An Draighean Mara
Hippophae rhamnoides

Duilleog: Lansach
Airde: 3m
Dath an Bhlátha: Glas
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Meán Fómhair
Fine: Elaeagnaceae
Is sceach neamhdhúchasach, dhuillsilteach, dheilgneach é an draighean mara. Fásann sé ar chósta an oirthir, den chuid is mó, go háirithe ar dhumhcha gainimh. Scaipeann sé ag úsáid riosóm faoi thalamh agus déanann sé clampaí móra dlútha. Is planda dé-éiciach é a bhláthaíonn an earrach. Tagann caora beaga oráiste ar na seacha baineanna sa bhfómhar. Tá na caora inite—déantar subha agus glóthacha astu. Úsáidtear blátholaí an phlanda chomh maith i gcumhráin agus i dtáirgí cúraim craicinn. Tá an draighean mara ionrach in Éirinn agus déanann sé damáiste don bhithéagsúlacht áitiúil san áit ina bhfásann sé.

Béarla: Sea-buckthorn
Tuilleadh Íomhanna



