An Péine Dubh
Pinus nigra

Is buaircíneach síorghlas é an péine dubh (Pinus nigra) a fhásann ón Spáinn agus tuaisceart na hAfraice soir chomh fada leis an Tuirc. Aithnítear go bhfuil roinnt cineálacha crann sa speiceas seo mar gheall go bhfuil réimse tíreolaíochta an chrainn chomh leathan, agus mar go bhfásann sé i gcoinníollacha éagsúla ar fud an réimse seo. Is ó dhath dorcha na coirte agus dath glas dorcha an duilliúir dhlúith a fuair an crann a ainm. Is iad an péine Corsacach agus an péine Ostarach is mó a chuirtear in Éirinn, agus is orthu atá an t-eolas thíos dírithe.

Béarla: Black Pine (Austrian Black Pine/Corsican Pine)
An Péine Corsacach agus an Péine Ostarach
Is í an Chorsaic, an tSicil, agus deisceart na hIodáile réimse dúchais an phéine Chorsacaigh (Pinus nigra ssp maritima nó Pinus nigra ssp laricio).[1, 2] Faightear an péine Ostarach (Pinus nigra ssp nigra) san Ostair, san Iodáil agus sna Balcáin. [2]
Is in 1814 a tugadh isteach an péine Ostarach chun na Breataine, agus lean an péine Corsacach é in 1835.[1] Ní fios cén uair a tugadh isteach go hÉireann iad, ach níl an buaircíneach seo an-fhairsing in Éirinn i gcomparáid le speicis eile de chrainn phéine. Is san oirthuaisceart agus san iardheisceart is mó atá siad ag fás.[1]
Éiríonn go maith leis na crainn seo i gceantair le geimhreadh measartha agus samhradh te, agus tá siad in ann aois mhór a bhaint amach freisin. Tá crann péine Corsacach ar leith, atá ag fás sa Chorsaic, 595 bliain d’aois.[3]
Cuma na gCrann
Is stoc díreach a bhíonn ag an dá chrann. Is iondúil go mbaineann an péine Ostarach 30-40m in airde amach, cé go bhfuil crainn ann atá beagnach 50m ard.[4] Tá an péine Corsacach in ann 50 m ar airde a bhaint amach.[5]
Bíonn ceannbhrat níos oscailte ag an bpéine Corsacach ná mar a bhíonn ag an bpéine Ostarach. Bíonn craobhacha níos giorra (agus níos lú) ag an bpéine Corsacach freisin, agus tagann siad amach níos cothrománaí ón stoc.[6] Bíonn deireadh géaga an phéine Ostaraigh cuartha suas.[5]
Is donn dorcha a bhíonn ar choirt na gcrann (bíonn coirt an phéine Ostaraigh níos gile). Bíonn iomairí domhain ar an gcoirt i gcrainn a bhíonn níos sine. Is ó dhath dorcha na coirte agus dath glas dorcha an duilliúir dhlúth a fuair an crann na hainmneacha Gaeilge, Béarla agus eolaíoch (Pinus nigra).
Cosúil le go leor crainn péine eile, bíonn cruth cónach ar chrainn óga, agus leathann na craobhacha amach in uachtar i gcrainn lánfhásta. Bíonn an cruth seo níos suntasaí ar chrainn a fhásann i gcréafóg éadomhain ar thalamh chlochach.[4]
Duilleoga, Bláthanna, agus Buaircíní
Bíonn spíonlaigh righin ag an dá fhospeiceas. Bíonn dath liathghlas nó glas dorcha ar na spíonlaigh, agus bíonn siad níos faide ar an bpéine Corsacach ná mar a bhíonn ar an bpéine Ostarach.

