An Fhuinseog
Fraxinus excelsior

Tá an fhuinseog ar cheann de na crainn is coitianta in Éirinn. Is furasta na bachlóga dorcha a aithint sa ngeimhreadh, agus na duilleoga cleiteacha sa samhradh. Bíonn na duilleoga mall ag oscailt agus titeann siad luath sa bhfómhar. Is iomaí seanchas a bhaineann leis an gcrann ársa seo, ach tá an fhuinseog anois i mbaol díothaithe in Éirinn mar gheall ar ghalar fungais le ráta báis ag beagnach 90%.
Ainmneacha Eile: Onn[1]; Uinseann[2]
Béarla: Ash
An Fhuinseog in Éirinn
Tá an fhuinseog ar cheann de na crainn is coitianta in Éirinn agus sa mBreatain, in ainneoin go raibh an crann dúchasach seo deireanach go maith ag teacht anseo tar éis na hoighearaoise deiridh.[3] Is crann téisclime í—cosúil leis an mbeith (Betula spp.) agus an tsaileach (Salix spp.)—agus chuige sin tá sí ar cheann de na chéad chrainn a ghlacfaidh seilbh ar thalamh thréigthe.[4] Fásann sí ar fud na hEorpa, agus síneann a ceantar dúchais chomh fada soir leis an Rúis agus na sléibhte Chugais, ó thuaidh isteach san Iorua, agus ó dheas go dtí an Mheánmhuir, áit a dtosaíonn speiceas eile fuinseoige, Fraxinus angustifolia, ag fás in áit Fraxinus excelsior.[5]
Cé go bhfásann an fhuinseog ar raon leathan créafóige, is í an crann is coitianta ar chréafóg chailceach.[5] Is annamh a fhásann an fhuinseog i gclampaí astu fhéin—is minicí a bhíonn sí i gcomhluadar speicis eile crainn.[6] Fásann an fhuinseog in éineacht leis an dair ghallda (Quercus robur) agus an coll (Corylus avellana) i gcoillearnacha tirime i gceantair aolchloiche.[7] Éiríonn go maith léi in ither shaibhir, íseal ar mhánna gláracha, áit a fhásann sí go minic leis an bhfearnóg (Alnus glutinosa).[7] Fásann sí in éindí leis an dair ghallda agus an sceach gheal (Crataegus monogyna) agus an cuileann (Ilex aquifolium) igcoillte atá fliuch sa ngeimhreadh ach tirim sa samhradh. Faightear an fhuinseog freisin ag fás taobh leis an bhfearnóg agus saileacha (Salix spp.) i gcoillte ar thailte fliucha.[7] Ní fhásann sí in ithir aigéadach, cé go bhfásann sí ar chréafóg os cionn clocha aigéadacha.[5] Tá sí fairsing sna gnáthóga sin in iarthar na hÉireann, ach bíonn cuma na sceiche uirthi i gceantair fheannta.
