An Phoibleog Liath
Populus x canescens

Míonna na mBláthánna agus na dTorthaí
Airde: 30m
Dath an Bhlátha: Corcra
Pailniú: Gaoth
Scaipeadh Síolta: Gaoth

Is crann mór, ard, duillsilteach í an phoibleog liath. Is hibrid í idir an phoibleog gheal (Populus alba) agus an crann creathach (Populus tremula). Breathnaíonn sí níos cosúla leis an gcrann creathach ná an phoibleog gheal. Cosúil leis an bpoibleog gheal, bíonn codanna den chrann, go háirithe na duilleoga agus na géaga, clúdaithe le ribí gruaige. Fásann sí go sciobtha agus go hard agus cuireann sí crainn nua aníos óna cuid fréamhacha. Mar gheall ar an tréith seo, feictear clampaí móra den chrann ag fás le chéile.

Béarla: Grey Poplar

Réamhrá
Cur Síos ar an bPoibleog Liath
An Phoibleog Liath agus an Phoibleog Gheal
Tagairtí

Tuilleadh Íomhánna

Plandaí Gaolmhara