Is crainn mhoinéiciacha iad na crainn phéine dhubha, le bláthanna baineanna agus fireanna ar an gcrann céanna. Osclaíonn na bláthanna sa mBealtaine—is dath buí a bhíonn ar na bláthanna baineanna agus dath dearg a bhíonn ar na bláthanna fireanna.[5]

Pailníonn an ghaoth na bláthanna baineanna agus tagann na buaircíní chun aibíochta sa bhfómhar, os cionn bliain tar éis pailnithe. Is dath buí nó buídhonn a bhíonn ar na buaircíní lonracha.[4] Osclaíonn na buaircíní an bhliain dar gcionn arís agus scaipeann an ghaoth na síolta. Bíonn timpeall 30-40 síol ag gach buaircín. Cé go dtagann bláthanna ar an gcrann gach bliain, ní bhíonn líon mór síolta á ghiniúint ach gach 2-4 bliana.[4]

Bíonn solas ag teastáil ón bpéine Ostarach le go bhfásfaidh sé, ní ghlacann sé le scáth, agus tá sé in ann gaoth agus triomach a sheasamh.[2] Déanann an crann seo athghineadh ón síol go minic, agus tá an péine Ostarach ionrach in áiteanna sa mBreatain.[1]
Úsáid na gCrann
Tá Pinus nigra ar cheann de na crainn phéine is tábhachtaí, ó thaobh na heacnamaíochta de, i ndeisceart na hEorpa. Tá an t-adhmad marthanach agus éasca le próiseáil. Úsáidtear an péine Corsacach i dtionscal na tógála (go háirithe mar ábhar dín) mar gheall go mbíonn an t-adhmad chomh díreach. Ní bhíonn adhmad an phéine Ostaraigh ar an gcaighdeán céanna—úsáidtear é chun cliathbhoscaí a dhéanamh.[2]
Fásann an péine Ostarach go maith ar thalamh oscailte agus ar thalamh gharbh. Is mar gheall ar na tréithe seo a d’úsáidtí an crann go forleathan san 19ú agus 20ú haois chun athchoilltiú a dhéanamh. Rinneadh é seo go háirithe sna hAlpa chun an riosca ó sciorradh talún a mhaolú, agus i Meiriceá Thuaidh mar chrios foscaidh agus chun creimeadh dumhcha a laghdú.[2]
Déantar cuaillí as an gcrann, agus úsáidtear freisin é mar chrainn Nollag agus mar bhreosla. Cuirtear i bpáirceanna agus in eastáit é mar chrann ornáide agus taispeántais é.[2]

Cuirtear an péine Corsacach i bhfáschoille mar chrann foraoiseachta sa ndeisceart na Breataine, áit a bhfuil níos mó tóir air ná an péine Albanach (Pinus sylvestris).[1]
Is é an péine Ostarach is mó a chuirtear mar chrann taispeántais. Cuirtear an buaircíneach seo in eastáit agus i bpáirceanna in Éirinn, ach cuirtear freisin sa mBreatain é mar chrios foscadh agus i bhfáschoillte.[1]
Tá galar fungais Dothistroma septosporum ag déanamh dochair do na crainn phéine seo, mar atá don phéine contórtach (Pinus contorta) freisin.[1]
Fospeicis eile den Phéine Dubh
Is i Maracó agus san Ailgéir a fhásann Pinus nigra ssp mauretanica—tugtar an Atlas Mountains black pine ar an gcineál seo. Fásann Pinus nigra ssp salzmannii sa Spáinn agus ar thaobh na Fraince de na sléibhte Piréiní (tugtar an Pyrenean pine air i mBéarla). Fásann Pinus nigra ssp pallasiana (tugtar an péine Criméach air) sa nGréig, sa Tuirc, sa gCipir, agus sa gCrimé.[2] Is sa gCróit a fhásann Pinus nigra ssp dalmatica. [2]
Ní liosta cuimsitheach é seo, agus níl na luibheolaithe go léir aontaithe ar líon na gcineálacha Pinus nigra atá ann, ná ar na hainmneacha eolaíocha atá acu.
Tagairtí
1. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
2. Isajev, V., et al., European black pine (Pinus nigra). EUFORGEN Technical Guidelines for Genetic Conservation and Use, 2003.
3. Brown, J., The Corsican Pine in its native island: Part II. Empire Forestry Review, 1960: p. 422-436.
4. Clapp, R.A., The Unnatural History of the Monterey Pine. Geographical Review, 1995. 85(1): p. 1-19.
5. Stokes, J., Trees of Britain and Ireland. 2025: Princeton University Press.
6. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.
Tuilleadh Íomhánna