Taobh amuigh de choillte, is túisce go bhfeicfeá an fhuinseog ag fás léi féin ar thaobh an bhóthair, nó in éineacht le meascán sceacha agus crainn eile i bhfálta sceach, freisin. Meastar go bhfuil os cionn leath mhilliún km d’fhál sceach in Éirinn agus, sular thosaigh na fuinseoga ag fáil bháis, b’iad an fhuinseog agus an sceach gheal na speicis ba tábhachtaí sa ngréasán sin.[8]
Cuma agus Airde
Cé go ndéanann an fhuinseog crann mór, ní mhaireann sí chomh fada le crainn mhóra eile, amhail an dair (Quercus spp.) agus an fheá (Fagus sylvatica). Is sean-chrann í aon chrann atá idir 100-200 bliain d’aois agus is crann ársa í fuinseog atá os cionn 225 bliain d’aois, cé go bhfuil crainn bunscoite in ann aoiseanna níos sine a bhaint amach. Ach tá siad fós in ann aois mhór a bhaint amach má ligtear dóibh—tá crainn i bhforais ársa Bialowieza na Polainne atá 250-400 bliain d’aois.[9]
Nuair a fhásann sí léi féin, déanann an fhuinseog crann mór, díreach, ard, galánta. Bíonn barr an chrainn cruinneachánach le craobhacha ardaitheacha ag fás amach ó stoc díreach.[6] Is minic go mbíonn deireadh na ngéag cuartha suas ar an bhfuinseog, tréith atá uathúil don chrann seo.[10] Fásann sí go sciobtha agus tá sí in ann airde suntasach a bhaint amach i gcoinníollacha atá fabhrach di—ciallaíonn excelsior san ainm eolaíoch ‘ard’—agus is í go minic an crann is airde i roschoillte crainn. Tá fuinseog i gCluain Meala, Contae Thiobraid Árann, 40 m ar airde[11] agus ceaptar gurb í an crann fiáin is airde in Éirinn. Ach is beag fuinseoga a bhaineann airde mar seo amach in Éirinn, bíonn formhór na gcrann fuinseoige beag.[5]
Coirt agus Duilleoga
Bíonn dath liathdhonn ar choirt gheal na fuinseoige. Bíonn sí mín i gcrainn óga, agus ní éiríonn sí scoilteánach ach i gcrainn a mbíonn aois mhaith acu. Mar go dtéann na scoilteanna éadomhain, ingearacha seo trasna ar a chéile, bíonn pátrún uathúil diamainte ar choirt na fuinseoige. Is furasta an crann a aithint nuair a bhíonn an pátrún seo le feiceáil ar an stoc.

Bíonn sé éasca, freisin, an fhuinseog a aithint sa ngeimhreadh ó na bachlóga móra dubha a bhíonn ar aghaidh a chéile ar an gcraobh, agus a sheasann amach go láidir i gcomparáid leis an gcoirt gheal. Is cruth sféarach a bhíonn ar na bachlóga, cé is moite den bhachlóg chónach a bhíonn ag barr na géige. Osclaíonn na bachlóga i mBealtaine, níos deireanaí ná aon chrann dúchasach eile, agus is iad duilleoga na fuinseoige a thiteann roimh aon chrann eile sa bhfómhar freisin (deirtear nach bhfuil sé ró-dheireanach le fataí a chur más féidir breathnú trí chraobhacha na fuinseoige).
Is furasta freisin an fhuinseog a aithint óna cuid duilleoga. Is duilleoga cleiteacha—cosúil leis an gcaorthann (Sorbus aucuparia), crann a dtugtar an ‘mountain ash’ air i mBéarla, cé nach bhfuil gaol gar eatarthu—atá ag an bhfuinseog. Tá idir 3 agus 6 phéirí duillíní ag gach duilleog, le duillín amháin ag fás amach ó dheireadh na duilleoige. Bíonn imeall na nduillín fiaclach. Níl na duilleoga in ann ag oícheanta seaca—tagann dath dubh orthu agus maraítear iad. Is é seo ceann de na fáthanna go dtagann siad amach chomh deireanach sin sa mbliain. Ní thagann athrú suntasach ar dhathanna na fuinseoige sa bhfómhar. Is minic go mbíonn na duilleoga fós glas nuair a thiteann siad.
Is duilliúr éadrom, oscailte a bhíonn ag an bhfuinseog. Bíonn deis ag flóra éagsúla fás faoi scáth na fuinseoige mar go scaoiltear gathanna na gréine trína cuid duilleoga, fiú amháin i lár an tsamhraidh. Ní bhíonn clúdach an-dlúth ag na duilleoga a thiteann sa bhfómhar ach an oiread, mar a bhíonn ag leithéidí an fheá (Fagus sylvatica).
