300 speiceas de rósanna (Rosa spp.) ag fás ar fud an leathsféir thuaidh agus tá na mílte saothróga (rósanna gairdín) éagsúla ann. Tá tuairim is 10 speiceas de rós dúchasach in Éirinn,[2] ach is iomaí hibrid eile atá ag fás ar an oileán, chomh maith le speicis neamhdhúchasacha a d’éalaigh ó ghairdíní agus ó pháirceanna poiblí.
Is í an fheirdhris (Rosa canina) an rós is fairsinge in Éirinn. I measc na rósanna eile atá fairsing in Éirinn, tá rós Shioraird (Rosa sherardii), an briúlán (Rosa spinosissima) agus an dris chumhra (Rosa rubiginosa). Tá cineálacha eile ann, cosúil leis an dris chumhra gheal (Rosa agrestis), an rós bog (Rosa mollis), nach bhfuil le feiceáil ach i réigiúin ar leith in Éirinn. Tá rósanna dúchasacha eile, cosúil le Rosa caesia, annamh in Éirinn.[3]
Rósanna sa tSochaí
Tá ról lárnach ag rósanna i gcultúir éagsúla ar fud an domhain. B’fhéidir go bhfuil sé seo amhlaidh mar go bhfuil réimse dúchais an róis, a chuimsíonn Meiriceá Thuaidh, an Eoraip, an Áis agus tuaisceart na hAfraice, chomh leathan sin. Tá cáil ar an rós mar shiombail den ghrá ó aimsir na nGréagach. Freisin, tá iliomad tagairtí don phlanda i litríocht agus i miotaseolaíocht na dtíortha sin ina bhfuil an rós flúirseach.[4, 5]
Inniu, tá úsáid ag daoine ar fud an domhain do gach cuid de phlanda an róis. Is tráchtearra tábhachtach iad na bláthanna féin, ach baintear úsáid as na peitil, na duilleoga, na mogóirí (torthaí) agus fiú na rútaí, chun bia, deochanna, cógais leighis, agus cumhráin agus cosmaidí eile a dhéanamh.
Tá an-tóir ar thorthaí an róis ar fud na hEorpa agus na hÁise. Tá níos mó vitimín C iontu ná mar atá i dtorthaí fhormhór na bplandaí eile sa bhfine Rosaceae.[6] Thugtaí síoróip mogóirí do ghasúir na hÉireann le linn an Dara Cogadh Domhanda nuair nach raibh citris ar fáil, agus ina dhiaidh sin mar fhorbhia vitimín C.[7]
Itear anraith mogóirí sa tSualainn agus sa nGearmáin. Itear subh mogóirí sa Pholainn. Déantar branda astu san Ungáir, tae sa mBreatain, marmaláid sa Tuirc. Úsáidtear san Iaráin iad mar chógas luibhe do shlaghdán, iatacht agus breoiteachtaí gastracha. Sa tSín, tógtar mogóirí mar chóir leighis don bhfliú, at agus airtríteas. Déantar maothlach craicinn as ola na mogóirí sa tSín, freisin.[6]
Níor mhór na mogóirí a scagadh go cúramach chun na síolta clúmhacha a ghearradh amach. Déantar púdar tochais as na síolta céanna, mar go gcuireann na ribí gruaige as go mór don chraiceann.
Tá na peitil inite freisin. Is féidir iad a úsáid i sailéid, i gcácaí agus i milseoga. Úsáidtear rósuisce, déanta as peitil dhriogtha, mar bhlasóir i ndeochanna éagsúla. Déantar cumhráin as bláthanna an róis, freisin.
Tagairtí
1. Bakker, P., et al., Dog-roses (Rosa sect. Caninae): towards a consensus taxonomy. British & Irish Botany, 2019. 1(1): p. 7-19.
2. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
4. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
5. Mac Coitir, N., Ireland’s Wild Plants–Myths, Legends & Folklore. 2017: Gill & Macmillan Ltd.
6. Patel, S., Rose hip as an underutilized functional food: Evidence-based review. Trends in Food Science & Technology, 2017. 63: p. 29-38.
7. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
Tuilleadh Íomhánna


