An Crann Silíní Fiáin
Prunus avium

Is crann meánmhéide agus gearrshaolach é an crann silíní fiáin. Tá an silín duillsilteach, dúchasach seo le fáil ag fás ar imill choillte agus i bhfálta sceach ar fud na tíre, cé is moite d’iarthar na hÉireann. Bíonn bláthanna bána air sa samhradh agus silíní beaga dearga ina dhiaidh sin sa bhfómhar. Bíonn lonta dubha agus smólaigh sa tóir ar na torthaí agus is ar an gcaoi seo a scaiptear na síolta. Cé nach mbíonn siad chomh feolmhar le silíní saothraithe, tá na silíní inite.

Béarla: Wild Cherry, Gean
Dáileadh an Chrainn
Fásann an crann silíní fiáin ar fud réigiún mheasartha na hEorpa, iarthar na hÁise, agus tuaisceart na hAfraice.[1] Tá an silín dúchasach seo ag fás ar fud na hÉireann, freisin, ach is fairsingí atá sé in oirthear na tíre, agus níl sé chomh coitianta san iarthar.[2]
Is crann é a thaitníonn go leor solais leis. Is ar thalamh íseal a fhásann sé—bíonn rútaí éadomhain aige agus is furasta é a leagan ar shuíomhanna arda, oscailte.[3] Feictear go minic i bhfálta sceach é agus ar imeall choillte duillsilteacha.
Cuma an Chrainn
Is crann meánmhéide é an crann silíní fiáin. Cé go bhfuil sé in ann 30 m ar airde a bhaint amach, bíonn formhór na gcrann idir 15-20 m ar airde.[4] Fásann sé go sciobtha ach ní crann fadsaolach é—maireann sé idir 100-150 bliain.
Bíonn coirt liathchorcra nó liathdhonn an chrainn mín, le línte cothrománacha ag rith trasna an stoic. Scamhann an choirt thanaí de réir mar a éiríonn an crann níos sine.
Duilleoga, Bláthanna, agus Torthaí
Duilleoga

Is duilleoga éilipseacha a bhíonn ar an gcrann silíní fiáin, le himill fhiaclacha orthu. Bíonn dhá fhaireog dhearg ar an dá thaobh de ghas na duilleoige. Bíonn dath glas geal ar na duilleoga nuair a osclaíonn siad, ach athraíonn an dath go glas dorcha níos déanaí sa samhradh. Athraíonn na duilleoga arís go buí, oráiste nó dearg sula dtiteann siad sa bhfómhar. Bíonn taobh uachtarach na nduilleog neamhchlúmhach, agus bíonn ribí beaga gruaige ar an taobh íochtarach.[5]
Bláthanna
Ní thagann bláthanna ar an gcrann silíní fiáine go mbíonn sé 10-15 bliain d’aois. Osclaíonn na bláthanna heirmeafraidíteacha (bíonn codanna fireanna agus baineanna ar an mbláth céanna) i mí Aibreán.
Bíonn a ngas féin ag gach bláth agus fásann siad i mbraislí de 2-5. [1] Mar chomparáid, is ar raicéimí fada a bhíonn na bláthanna ar an donnroisc (Prunus padus), crann a bhreathnaíonn cosúil leis an crann silíní fiáin.
Pailníonn meachain na bláthanna. Ní bhíonn boladh láidir géar ó na bláthanna seo mar a bhíonn ó bhláthanna an donnroisc.[3]
Torthaí an chrainn silíní fhiáin
Is silíní beaga dearga iad na torthaí a bhíonn aibí ag deireadh an tsamhraidh.[6] Cé nach mbíonn siad chomh feolmhar le silíní saothraithe, tá na torthaí inite.
Itheann éin (lonta dubha agus smólaigh), chomh maith le mamaigh éagsúla, na silíní. Scaiptear na síolta go forleathan mar nach ndíleánn éin iad.[1]
Tá bealaí eile ag an crann seo le hiomadú. Cuireann an crann silíní fiáin meatháin aníos ó rútaí faoi thalamh, freisin, as a bhfásann crainn nua.
Úsáid an Chrainn
Bhíodh daoine ag saothrú torthaí ó chrainn sa ngéineas Prunus roimh aon chrann torthaí eile, seachas úlla.[3] Bhí sé amhlaidh in Éirinn. Bhíodh daoine ag ithe silíní fiáine in Éirinn ar feadh na mílte bliain aimsíodh clocha silíní atá idir 2,500 agus 1,200 bliain d’aois ar shuíomh crannóige i gContae Uíbh Fhailí[5]—agus tá an crann á shaothrú anois ar fud an domhain.
Ceaptar gurb é an crann silíní fiáin an crann idath agus fidath, a luadh i measc ghnáth-chrainn na coille (aithig fedo) sa bhFéineachas.[7] Amhail ainmneacha crainn dhúchasacha eile, bhíodh idath agus fidath mar chéadainmneacha fadó.[8]
Ní bhaintí mórán leasa as mar chógas leighis in Éirinn,[4] cé go n-úsáidtí géaga silíní chun breoiteachtaí lamhnáin a leigheas i Sasana, agus ba bhealach maith chun gúta a sheachaint silíní a ithe gach lá.[9] Dhéantaí ruaim dhonn ó choirt an chrainn, freisin.[4]
Tá an crann silíní fiáin ar cheann de na crainn chrua-adhmaid is luachmhara, ó thaobh adhmaid an chrainn de, ar domhan. Úsáidtear an t-adhmad crua, dlúth i bpainéaladh, in veinírí, in urláir iontlaise, i ndéantúsaíocht caibinéad, agus chun uirlisí fuaime a dhéanamh.[1] Is as crann silíní go minic a dhéantaí (agus a dhéantar) píopaí tobac.
Amhail go leor speiceas de shilíní eile, cuirtear an crann silíní fiáin i ngairdíní agus páirceanna mar chrann ornáideach a mheallann go leor cineálacha éin.
Tagairí
1. Welk, E., D. De Rigo, and G. Caudullo, Prunus avium in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European Atlas of Forest Tree Species. Publ. Off. EU, Luxembourg, 2016. 3: p. 140-141.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
4. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
5. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
6. Houston Durrant, T. and G. Caudullo, Prunus padus in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European atlas of forest tree species, 2016: p. 144.
7. Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.
8. Mac Coitir, N., Ireland’s Trees–Myths, Legends & Folklore. 2016: Gill & Macmillan Ltd.
9. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
Tuilleadh Íomhánna




