Lus Buí Mhanannáin
Hypericum calycinum

Is sceach bheag shíorghlas í seo a bhfuil oirdheisceart na hEorpa mar cheantar dhúchais aici. Tá sí sa bhfine chéanna, Hypericum, le luibheanna Eoin Baiste, plandaí a úsáideadh le fada mar chógas leighis do bhreoiteachtaí éagsúla. Is léir go bhfuil an chumhacht chéanna ag an bplanda seo, de réir an taighde is déanaí. Fástar lus buí Mhanannáin mar sceach ornáideach mar gheall ar na bláthanna móra órbhuí a thagann air sa samhradh.

Béarla: Rose-of-Sharon
Na Beathnuanna nó Luibheanna Eoin Baiste
De réir an taifid is déanaí, tá 6 ghéineas agus 570 speiceas de phlandaí sa bhfine Hypericaceae.[1] Tugtar fine Eoin Baiste air mar gur ann atá an géineas Hypericum, nó géineas na mbeathnuanna. Tá 490 speiceas sa ngéineas seo, agus tá timpeall 11 speiceas ag fás in Éirinn. Astu seo, tá 8 gcinn acu dúchasach. Is plandaí ilghnéitheacha iad na beathnuanna agus tá idir sceacha, bliantóga, agus ilbhliantóga ina measc. Tá trí sceach sa ngéineas Hypericum a fhásann go fairsing in Éirinn – an meas torc allta (Hypericum androsaemum), lus buí Mhanannáin (Hypericum calycinum), agus an beathnua bréan (Hypericum hircinum).
Is furasta na plandaí sa géineas Hypericum go léir a aithint mar go mbíonn dath buí ar bhláthanna suntasacha na bplandaí seo ar fad. Bíonn cúig pheiteal ar gach bláth. Tugtar luibh Eoin Bhaiste ar an mbeathnua freisin mar gur iondúil go mbíonn siad faoi bhláth Oíche Shin Seáin (23 Meitheamh), an dáta céanna le Féile Naomh Eoin. Deirtear freisin gur siombail iad na spotaí dearga, a bhíonn ar pheitil chuid de na beathnuanna, den fhuil a shil Eoin Baiste nuair a dícheannaíodh é.[2]

