An Meas Torc Allta
Hypericum androsaemum

Is sceach íseal dhuillsilteach é an meas torc allta atá coitianta ar fud na hÉireann. Fásann sé in áiteanna atá tais agus i scáth, agus is minic é a fheiceáil ar thaobh an bhóthair. Is codanna suntasacha den phlanda iad na duilleoga móra, na bláthanna buí agus na caora dearga. Bhaintí úsáid as mar chógas leighis agus tá sé sa bhfine planda céanna, Hypericaceae, leis na beathnuanna nó luibheanna Eoin Baiste, plandaí a bhfuil cáil orthu mar gheall ar na cumhachtaí leighis atá acu.

Ainmneacha Eile: Úll an madra rua,[1] Úlla an mhadaruaidh,[2] Súile an mhadaruaidh,[2, 3] Meastuirc allta,[4] Meas Allaidh,[5] Lus Cholm Cille,[3] Allas Mhuire[3]
Béarla: Tutsan, Touch-and-heal leaf[6]
Na Beathnuanna (nó Luibheanna Eoin Baiste)
De réir an taifid is déanaí, tá 6 ghéineas agus 570 speiceas de phlandaí sa bhfine Hypericaceae.[7] Tugtar fine Eoin Baiste air mar gur ann atá an géineas Hypericum, nó géineas na mbeathnuanna. Tá 490 speiceas sa ngéineas seo, agus tá timpeall 11 speiceas ag fás in Éirinn. Astu seo, tá 8 gcinn acu dúchasach.
Is plandaí ilghnéitheacha iad na beathnuanna agus tá idir sceacha, bliantóga, agus ilbhliantóga ina measc. Tá trí sceach sa ngéineas Hypericum a fhásann go fairsing in Éirinn—an meas torc allta (Hypericum androsaemum), lus buí Mhanannáin (Hypericum calycinum), agus an beathnua bréan (Hypericum hircinum).
Is furasta na plandaí sa géineas Hypericum go léir a aithint mar go mbíonn dath buí ar bhláthanna suntasacha na bplandaí seo ar fad. Bíonn cúig pheiteal ar gach bláth.
Tugtar luibh Eoin Baiste ar an mbeathnua freisin mar gur iondúil go mbíonn siad faoi bhláth Oíche Shin Seáin (23 Meitheamh), an dáta céanna le Féile Naomh Eoin. Deirtear freisin gur siombail iad na spotaí dearga, a bhíonn ar pheitil chuid de na beathnuanna, den fhuil a shil Eoin Baiste nuair a dícheannaíodh é.[8]
Is dóigh gurb é lus na Maighdine Muire (Hypericum perforatum) an beathnua is aitheanta dóibh ar fad. Is ilbhliantóg choitianta in Éirinn é. Tagann bláth buí air sa samhradh, agus fásann sé i móinéir agus ciumhaiseanna bóthair, go hiondúil ar chréafóg thirim, alcaileach.[9] Tá tagairt de Mhuire ar ainmneacha an phlanda in Albain agus sa mBreatain Bheag freisin.[8] Tugtar lus Cholm Cille ar an bplanda seo in Éirinn (agus san Albain), freisin, agus tá allas Mhuire air chomh maith.[10] Is cosúil go raibh an-chion ag Colm Cille ar Eoin Baiste, agus thugadh sé leis píosa de lus na Maighdine Mhuire agus é ag dul thart. Más fíor sin, bhí nasc cheana fhéin idir an planda agus Eoin Baiste sa 6ú aois, tráth a raibh Naomh Colm Cille beo.[8]

Bhaintí úsáid as lus na Maighdine Muire sa luibhliacht ón gcianaimsir. Tá clú ar an mbeathnua sin mar chógas leighis ó aimsir na nGréagach agus bhaintí úsáid as mar leigheas ar an ngalar dubhach, i measc tinnis eile. Léiríonn taighde go bhfuil lus na Maighdine Muire níos éifeachtaí ná placebo chun dúlagar a bhainistiú, agus go bhféadfaí é a úsáid chun cóireáil a chur ar dhaoine atá dúlagar éadrom nó measartha orthu. Ach tá sé soiléir freisin go bhféadfaí go mbeadh idirghníomhaithe contúirteacha ag an mbeathnua sin le cógais éagsúla eile.[11]
Tá planda beag eile sa bhfine, an beathnua gaelach (Hypericum canadense), nach bhfásann in Éirinn ach ar shuíomh amháin in aice le Loch Measca agus ceann eile sa nGleann Garbh i gContae Chorcaigh.[12] Níl sé le fáil in aon áit eile san Eoraip, seachas san Ísiltír. Is í Meiriceá Thuaidh ceantar dúchais an phlanda, agus ceaptar gur thug éan imirceach an planda go hÉireann. Ardaíonn sé sin ceisteanna faoi céard é planda dúchasach agus céard is ceann neamhdhúchasach ann.[13] Bíodh sé dúchasach nó ionrach, tá an beathnua gaelach, in éineacht le 67 speiceas eile, anois faoi chosaint reachtaíochta ag an Ordú um Flóra (Cosaint) 2022.
Cur Síos ar Meas Torc Allta

Is sceach íseal (níos lú ná 1 m) dhuillsilteach é an meas torc allta atá éasca le haithint mar gheall ar na duilleoga, na bláthanna, agus na caora uathúla atá ag an planda seo.
Is dath donn nó dearg a bhíonn ar ghais na sceiche, agus bíonn dhá uillinn ar an ngas[14] (is tréith é seo a bhíonn ar roinnt de na plandaí sa bhfine Hypericaceae).
Duilleoga an Phlanda