Bláthanna agus Torthaí
Thar aon chrann eile in Éirinn, tá gnéasacht na fuinseoige casta. Is iondúil go mbíonn an fhuinseog dé-éiciach—sé sin bíonn bláthanna baineanna agus fireanna ar chrainn dhifriúla. Ach scaití bíonn crainn fhuinseoige moinéiciach—bíonn bláthanna baineanna agus fireanna ar chraobhanna difriúla den chrann céanna. Agus uaireanta bíonn bláthanna heirmeafraidíteacha ar chrainn fuinseoga freisin—bíonn codanna baineanna agus fireanna ar an mbláth céanna. Is ar an údar seo go dtugtar crann polagamach nó tré-éiciach ar an bhfuinseog.[12]
Osclaíonn na triopaill de bhláthanna corcra (fireann) agus glasa (baineann) san earrach, sula n-osclaíonn na duilleoga. Ní bhíonn peitil ná seipil ag na bláthanna beaga seo, a phailnítear sa ngaoth. Tugtar samár ar an toradh—aicéin nó faighneog sciathánach a thiteann ón gcrann sa ngeimhreadh agus luath san earrach dár gcionn. Bíonn na samáir ag síorchasadh nuair a thiteann siad go talamh, agus tógann an ghaoth iad amach ón gcrann le deis níos fearr a thabhairt do na síolta fás. Is iondúil nach bpéacann siad ar feadh cúpla bliain tar éis dóibh titim, agus is féidir leo maireachtáil sa talamh ar feadh ar a laghad 5 bliana.[3, 12] Itheann éin, feithidí, agus mamaigh bheaga na síolta.[3]

Tosaíonn crainn atá idir 20-30 bliain d’aois ag táirgeadh torthaí. Táirgtear líon níos mó torthaí ná mar a tharlaíonn de ghnáth gach 2-5 bliain—tugtar blianta measa ar na blianta torthúla seo.[12] Is féidir leis an bhfuinseog scaipeadh freisin trí iomadú fásúil. Fásann meatháin ó chraobhacha a thiteann tar éis tuilte, agus is féidir le fréamhacha na fuinseoige meatháin nua a chur aníos freisin.[9]
Éiceolaíocht na Fuinseoige
Tugtar deis do phlandaí a bhíonn solas uathu fás faoin bhfuinseog, mar nach dtagann duilleoga ar an bhfuinseog go dtí tús an tsamhraidh, agus mar nach mbíonn duilliúr dlúth ag an gcrann fiú nuair a bhíonn na duilleoga amuigh.[3] Go deimhin, tá tábhacht ar leith ag an bhfuinseog do bhithéagsúlacht na tíre. Sa mBreatain, aimsíodh 1058 speiceas atá ag brath ar an bhfuinseog nó ar choillte ina bhfuil fuinseoga ag fás iontu. Ina measc bhí 12 speiceas éan, 55 mamach, 78 planda, 68 fungas, 58 brífít (caonach agus aelusanna), 558 léicean, agus 239 speiceas inveirteabrach (feithidí, damháin alla, srl.).[13] Glactar leis go bhfuil an tionchar céanna ag fuinseoga na hÉireann ar bhithéagsúlacht an oileáin seo freisin.[8]
Críonadh Siar na bhFuinseog
Tá bagairt eiseach roimh an bhfuinseog in Éirinn. Tá an crann liostáilte mar speiceas faoi bhagairt ar liosta dearg atá ag an Aontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra (IUCN),[14] go príomha mar gheall ar an bhfungas Hymenoscyphus fraxineus, a rinne scrios ar chrainn fuinseoige ar mhór-roinn na hEorpa nuair a tháinig sé ón Áis sna 1990idí. Tá na speicis fhuinseoige san Áis in ann ag an ngalar seo, ach níl aon chosaint ag Fraxinus excelsior, ár bhfuinseog dúchasach, ina aghaidh. Fásann an fungas istigh sa gcrann agus cuireann sé as do chóras uisce agus cothaithigh an chrainn. Éiríonn crainn atá thíos leis an ngalar feoite. Maraítear crainn óga laistigh de bhliain; maireann crainn níos sine ar feadh roinnt blianta eile. Sa deireadh, is minic gur pataigín eile a mharaíonn an crann, a bhíonn lagaithe go mór ag an ngalar seo, ar a dtugtar críonadh siar na fuinseoige.
