An Draighean
Prunus spinosa

Fásann an draighean, ceann de na sceacha is fairsinge in Éirinn, i bhfálta sceach, ar thalamh crochta, agus ar an gcósta, áit a dhéanann sé sceach íseal, sínte a bhíonn múnlaithe ag gaoth na farraige. Ní minic a fheictear sceach amháin de draighean ag fás leis fhéin mar go gcuireann sé meatháin aníos óna chuid rútaí as a bhfásann plandaí nua. Tagann na bláthanna bána air an earrach, roimh na duilleoga (bláthaíonn an sceach gheal tar éis oscailt na nduilleog). Is caora gorma, searbha iad na hairní, toradh an draighin. De réir an tseanchais, thug maide draighin cosaint ó olc.

Ainmneacha Eile: An Draighean Donn; An Draighean Dubh; An Draighneán; An Draighneán Donn
Béarla: Blackthorn
Dáileadh agus Gnáthóga na Sceiche

Fásann an draighean ar fud na hEorpa, ó Leithinis na hIbéire go dtí an Chríoch Lochlann, agus soir go dtí an Tuirc agus réigiún an Chugais. Fásann sé i dtuaisceart na hAfraice, freisin. Tá sé nádúraithe i Meiriceá Thuaidh agus sa Nua-Shéalainn.[1]
Dár ndóigh, tá an sceach dhúchasach seo le feiceáil ar fud na hÉireann.[2] Fásann an draighean ar thalamh oscailte—bíodh sin imeall choillte, nó ar fhánaí sléibhte agus ailteanna. Tá an sceach compordach ar thalamh féarach íseal, nó ar thalamh bhocht, chrochta. Ar thalamh saibhir, is minic nach sceacha buana iad sceacha draighin; ina ionad sin, is fásra tánaisteach iad a fhásann i ngnáthóga atá ag athrú ó thalamh feirmeoireachta go coillte.[3]
Go minic is é an draighean an sceach is coitianta i bhfálta sceach a bhíonn timpeall ar gharrantaí. Fásann sé gar don chósta freisin, go háirithe ar chósta duirlinge, áit a dhéanann sé sceach íseal, sínte a bhíonn múnlaithe ag gaoth sáile na farraige.
Bíonn silíní, rósanna, driseacha, sceacha geala, agus feorais i measc na gcrann agus sceacha eile a fheictear ag fás in éineacht leis an draighean.[1]
Cuma na Sceiche

Is sceach dheilgneach, dhlúth, dhuillsilteach é an draighean a fhásann, go hiondúil, go 1-5 m ar airde, ach tá sí in ann 7m ar airde a bhaint amach.[4] Maireann sé ar feadh thart ar 100 bliain, ach cuireann sé meatháin aníos go minic as a bhfásann plandaí nua. Chuige sin, is minic go mbíonn clampaí móra den draighean ag fás le chéile.
Bíonn cuma dhlúth, sceachach ar an draighean mar go bhfásann sé géaga amach ar gach taobh den phlanda. Athraíonn géaga tánaisteacha go deilgní géara. Bíonn na deilgní seo cuid mhaith níos faide ná deilgní na sceiche gile, agus fásann bachlóga duilleoige orthu (bíonn na deilgní a bhíonn ar an sceach gheal nocht).

Bíonn dath liath dorcha, beagnach dubh ar choirt an draighin,[5] agus is as an cuma dhorcha sin sa ngeimhreadh a d’eascair an t-ainm Béarla blackthorn. Bíonn an choirt tanaí freisin, agus bíonn dath oráiste le feiceáil ar an gcoirt istigh nuair a scamhann sé.
Duilleoga, Bláthanna, agus Torthaí

Bíonn na bachlóga sféaracha deargdhonn agus go hiondúil bíonn siad clúmhach. Is iondúil gur cruth ubhach nó éilipseach a bhíonn ar na duilleoga, a fhásann go hailtéarnach ar an ngéag. Bíonn na himill fiaclach. Bíonn taobh uachtarach na duilleoige neamhchlúmhach, agus bíonn an taobh íochtarach clúmhach.[1]

Tagann na bláthanna bána (dath an uachtair a bhíonn ar bhláthanna na sceiche gile) amach ar an draighean luath san earrach, sula n-osclaíonn na duilleoga (tagann na bláthanna ar an sceach gheal tar éis do na duilleoga oscailt).

Is bláthanna heirmeafraidíteacha a bhíonn ar an draighean (bíonn codanna baineanna agus fireanna ar an mbláth céanna). Pailníonn feithidí na bláthanna agus is caora beaga sféaracha iad torthaí an draighin. Tugtar airní orthu agus athraíonn siad ó ghlas go gorm nó corcra de réir mar a aibíonn siad. Bíonn siad aibí i mí Dheireadh Fómhair, ach bíonn siad an-searbh mar sin fhéin. Is minic go bhfanann siad ar an sceach i gcaitheamh an gheimhridh. Is minic go mbíonn na hairní aibí clúdaithe le giosta bán freisin.