Is cruth ubhach a bhíonn ar na duilleoga a bhíonn 5-10 cm ar fhad. Bíonn boladh uathu nuair a bhrúitear iad.[14] Deirtear go boladh muice é agus gur uaidh seo a tháinig ainm Gaeilge an phlanda. Deirtear freisin go bhfuil boladh na nduilleog cosúil le ambergris (substaint luachmhar a thagann ón gcaisealóid, speiceas de mhíol mór).[6] I Sasana agus sa bhFraince, mar chomhartha ádh, chuirtí duilleoga triomaithe an phlanda i mBíoblaí sa 19ú haois.[6]
Bláthanna agus Torthaí na Sceiche
Bíonn na bláthanna buí 2 cm ar leithead i gcnuasaigh beaga ar an ngéag. Bíonn na peitil níos giorra ná na seipil, agus is díol suntais iad na staimíní fada a bhíonn ar an mbláth. Déanann feithidí na bláthanna a phailniú.
Is caor beag a bhíonn mar thoradh ar an sceach – athraíonn sé ó dhearg go dubh de réir mar a aibíonn sé.[15] Itheann éanacha na caora agus scaipeann éanacha agus uisce na síolta go forleathan.[9]
Gnáthóga an Phlanda
Tá an meas torc allta coitianta ar fud na hÉireann. Fásann sé in áiteanna atá tais agus faoi scáth, amhail coillte agus fálta sceach.[9] Feictear go minic ar thaobh bhóithríní tuaithe é. Is planda é atá saothraithe go minic freisin, agus fásann sé mar éalaitheach gairdín in áiteanna freisin.
Úsáid na Sceiche
Tá éileamh ar an meas torc allta ar fud an domhain mar phlanda ornáide i ngairdíní, agus is féidir leis droch-thionchar a bheith aige ar an timpeallacht má éalaíonn sé. Is planda ionrach é san Astráil agus sa Nua-Shéalainn, go háirithe ar thalamh féaraigh mar go ndéanann sé sceacha dlútha nach mbíonn beostoc in ann a ithe.[16]
Is iomaí úsáid a bhaintí as an meas torc allta mar luibh leighis. Is ón bhFraincis (tout–saine, a chiallaíonn leigheas ar gach rud) a thagann ainm Béarla an phlanda, tutsan, léiriú ar úsáid an phlanda mar chógas leighis.
D’úsáidtí an planda mar phianmhúchán, mar phurgóid, chun sciaitíce a bhainistiú, agus mar chóireáil ar an gcrithgalar.[17] D’úsáidtí é freisin chun créachtaí a ghlanadh agus mar fhualbhrostach,[18] ach ní léir go bhfuil an oiread sin fianaise gur úsáideadh sa gcaoi sin an planda sa mBreatain ná in Éirinn.[6] Ach d’úsáidtí duilleoga triomaithe na luibhe i gContae Chiarraí mar leigheas ar bhreoiteachtaí difriúla, chomh maith le chun an ruaig a chur ar thaibhsí agus ainsprideanna.[3]
Cé gur ceann de luibheanna Eoin Baiste (Hypericum spp.) é an meas torc allta, is le Colm Cille nó leis an Mhaighdean Mhuire is mó a luaitear an planda. Ciallaíonn androsaemum “fuil an fhir”, agus is tagairt é de dhath sú an phlanda,[16] sin nó do spotaí dearga na mbláthanna.[8]
Tugtar súilíní an mhadra rua ar na bláthanna i gCorca Dhuibhne, agus púiríní (nó paidiríní) an mhadra rua ar na torthaí.[3]
Tagairtí
1. Ó Dónaill, N. and T. De Bhaldraithe, Foclóir Gaeilge-Béarla. 1992: An Gúm.
2. Ua Maoileoin, P., Dúlra Duibhneach. 2001, Baile Átha Cliath: Coiscéim.
3. Uí Chonchubhair, M., Flóra Chorca Dhuibhne: Aspects of the flora of Corca Dhuibhne. 1998: Oidhreacht Corca Dhuibhne.
4. Coneys, T.D.V., Focloir guoidilge-sucs-beurlu, or, An Irish-English dictionary. 1849: Irish Society.
5. Dinneen, P.S., An Irish-English Dictionary. 1927: Educational Company of Ireland.
6. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
7. Christenhusz, M.J. and J.W. Byng, The number of known plants species in the world and its annual increase. Phytotaxa, 2016. 261(3): p. 201–217-201–217.
8. Vickery, A.R., Traditional Uses and Folklore of Hypericum in the British Isles. Economic Botany, 1981. 35(3): p. 289-295.
9. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
10. Cameron, J., The Gaelic Names of Plants: (Scottish, Irish and Manx). 1883, Dún Éireann, Londain: William Blackwood and Sons.
11. Canenguez Benitez, J.S., et al., Advantages and disadvantages of using St. John’s wort as a treatment for depression. Cureus, 2022. 14(9): p. 29468.
12. Webb, D. and G. Halliday, The distribution, habitat and status of Hypericum canadense L. in Ireland. Watsoma, 1973. 9: p. 333-344.
13. Webb, D.A., What are the criteria for presuming native status? Watsonia, 1985. 15(3): p. 231-236.
14. Rose, F., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. 2006: Frederick Warne.
15. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
16. James, T. and A. Rahman, Management and control options for tutsan (Hypericum androsaemum) in hill country pastures a review. New Zealand Plant Protection, 2015. 68: p. 124-131.
17. Sebastin, A., St John’s wort, a panacea? BMJ: British Medical Journal, 2006. 333(7560): p. 187-187.
18. Moloney, M.F., Irish ethno-botany and the evolution of medicine in Ireland. 1919: MH Gill.
Tuilleadh Íomhánna







