An Dair Ghaelach
Quercus petraea

Duilleog: Maothánach
Airde: 37m
Dath an Bhlátha: Glas
Tréimhse faoi Bhláth: Bealtaine
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Meán Fómhair, Deireadh Fómhair, Samhain
Géineas: Quercus
Fine: Fagaceae

Tá an dair ghaelach ar cheann de dhá dhair dhúchasach in Éirinn (is í an dair ghallda an ceann eile). Tá sé éasca na daracha dúchasacha a aithint mar gheall ar chruth uathúil na nduilleog. Cé go bhfuil an dá dhair chosúil le chéile, tá difríochtaí eatarthu le feiceáil i gcruth na nduilleog (bíonn gas fada ar an dair ghaelach) agus sna dearcáin (ní bhíonn gas ar an dair ghaelach). Tá an dair ghaelach níos coitianta ar thalamh bocht, clochach, aigéadach an iarthair ná mar atá an dair ghallda, a fhásann níos fearr ar thalamh domhain, tais. Tráth den saol, bhí an dá chineál dair i measc na gcrann ba líonmhaire agus ba luachmhaire in Éirinn. Úsáideadh í i gceird na súdaireachta, na tógála, agus na cúpéireachta, chomh maith le déantúsaíocht troscáin, mar fhioghual, agus mar bhreosla ginearálta. Ba é an ró-éileamh ar dharacha na hÉireann ba chúis leis an meath a tháinig ar an dair le roinnt céadta bliain anuas. Tacaíonn an dair le raon leathan feithidí, mamaigh, éin agus fungas.

Ainmneacha Eile: Dair Neamhghasánach

Ainm Béarla: Sessile Oak, Irish Oak, Cornish Oak

An Dair Ghaelach (agus an Dair Ghallda)
Aois agus Airde
Quercus x rosacea
Éiceolaíocht na Darach
Ainmhithe agus Feithidí
An Dair in Éirinn
Tagairtí

Tuilleadh Íomhánna