An Fhiúise
Fuchsia magellanica

Cé gur ó Mheiriceá Theas a tháinig an fhiúise (tugtar deora Dé ar an sceach freisin), tá an sceach dhuillsilteach seo nádúraithe in Éirinn agus ag fás ar fud an oileáin, cé is moite de lár na tíre. Fásann sí go tapa, ní chuireann gaoth sáile isteach uirthi, ach maróidh sioc crua í. Bíonn na milíní, na bláthanna dearga, lán le neachtar a mheallann meachain agus feithidí eile.

Ainmneacha eile: Deora Dé; Milíní; Siogairlíní; Singirlín; Na Fiúsaíos
Béarla: Fuchsia
An Fhiúise in Éirinn
Is iad an tSile agus an Airgintín ceantar dúchais na fiúise (tugtar na fiúsaíos ar an sceach i gCorca Dhuibhne)[1] agus tháinig sí isteach go hÉirinn go luath san 19ú haois ag am a raibh go leor plandaí ag teacht isteach ó chuile cheard den domhan. Feileann aeráid bhog, mheasartha na tíre don sceach agus tá sí nádúraithe in Éirinn. Tá sí an-choitianta ar chósta an iarthair agus an iardheiscirt ach go háirithe.[2]
Fásann an fhiúise sa scáth nó sa ngrian, agus ní chuireann gaoth ná sáile as don phlanda. Bíonn sí in ann raon leathan créafóige a sheasamh freisin, fad is nach mbíonn sí leathbháite. Bíonn an fhiúise in ann sioc éadrom a sheasamh, ach maróidh sioc crua í (is mar gheall air seo nach bhfuil an planda fairsing ach in aice leis an gcósta). Ach fiú má fhaigheann sí droch-gheimhreadh a mharóidh an planda os cionn na talún, fásfaidh meatháin nua aníos ó na rútaí.
Tá an fhiúise an-choitianta i bhfálta sceach agus ar leataobh an bhóthair, agus feictear go minic í ag fás timpeall ar fhothracha (áit a raibh sí curtha fadó). Cuirtear i ngairdíní í mar gheall ar bhláthanna tarraingteacha na sceiche agus mar go bhfásann sí go tapa chun fál sceach a dhéanamh.
Is iomaí saothróg éagsúil den fhiúise atá ag fás in Éirinn, formhór acu curtha i ngairdíní. Is í saothróg ‘Riccartoni’ beagnach gach sceach atá ag fás go fiáin in Éirinn agus sa mBreatain.[2, 3] Ceaptar gur i Riccarton, i nDún Éideann na hAlban, a fásadh an tsaothróg seo den chéad uair, timpeall na bliana 1830.
Cur Síos ar an bhFiúise
Is sceach mhór (go 3 m ar airde),[4] dhuillsilteach í an fhiúise a fhásann go tapa in aeráid bhog, thais na hÉireann. Bíonn cuma oscailte ach sceachach uirthi, le géaga fada a bhíonn ag áirsiú amach ón bplanda.
Bíonn na duilleoga lansacha ar aghaidh a chéile ar an ngas. Is dath glas a bhíonn orthu, ach le scáil dhearg, scaití. Bíonn bratóg ag an gconach eilifinteach (Deilephila elpenor) a itheann duilleoga na fiúise den chuid is mó, sula n-athraíonn sé ina leamhan mór ildaite.
Bláthaíonn an fhiúise ar feadh tréimhse fhada—ó thús an tsamhraidh go tús an gheimhridh—agus bíonn go leor bláthanna ar an bplanda ag aon am amháin. Tugtar milíní orthu (ach uaireanta is tagairt í seo don phlanda iomlán).

Crochann na bláthanna feadánacha anuas ón ngéag. Bíonn dath dearg ar na seipil, a bhíonn cuartha suas ón mbláth nuair a osclaíonn sé. Is dath corcra a bhíonn na peitil (bíonn dath bán ar na bláthanna a bhíonn ar an tsaothróg var molinae ‘Alba’, atá coitianta in Éirinn freisin). Síneann na hantair agus an stíl amach níos faide ná na peitil.

Is dordéain a phailníonn an sceach ina ceantar dúchais, ach is meachain agus feithidí eile a bhíonn sa tóir ar neachtar an phlanda in Éirinn. Uaireanta déanann meachain, go háirithe bumbóga, robáil ar an neachtar—déanann siad poll sa mbláth agus diúlann siad an neachtar gan teagmháil ar bith a dhéanamh leis an bpailin.[3]
Is caor bheag, dhronuilleogach, chorcra é an toradh, timpeall 1 cm ar fhad. Tá na torthaí inite, cé nach n-itear go minic iad. Ní minic a thagann toradh ar an gcineál ‘Ricartonii’, an tsaothróg is coitianta in Éirinn (ach tá cineálacha eile curtha timpeall na tíre a dtagann toradh orthu).[5] Mar gheall air seo, is curtha de láimh atá formhór na bplandaí fiúise in Éirinn.

Cé go bhfuil an cineál fiúise is coitianta in Éirinn aimrid, scaipeann sé go héasca trí mheatháin a chur aníos ó rútaí faoi thalamh.[2] Mar go n-iomadaíonn an fhiúise go fásúil mar seo, fásann clampaí móra den sceach ar thaobh an bhóthair. Tugann sé seo deis d’éin cosúil le dreoilíní agus spideoga a gcuid neadracha a dhéanamh i dtearmann sábháilte.
An Planda sa tSochaí
Is ainmnithe don dochtúir Gearmánach agus saineolaí ar úsáid plandaí sa leigheas, Leonhart Fuchs (1501-1566), atá an fhiúise (cé nach bhfaca sé fhéin an planda riamh). Is tagairt do Chaolas Magellan, atá in aice le ceantar dúchais an phlanda, é magellanica.
Dhéanadh gasúir babógaí de na bláthanna i Sasana.[6] Téann gasúir sa tóir ar neachtar an bhlátha (ní gá ach an feadán os cionn na seipil dhearga a bhrú le go dtitfidh an neachtar amach).
Dhéantaí ruaim dhearg dhorcha as na bláthanna, fiuchta in uisce.[6] D’úsáidtí na duilleoga agus na bláthanna, in éineacht leis na teilí (Tilia spp.), chun fiabhras a rialú, agus na duilleoga chun mí-dhíleá a leigheas, agus mar thámhachán.[7]
Tagairtí
1. Uí Chonchubhair, M., Flóra Chorca Dhuibhne: Aspects of the flora of Corca Dhuibhne. 1998: Oidhreacht Corca Dhuibhne.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. Stanley, D.A. and E. Cosnett, Catching the thief: Nectar robbing behaviour by bumblebees on naturalised Fuchsia magellanica in Ireland. Journal of Pollination Ecology, 2021. 29: p. 240-248.
4. Stokes, J., Trees of Britain and Ireland. 2025: Princeton University Press.
5. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
6. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
7. Bernal Ochoa, A.M., et al., Intestinal/uterine antispasmodics, sedative effects of Fuchsia magellanica Lam. leaves’ and flowers’ extracts and their flavonolic components. Phytomedicine Plus, 2021. 1(4): p. 100060.
Tuilleadh Íomhánna



