An Dair Thoilm
Quercus ilex

Duilleog: Deilgneach, Ubhach
Airde: 28m
Dath an Bhlátha: Glas
Tréimhse faoi Bhláth: Aibreán
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Meán Fómhair, Deireadh Fómhair, Samhain
Géineas: Quercus
Fine: Fagaceae

Tá an crann mór, síorghlas seo sa ngéineas céanna leis na daracha dúchasacha. Bíonn duilleoga deilgneacha, cosúil le duilleoga an chuilinn, ar an dair thoilm. Is é ceantar na Meánmhara a cheantar dúchais, agus cuirtear in Éirinn é mar chrann ornáide. Is minic a chuirtear i gcathracha é mar go bhfuil an crann seo go maith in ann ag scáth agus truailliú.

Cuirtear an dair thoilm mar chrann ornáideach go minic. Is i gCill Airne atá an ceann seo ag fás.

Ainmneacha eile: Crann tuilm,[1] dair tuilm, dair shíor-uaine[2]

Béarla: Holm Oak, Evergreen oak

Réamhrá
Cuma an Chrainn
Duilleoga, Bláthanna, agus Torthaí
An Dair Thoilm sa tSochaí
Tagairtí

Tuilleadh Íomhánna