An Labhras Silíní
Prunus laurocerasus

Duilleog: Dronuilleogach
Airde: 10m
Dath an Bhlátha: Bán
Tréimhse faoi Bhláth: Aibreán, Bealtaine, Meitheamh
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Lúnasa, Meán Fómhair, Deireadh Fómhair
Géineas: Prunus
Fine: Rosaceae

Is sceach mhór shíorghlas í an labhras silíní. Tugadh isteach go hÉirinn í agus tá sí ag fás fiáin ar fud na tíre. Bíonn na duilleoga dronuilleogacha dúghlasa lonrach agus fiaclach. Bíonn raicéimí de bhláthanna bána uirthi sa samhradh, agus caora beaga dubha sa bhfómhar. Scaipeann éin na síolta go forleathan. Cé gur cuireadh an labhras silíní mar sceach ornáideach (agus cuirtear fós), is planda ionrach í agus is bagairt mhór í don bhithéagsúlacht áitiúil. Ní fhásfaidh plandaí dúchasacha faoi scáth an duilliúir agus is féidir leis an sceach seo damáiste mór a dhéanamh do choillte dúchasacha.

Béarla: Cherry Laurel

Tuilleadh Íomhánna