Is in 2012, i bhfáschoill i gContae Liatroma, a aimsíodh an chéad chás den chríonadh siar seo in Éirinn, ar fhuinseoga óga a tugadh isteach go hÉirinn ó Mhór-roinn na hEorpa. Níor thóg sé mórán ama sular scaip an galar go tapa chuig chuile chearn den tír.[8] Tá sé seo tubaisteach, ní amháin do na fuinseoga, ach don éiceachóras a bhfuil an crann sin mar pháirt chriticiúil de. Tá díothú cascáideach tuartha má imíonn an fhuinseog sa tSualainn—is é sin córas timthriallach de dhíothú speicis mar go bhfuil siad ag brath, le maireachtáil, ar speicis eile atá díothaithe rompu.[15]
Beidh le feiceáil cén tionchar a bheidh ag meath na bhfuinseog ar éiceachórais na tíre seo. Tá sé íorónta go dtugann tréithe triomach-chrua agus sioc-chrua buntáiste don bhfuinseog sa ré nua d’aeráid the agus thirim atá tuartha de thoradh athrú aeráide. B’fhéidir nach mairfidh an fhuinseog sách fada chun leas a bhaint as na tréithe seo sa ré nua seo, mar gheall ar ghalar a thug an duine isteach go hÉirinn.[16]
Úsáid na Fuinseoige
Is iomaí úsáid atá agus a bhí ag adhmad na fuinseoige. Tá an t-adhmad láidir, crua ach éadrom, solúbtha, agus turraingfhriotaíoch. Go stairiúil, ní raibh ach adhmad darach níos daoire ná adhmad na fuinseoige. Sula raibh cruach agus cóimhiotail eile fairsing, is as an bhfuinseog a dhéantaí frámaí carranna,[17] báid, agus eitleáin.[3, 6] D’úsáidtí é le sleánna agus sciatha a dhéanamh, chomh maith le maidí rámha, cosa casúir, oird, agus oirnéisí eile.[1] Tá snáithe díreach ag an adhmad, agus dath geal air, tréithe luachmhara chun veinír agus cláir urláir a dhéanamh.[3, 6] Cé gur adhmad solúbtha atá ag an bhfuinseog tá sé in ann a bheith briosc freisin, agus bristear é go tobann má lúbtar an iomarca é.[10] Tugtar ‘widow-maker’ ar an bhfuinseog in Essex Shasana mar gheall ar an nós contúirteach atá an gcrann scoilt go tobann agus é á leagan go talamh.[18]
Dár ndóigh, is i ndéantúsaíocht camán agus uirlisí eile spóirt (déantar maidí haca as an bhfuinseog freisin)[19] is mó a bhaintear úsáid as an bhfuinseog in Éirinn, cé go n-úsáidtí adhmad an aitinn (Ulex europaeus) freisin, tráth den saol. Dúirt an scríbhneoir clúiteach Seán Tóibin go fadbhreathnaitheach in 1967 gur “dóigh leis an lucht stiúrtha go rachaidh an iománaíocht ar ceal dá mbeadh gannchúis fuinseoige sa tír”.[10] Le meath na fuinseoige déantar camáin anois as ábhar éagsúil amhail bambú, plaisteach, agus snáithín carbóin. B’fhéidir go gcaithfear fós filleadh ar an aiteann. Spéisiúil go leor, ní as an bhfuinseog a dhéantar camáin in Albain ach as an hicearaí (Carya spp.), an seiceamóir (Acer pseudoplatanus), agus an tsaileach bhán (Salix alba).[10] Is as an tsaileach bhán freisin a dhéantar slacáin chruicéid.[3]
Dónn adhmad na fuinseoige go maith. Tugann sé teas breá agus maireann an t-adhmad sa tine ar feadh i bhfad. Tá níos lú taise ann ná aon adhmad eile agus dónn sé fiú gan é a bheith stálaithe (cé gur fearr é a stálú sula ndóitear é).[17] Bhaintí úsáid as adhmad na fuinseoige i súdaireacht agus cuireann coirt na fuinseoige dath buí ar éadaí freisin.[20] Tá tagairt i mBailiúchán na Scol, ó Leithrinn, Contae na Gaillimhe, go ndéantaí dath as rúta na fuinseoige, ach ní luaitear cén dath é fhéin. D’úsáidtí adhmad na fuinseoige i mballaí caolaigh i mBaile Átha Cliath na Meánaoise.[1]