Is cuid lárnach d’éiceachóras na hÉireann é an draighean. Cuireann na bláthanna pailin agus neachtar ar fáil luath sa mbliain, nuair nach mbíonn mórán plandaí eile ag bláthú. Itheann bratóga leamhain na duilleoga. Itheann éin na hairní, agus déanann siad neadacha i measc na ngéag dhlútha.
An Draighean sa tSochaí
Úsáid an Draighin
Tá adhmad crua agus inmharthana ag an draighean. Bíonn dath geal air, cé is moite den chroí-adhmad, a bhíonn donn. Dhéantaí maidí siúil leis, chomh maith le bataí, san am atá caite. D’úsáidtí an t-adhmad crua chun páirteanna a dhéanamh d’innealra, freisin. Dónn sé go maith—aimsíodh fioghuail na sceiche a thug le fios gur breosla tine a bhí ann dóibh siúd a mhair ar an oileán sa Chré-umhaois.[6]
Torthaí an Draighin
Dhéantaí tae, síoróip agus sú as na peitil agus thógtaí é mar chógas leighis do bhuinneach, ainéime, agus breoiteachtaí eile. [1] Chaití duilleoga triomaithe an draighin in ionad tobac i gContae Cheatharlach. Thugtaí Irish Tea air.[7]
Is iad torthaí an draighin na codanna is úsáidí inniu. Cé go bhfuil na hairní an-shearbh, is féidir iad a ithe, agus déantar fíon, subh agus táirgí eile astu Déantar gin as airní an draighin, freisin. Is cuid thábhachtach den phróiseas coipthe é an giosta bán (Saccharomyces paradoxum), a fhásann ar chraiceann an toraidh nuair a bhíonn sé aibí.[3]
Tá an draighean ar cheann de shinsir an phluma milis, a tháinig ón gcrann Prunus cerasifera, atá dúchasach in oirdheisceart na hEorpa.[1] Tá tagairt do ‘airní cumhra’ (seachas ‘airní fiáine’) i dtéacsanna ón 9ú haois, a thugann le fios go mb’fhéidir go raibh plumaí in Éirinn ag an am, cé nach bhfuil aon fhianaise eile ann go raibh a leithéid in Éirinn chomh luath sin.[8]
Béaloideas
Is as adhmad an draighin a dhéantaí maidí siúil (an tsail éille a thugtaí uirthi, cé nárbh as an tsaileach (Salix spp.) a bhí siad déanta go minic). Dhéantaí bataí den draighean (b’fhéidir nach raibh mórán de dhifríocht idir an maide siúil agus an bata), agus d’úsáidtí iad le linn faicseanaíochta.[7] Chlúdaítí le im iad agus chuirtí sa simléir iad le go dtiocfadh an dath dubh orthu.[9]
Deirtí go dtabharfadh siad cosaint in aghaidh an oilc. Sheachnódh na daoine maithe an duine le maide draighin ina lámh acu. [10] Ach, cosúil le crainn dhúchasacha eile, d’fhéadfadh an draighean maitheas nó olc a dhéanamh.[3] Mar aon leis an sceach gheal, níor chóir craobh draighin atá faoi bhláth a thabhairt isteach faoi dhíon an tí i Sasana.[7]
De réir Bhailiúchán na Scol, is leigheas é teanga an mhadra rua—an raithneach Asplenium scolopendrium, ar a dtugtar creamh na muice fia air freisin—ar phriocadh ó dhealg draighin. (Nó b’fhéidir gur tagairt é do theanga ó mhadra rua).475:58
De réir taifid eile, beidh turas slán go Meiriceá ag an té a thabharfar leo dealg ó dhraighean atá ag fás in aice le tobar beannaithe i dTulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe.64:27
Dár ndóigh, baineann an scéal faoi choróin dheilgneach Íosa Críost leis an draighean, chomh maith le formhór na bplandaí deilgneacha eile atá in Éirinn:
Tá mallacht ar an draighean dubh de bhríg gurb táirgní as an draigheann dubh a cuireadh tré lámha agus cosa Íosa.
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0616, Leathanach 091
Tagairtí
1. Popescu, I. and G. Caudullo, Prunus spinosa in Europe: distribution, habitat, usage and threats. U: European Atlas of Forest Tree Species,(San-Miguel-Ayanz, J., de Rigo, D., Caudullo, G., Houston Durrant, T., Mauri, A. ured.), Luxembourg, str, 2016. 145.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
4. Stokes, J., Trees of Britain and Ireland. 2025: Princeton University Press.
5. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
6. O’Donnell, L., Woodland dynamics and use during the Bronze Age: New evidence from Irish archaeological charcoal. The Holocene, 2017. 27(8): p. 1078-1091.
7. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
8. Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.
9. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
10. Mac Coitir, N., Ireland’s Trees–Myths, Legends & Folklore. 2016: Gill & Macmillan Ltd.
Tuilleadh Íomhánna








