An tEibheann
Hedera hibernica/helix

Is féith shíorghlas é an t-eibheann. Is ilbhliantóg adhmadach é—ní chailltear na gais os cionn talún sa ngeimhreadh. Fásann sé ar an talamh go minic agus clúdaíonn sé achar mór de thalamh na coille. Is féidir leis dreapadh freisin, fásann sé ar chrainn chomh hard le 30 m. Bíonn fréamhacha aeir aige a chuidíonn leis an bplanda greamú do chrainn agus do bhallaí.
An tÉibheann Atlantach agus an tEibheann Coiteann
Tá dhá chineál eibheann dúchasach in Éirinn—an t-eibheann Atlantach (Hedera hibernica) agus an t-eibheann coiteann (Hedera helix). Tá an t-eibheann Atlantach níos coitianta in Éirinn agus ar chósta Atlantaigh na Breataine. Tugtar an t-eibheann gaelach (Irish Ivy) ar an eibheann Atlantach freisin.
Níl sé éasca idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Is iondúil go mbíonn duilleoga níos mó ar an eibheann Atlantach, bíonn boladh láidir milis ón sú (cosúil le péine). Bíonn dath dearg dorcha ar an bpeitín (gas na duilleoige) ar an eibheann Atlantach, is minic a bhíonn sé glas ar an eibheann coiteann (cé go mbíonn, uaireanta, dath dearg dorcha ar na peitiní ar meatháin nua). Bíonn duilliúr dúghlas ar an eibheann Atlantach agus duilliúr buíghlas ar an eibheann coiteann.
Ní thaitníonn na gnáthóga céanna leis an dá speiceas ach an oiread. Fásann an t-eibheann coiteann ar chréafóg chailceach, ach tá an t-eibheann Atlantach in ann ithir aigéadach a sheasamh freisin. Fásann an t-eibheann Atlantach ar chóstaí corraitheacha, cosúil le cóstaí duirlinge, rud nach ndéanann an t-eibheann coiteann.
Is é an bealach is fearr chun iad a aithint óna chéile ná trí bhreathnú ar na ribí gruaige ar na duilleoga. Bíonn na ribí ar dhromchla na duilleoige brúite isteach ar an eibheann Éireannach, ach bíonn siad ceartsheasmhach ar an eibheann coiteann.
Duilleoga, Bláthanna, agus Torthaí
Bíonn cruth maothánach, le trí nó cúig mhaothán, ar na duilleoga a bhíonn ar mheatháin óga. Is é seo an cruth steiréitipiciúil a bhíonn ar duilleoga an eibhinn. Ach bíonn na duilleoga a fhásann ar mheathán a bhíonn níos sine croí-chruthach nó ubhach. Tugtar heteroblasty ar an tréith seo, ina dtagann athrú suntasach ar ghné éigin de phlanda le linn a shaolré.
Tagann bláthanna beaga buíghlasa ar an eibheann sa bhfómhar. Bíonn go leor cineálacha feithidí ag brath ar neachtar na mbláthanna ag an am sin den bhliain.
Forbraíonn na torthaí i gcaitheamh an gheimhridh. Is caora beaga dubha iad nuair a bhíonn siad aibí. Is foinse bia iad d’éanacha cosúil le lonta dubha agus smólaigh sa ngeimhreadh, am den bhliain nuair nach mbíonn mórán bia eile ar fáil.
Tugann duilliúr dlúth an eibhinn tearmann do fheithidí agus d’éanacha freisin.
Tuilleadh Íomhánna