Béaloideas na Fuinseoige

Is crainn fhuinseoige a bhí i dtrí cinn de chúig chrann finscéalacha: Bile Tortan, a leagadh in 600 AD; Craobh Dhaithí a d’fhás i bhFir Bhile, Contae na hIarmhí; agus Bile Uisnigh, a d’fhás in Uisneach, Contae na hIarmhí. Crann iúir (Taxus baccata) a bhí in Eo Rosa, agus maítear gur speiceas de chrann darach (cé go bhfuil eo san ainm) a bhí in Eo Mugna.[21] Ceaptar gur áiríodh an fhuinseog, uinnius, mar cheann de “uaisle na coille” in aimsir na bhFéineachais, mar gheall ar thábhacht an adhmaid i ndéantúsaíocht troscáin (ríchathaoireacha go háirithe) agus cosa sleánna.[22] Meastar gur tugadh an t-ómós seo don bhfuinseog freisin mar go bhfásann sí ar chréafóg ghlárach, agus gur comhartha é de thalamh shaibhir an crann a bheith ag fás ann.[22]
Ba léir go raibh ómós—faitíos, fiú—ag daoine roimh an bhfuinseog. Is iomaí scéalta atá i mBailiúchán na Scol a bhfuil an mí-ádh, nó an bás féin, i ndán do dhaoine a dhéanann dochar don chrann ar bhealach eicínt. Tá scéal ann faoi ghabha a rinne iarracht fuinseog, a bhí ag fás in aice le tobar beannaithe sa nGráinseach, i gContae Cheatharlach, a ghearradh go talamh. Nuair a chuaigh sé suas sa gcrann le craobh a ghearradh, chonaic sé go raibh a theach trí thine. Ach nuair a rith sé abhaile, ní raibh tine le feiceáil. Trí huaire a tharla sé seo, agus ar an tríú huair shocraigh sé coinneáil leis agus an chraobh a ghearradh, ag ceapadh nach mbeadh a theach trí thine. Nuair a chuaigh sé abhaile, bhí a theach dóite go talamh.
Tá scéal eile sa mbailiúchán céanna ó Chontae Mhuineacháin faoi fhear, lag leis an ocras le linn an Ghorta Mhóir, a thriail crann fuinseoige a ghearradh chun é a dhó sa tine. Frítheadh an fear an lá dar gcionn sínte ag bun an chrainn, an tua fós ina láimh aige, agus é marbh leis an ocras agus a chuid iarrachtaí an crann a ghearradh.
Maraon le crainn eile a cheaptaí go raibh cumhachtaí ag baint leo, d’úsáid daoine fuinseoga chun iad a chosaint freisin. Dhóití adhmad na fuinseoige chun an ruaig a chur ar an diabhal, agus ba chosaint í slat fuinseoige in aghaidh oilc.[23]
Toibreacha agus Fuinseoga
Bhíodh nasc idir fuinseoga agus toibreacha beannaithe, freisin. I staidéar amháin, chonacthas gur fuinseoga a bhí in 75 crann as 210 a d’fhás in aice le toibreacha beannaithe. Is í an sceach gheal (Crataegus monogyna) an crann ba choitianta a d’fhás in aice leo. Ní hé sin le rá gur cuireadh na crainn sin d’aon turas ag na suíomhanna sin. Is iad an fhuinseog agus an sceach gheal na crainn is coitianta sa tír agus bheifeá ag súil gurb iad a bheadh ag fás in aice le tobar beannaithe, nó sainchomhartha tíre eile.[23] Ach is minic go ndéantar tagairt dhíreach don chrann nuair a dhéantar cur síos ar chumhachtaí na dtoibreacha, agus tá sé seo le feiceáil ach go háirithe sna taifid i mBailiúchán na Scol. Baineann céatadán suntasach de na hiontrálacha faoin bhfuinseog sa mbailiúchán le toibreacha beannaithe.
