An Pribhéad Calafoirniach
Ligustrum ovalifolium

Tá gaol gar ag an sceach shíorghlas seo leis an bpribhéad dúchasach (Ligustrum vulgare). Tá an pribhéad Calafoirniach curtha go fairsing i ngairdíní ar fud na tíre, agus faightear ag fás go fiáin é mar éalaitheach gairdín freisin. Is i gcruth na nduilleog is mó a fheictear an difríocht idir an pribhéad Calafoirniach (le duilleoga lonracha ubhacha) agus an sceach dhúchasach (le duilleoga neamhlonracha lansacha). Bíonn boladh láidir ar na bláthanna pirimidiúla sa samhradh.

Ainmneacha Eile: Priobhaid,[1] Prímhéad,[2] Tor Luathfás[2]
Béarla: Privet
Na Pribhéid
Tugtar pribhéid ar na plandaí—sceacha duillsilteacha nó síorghlasa—atá sa ngéineas Ligustrum, sa bhfine Oleaceae. Fásann siad go dúchasach san Afraic, san Áis, agus san Eoraip. Bíonn bláthanna bána acu agus caora dubha mar thorthaí. Is mar phlandaí ornáideacha, go háirithe in úsáid i bhfálta sceacha, a scaip an pribhéad ar fud an domhain. Is plandaí ionracha anois iad san Astráil agus sa Nua-Shéalainn.
Ba iad na Rómhánaigh a thug an t-ainm Ligustrum don phribhéad (Ligustrum vulgare), an speiceas a fhásann go dúchasach san Eoraip. In Éirinn, fásann dhá speiceas den phribhéad go fiáin—an pribhéad (Ligustrum vulgare) agus an pribhéad Calafoirniach (Ligustrum ovalifolium). Ní fios go cinnte an bhfuil an pribhéad dúchasach, ach tá sé in Éirinn le fada.

Tá an pribhéad Calafoirniach níos coitianta in Éirinn anois mar go gcoinníonn sé a dhuilleoga sa ngeimhreadh. Dá bharr sin, tá sé ag fás go fiáin ar fud na tíre, agus is mó seans go bhfeicfear an speiceas sin ná an pribhéad fhéin.
Cé go raibh an-tóir ar an bpribhéad mar phlanda fáil agus ornáideach, is é an pribhéad Calafoirniach is mó a chuirtear anois i ngairdíní in Éirinn, toisc go bhfanann níos mó dá dhuilleoga ar an gcrann i gcaitheamh an gheimhridh.
In ainneoin ainm an phlanda, is í an tSeapáin agus an Chóiré ceantar dúchais an phlanda seo. Is ón tSeapáin freisin a thagann planda sa ngéineas céanna, an pribhéad Seapánach (Ligustrum japonicum), a chuirtear go minic in Éirinn.
Cur Síos ar an bPribhéad Calafoirniach
Tá an pribhéad Calafoirniach an-chosúil leis an bpribhéad dúchasach, cé nach mbíonn na géaga óga ná an bláthra clúmhach. Bíonn na duilleoga ar an bpribhéad Calafoirniach níos leithne freisin, agus cruth ubhach orthu, i gcomparáid leis na duilleoga lansacha a bhíonn ar an bpribhéad dúchasach.[3]

Is planda sceachach é an pribhéad Calafoirniach. Bíonn na géaga óga agus an bláthra neamhchlúmhach (bíonn siad clúmhach ar an bpribhéad dúchasach). Is cruth ubhach a bhíonn ar na duilleoga (bíonn cruth lansach ar dhuilleoga an phribhéid dhúchasaí).
Is iad na bláthanna bána, a fhásann ar phainicilí pirimidiúla, an chuid is suntasaí den phlanda. Bíonn boladh láidir uathu nuair a thagann siad amach sa samhradh. Tagann caora beaga dubha ar an bplanda sa bhfómhar. Tá siad nimhneach do dhaoine, cé go n-itheann éin iad.
Tá an pribhéad Calafoirniach sa mBreatain ó 1842 agus rinneadh taifead de ag fás fiáin sa tír sin in 1939.[4] Faightear go minic ag fás fiáin é san áit a chaitear dramhaíl gairdín nó gearrthóga tógtha ó fhálta den sceach.
Tá an pribhéad seo an-fhairsing in Éirinn, seachas i lár na tíre agus san iarthuaisceart.[4]
Úsáid an Phribhéid
Cuirtear an pribhéad Calafoirniach go forleathan mar phlanda gairdín mar go gcoinníonn sé a chuid duilleoga sa ngeimhreadh.
Ní fios cárbh as a dtagann an t-ainm Béarla privet. Úsáidtear go forleathan é mar fhál chun príobháideachas a thabhairt, ach níl aon fhianaise ann gur tháinig privet ón bhfocal private. Measann Cameron gur mar gheall ar úsáid an phlanda chun príobháideachas a thabhairt a fuair sé an t-ainm Gaeilge ‘priobhaid’,[1] ach is mó seans gur tháinig an leagan Gaeilge ón leagan Béarla.
Tagairtí
1. Cameron, J., The Gaelic Names of Plants: (Scottish, Irish and Manx). 1883, Dún Éireann, Londain: William Blackwood and Sons.
2. Moloney, M.F., Irish ethno-botany and the evolution of medicine in Ireland. 1919: MH Gill.
3. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
4. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
Tuilleadh Íomhánna







