An Roithleog
Myrica gale

Duilleog: Ubhach
Airde: 1m
Dath an Bhlátha: Buí, Dearg
Tréimhse faoi Bhláth: Meitheamh, Iúil, Lúnasa
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Deireadh Fómhair, Samhain

Is sceach íseal, dhuillsilteach í an roithleog atá fairsing ar thalamh portaigh. Is iomaí ainm agus litriú éagsúil atá ag an sceach phortaigh seo —is roithleog a thugtar uirthi i ndeisceart Chonamara. Mar phlanda dé-eiciach, bíonn sceach bhaineann agus ceann fireann ann. Bíonn bláthanna dearga ar an sceach bhaineann agus bláthanna buí nó oráiste ar an sceach fhireann. Nuair a chuirtear san áireamh bachlóga duilleoga dearga agus duilleoga glasa, is iomaí dath a thugann an roithleog don phortach ó earrach go fómhar. Bíonn boladh álainn ó dhuilleoga agus torthaí an phlanda mar gheall ar ola shoghalaithe a thagann ón bplanda. Cuireann an boladh céanna an ruaig ar na míoltóga beaga a chéasann daoine sa samhradh sna háiteanna sin ina bhfásann an roithleog.

Fásann an roithleog ar thalamh portaigh.

Ainmneacha Eile:   Railleog, Cam-shaileog, Raid, Raidleog, Reileog, Rideog, Roidleog, Roilleog, Ruideog, Rudóg, Truideogach, Raideog, Roilleogach

Béarla: Bog myrtle, Bog-awl, Sweetgale

Cuma na Sceiche
Duilleoga na Roithleoige
Bláthanna agus Torthaí
Úsáid na Roithleoige
Seanchas na Roithleoige
Tagairtí

Tuilleadh Íomhánna