Deirtear go minic sna hiontrálacha nach ndófaidh craobhacha ó chrainn a fhásann in aice le tobar beannaithe. Tá sé seo ráite faoi fhuinseoga in aice le toibreacha i gCarraig Uí Leighin, Contae Chorcaí, i gCill Dalláin, Contae na hIarmhí, agus i mBaile an Teampaill, Contae Chorcaí. B’fhéidir go bhfuil údar praiticiúil ann leis an scéal seo a scaipfidh i measc an phobail. Is iondúil go luaitear go mbíonn baint ag an gcrann le leigheas nó le cumhachtaí an tobair, agus luíonn sé le réasún nach mbeifeá ag iarraidh go mbreathnódh daoine ar an gcrann beannaithe mar ábhar breosla.
Ní gá go mbeadh an fhuinseog in aice le tobar beannaithe le daoine a leigheas. D’úsáidtí codanna an chrainn chun cóireáil a chur ar dhaoine a bhí ag fulaingt le raon leathan breoiteachtaí—scoilteacha, éidéime, agus fiabhras ina measc.[20] Gheobhadh an sú, a thiocfadh as géag fuinseoige a cuireadh sa tine, réidh le faithní ach é a chuimilt ar an gcraiceann, de réir iontráil amháin i mBailiúchán na Scol. Tá an leigheas céanna ar thinneas cluaise—an sú a chur ar olann agus é a chur sa gcluas thinn—luaite d’iontrálacha ó Uíbh Fhailí, Tiobraid Árann, Cill Dara, agus Contae na Mí. Spéisiúil go maith, bhí an leas céanna á bhaint as an bhfuinseog i Sasana chun tinneas cluaise a mhaolú.[18] Tugann an scaipeadh tíreolaíochta seo le fios gur oibrigh an modh seo, nó sin go raibh na pisreoga céanna á roinnt idir thíortha difriúla. Luaitear freisin sa mBailiúchán gur leigheas do shúile tinne iad bachlóga duilleog fuinseoige curtha in uisce. Ach is minic an chóireáil leighis seo a bheith neamhghnách. De réir iontráil amháin ó Contae na Mí, ní gá ach tairne a bhuaileadh isteach i stoc fuinseoige le doightheacha (tinneas fiacaile) a leigheas.
I gContae Mhuineacháin bhí leas eile, thar a bheith difriúil, á bhaint as an bhfuinseog. D’úsáidtí é chun maidhm sheicne, nó heirne, a leigheas. Scoiltfí gas nó stoc d’fhuinseog óg le poll nó bearna a dhéanamh ann a bheadh sách mór le go mbeadh an duine breoite in ann dul tríd. Chuirfí tríd an bpoll iad agus, tar éis roinnt paidreacha a rá, cheanglaítí an crann le chéile arís chun an poll a dhúnadh agus le go gcneasódh an crann. Ní fhéadfaí an chrann a ghearradh ná a bhaint nó thiocfadh an bhreoiteacht ar ais. Bhí an cleachtas céanna i Sasana, go háirithe do ghasúir óga. Scaití chaithfí iad a chur tríd an bpoll naoi n-uaire le héirí na gréine, ar feadh naoi lá i ndiaidh a chéile, le go ndéanfaí an beart i gceart. Ba searmanas dáiríre a bhí ann, agus bheadh comhoibriú an phobail ag teastáil, le lámh cúnta a thabhairt agus le crainn fhuinseoige cuí a sholáthar, mar is minic gur ar thalamh phríobháideach a bhídís. Bhí ceangaltas ar úinéir na talún ar a raibh an crann ag fás gan í a ghearradh ina dhiaidh sin (nó ar a laghad fanacht go gcaillfí an othar, ar aon chaoi).[18]
Tá an fhuinseog le feiceáil go mór sa mhiotaseolaíocht i gcultúir eile. Is fuinseog í Yggdrasil, crann na beatha i mbéaloideas na Lochlannach, le craobhacha a leathnaigh timpeall an domhain. Is as an bhfuinseog agus an leamhán (Ulma spp.) a déanadh na chéad daoine, Ask agus Embla, sa gcultúr céanna.[17] Ceaptar go bhfuil iarsma de chultúr na Lochlannach le feiceáil i Sasana nuair a dhónn siad géaga fuinseoige faoi Nollaig, mar chuid de cheiliúradh ar fhéile Yule.[23]