Is dóigh gurb é lus na Maighdine Muire (Hypericum perforatum) an beathnua is aitheanta dóibh ar fad. Is ilbhliantóg choitianta in Éirinn é. Tagann bláth buí air sa samhradh, agus fásann sé i móinéir agus ciumhaiseanna bóthair, go hiondúil ar chréafóg thirim, alcaileach.[3] Tá tagairt de Mhuire ar ainmneacha an phlanda in Albain agus sa mBreatain Bheag freisin.[2] Tugtar lus Cholm Cille ar an bplanda seo in Éirinn (agus san Albain), freisin, agus tá allas Mhuire air chomh maith.[4] Is cosúil go raibh an-chion ag Colm Cille ar Eoin Baiste, agus thugadh sé leis píosa de lus na Maighdine Muire agus é ag dul thart. Más fíor sin, bhí nasc cheana fhéin idir an planda agus Eoin Baiste sa 6ú haois, tráth a raibh Naomh Colm Cille beo.[2]
Bhaintí úsáid as lus na Maighdine Muire sa luibhliacht ón gcianaimsir. Tá clú ar an mbeathnua sin mar chógas leighis ó aimsir na nGréagach agus bhaintí úsáid as mar leigheas ar an ngalar dubhach, i measc tinnis eile. Léiríonn taighde go bhfuil lus na Maighdine Muire níos éifeachtaí ná placebo chun dúlagar a bhainistiú, agus go bhféadfaí é a úsáid chun cóireáil a chur ar dhaoine atá dúlagar éadrom nó measartha orthu. Ach tá sé soiléir freisin go bhféadfaí go mbeadh idirghníomhaithe contúirteacha ag an mbeathnua sin le cógais éagsúla eile.[5]
Tá planda beag eile sa bhfine, an beathnua gaelach (Hypericum canadense), nach bhfásann in Éirinn ach ar shuíomh amháin in aice le Loch Measca agus ceann eile sa nGleann Garbh i gContae Chorcaigh.[6] Níl sé le fáil in aon áit eile san Eoraip, seachas san Ísiltír. Is í Meiriceá Thuaidh ceantar dúchais an phlanda, agus ceaptar gur thug éan imirceach an planda go hÉireann. Ardaíonn sé sin ceisteanna faoi céard é planda dúchasach agus céard is ceann neamhdhúchasach ann.[7] Bíodh sé dúchasach nó ionrach, tá an beathnua gaelach, in éineacht le 67 speiceas eile, anois faoi chosaint reachtaíochta ag an Ordú um Flora (Cosaint) 2022.
Cur Síos ar an Sceach
Is ó dheisceart na hEorpa agus an Tuirc a tháinig an sceach bheag, shíorghlas seo. Scaipeann lus buí Mhanannáin ag úsáid riosóm faoi thalamh, a chuireann meatháin nua aníos as a bhfásann planda nua.
Is ceithre uillinn a bhíonn ar ghas an phlanda—tréith a bhíonn ar go leor beathnuanna.[8] Bíonn duilleoga (5-7 cm ar fhad) ubhacha, éilipseacha, nó dronuilleogacha air.[8, 9] Amhail na beathnuanna go léir, fásann na duilleoga ar aghaidh a chéile ar an ngas.
Fásann na bláthanna móra (5-8 cm trasna) órbhuí ina n-aonar ar an ngéag. Is caora dubha a bhíonn mar thorthaí ar an bplanda.

Úsáid na Sceiche
Saothraítear an sceach mar phlanda ornáideach, ach fásann sí sa bhfiántas freisin, ar bhruachanna faoi scáth, go hiondúil san oirdheisceart agus san oirthuaisceart.[3]
Maítear, ó thurgnaimh a rinneadh ar lucha, go bhfuil éifeacht frithdhúlagráin ag an lus buí Mhanannáin atá chomh láidir le luibheanna Eoin Baiste eile, amhail lus na Maighdine Muire (Hypericum perforatum), agus go bhféadfaí é a úsáid go teiripeach i ndaoine.[10]
Tugtar Rose-of-Sharon ar an bplanda seo i mBéarla sa Breatain, cé go bhfuil planda eile (Hibiscus syriacus) leis an ainm seo i Meiriceá Thuaidh. Is téarma Bíoblach é—ciallaíonn ‘sharon’ garraí torthúil san Eabhrais.
Tagairtí
1. Christenhusz, M.J. and J.W. Byng, The number of known plants species in the world and its annual increase. Phytotaxa, 2016. 261(3): p. 201–217-201–217.
2. Vickery, A.R., Traditional Uses and Folklore of Hypericum in the British Isles. Economic Botany, 1981. 35(3): p. 289-295.
3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
4. Cameron, J., The Gaelic Names of Plants: (Scottish, Irish and Manx). 1883, Dún Éireann, Londain: William Blackwood and Sons.
5. Canenguez Benitez, J.S., et al., Advantages and disadvantages of using St. John’s wort as a treatment for depression. Cureus, 2022. 14(9): p. 29468.
6. Webb, D. and G. Halliday, The distribution, habitat and status of Hypericum canadense L. in Ireland. Watsoma, 1973. 9: p. 333-344.
7. Webb, D.A., What are the criteria for presuming native status? Watsonia, 1985. 15(3): p. 231-236.
8. Rose, F., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. 2006: Frederick Warne.
9. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
10. Öztürk, Y., et al., Effects of Hypericum perforatum L. and Hypericum calycinum L. extracts on the central nervous system in mice. Phytomedicine, 1996. 3(2): p. 139-146.
Tuilleadh Íomhánna