Is díol spéise é an méid crann fuinseoige atá luaite sa mBailúchán le stoc toll acu. Bhí cuid acu chomh mór sin gur féidir le daoine dul isteach iontu. Dheireadh an sagart Aifreann ó stoc chrann fuinseoige i gCora Droma Rúisc, Contae Liatroma. Bhí ceann eile sa tSeanchill, Contae Thiobraid Árann, a bhí chomh mór sin go bhféadfadh cúigear maireachtáil taobh istigh den chrann. Chodlaíodh Naomh Colm Cille sa bhfuinseog sa Leac Dhearg, Contae na Gaillimhe, de réir seanchais na háite. Dheirtí freisin go ndúnadh an crann ag meán oíche. Bhí scéal eile as Inis, Contae an Chláir, faoi bhuachaill óg a chuaigh ag tóraíocht adhmaid le camán a dhéanamh. Dhún an crann isteach air, agus bhí ar dhaoine an crann a ghearradh chun é a scaoileadh saor. Ba léir go raibh crainn fhuinseoige móra agus ársa níos fairsinge ná mar atá anois, ach chuile sheans nach raibh ceann ar bith acu chomh mór leis an bhfuinseog a bhí, luath san 19ú haois, 13 m timpeall an stoic agus a raibh scoil bheag istigh ann.[24] De réir taifid i gClár na gCrann,[11] bhí an crann imithe i 1910.
Cé go bhfuil na fuinseoga ársa seo díothaithe anois, agus fuinseoga óga faoi léigir ag an ngalar fungais, fanfaidh rian na bhfuinseog linn i logainmneacha na tíre. Tá lorg an chrainn le feiceáil sna focail fuinse, fuinseann, agus fuinseog.[25] Tá Doire na Fuinse i gContae Chiarraí, Abhainn na Fuinseann i gContae Chorcaí, na Fuinseoga i gContae na Mí, agus Fuinseogach i gContae Chábháin. Fágtar an ‘f’ ar lár sa tuaisceart, mar shampla Loch Uinsinne i gContae Dhún na nGall agus Uinseannach i gContae Liatroma.[26]
Crainn Cheirteacha
Is fuinseoga a bhí i gcuid de na crainn ceirteacha in Éirinn, freisin (ba sceacha geala a bhformhór acu). Is minic gur timpeall ar thoibreacha beannaithe a bhíodh siad seo ag fás. Dhearfadh duine paidir nó dhéanaidís mian a chur in iúl, sula gcrochtaí píosa éadaigh ar an gcrann. Maítear nach ofrálacha a bhí sna héadaí seo, ach gur bealach siombalach a bhí ann chun fáil réidh le pé imní, tinneas, nó olc a bhí ag cur as don té a chroch iad.[27]
Bhí an traidisiún seo—ina gcrochtaí píosaí éadaigh ar chrainn—forleathan san Eoraip, san Áis, agus san Afraic. Ar a chuid taistil, chonaic Maurice Keatinge (c.1761–c.1835), polaiteoir agus coirnéal in arm na Breataine, “rags, potsherds, and the like trash” crochta ar sceacha ológa i dtuaisceart na hAfraice. Nuair nár éirigh leis míniú a fháil ó mhuintir na háite faoin gcleachtas, scríobh sé: “a traveller will see precisely the like in the West of Ireland and will receive an equally satisfactory account upon the subject”.[28] Ach tugtar cur síos maith ar an gcleachtas seo i mBailiúchán na Scol:
“Nowadays we have very few holy wells in this district. But there is one on Corn hill and it is supposed to have the cure of warts. What you have to do is to take a pin that is in the well and prick the warts with it and leave it back again. Anyone that does not put back the pin will be all covered with warts next day. There is also another well in Formulagh near Legga and it is supposed to have the cure of Yellow Jaundice the well is cut out of the trunk of a tree and there are red pieces of flannel hanging on the tree anyone that has this desease can take a rag and pin it on their clothes for ten minutes and in two hours you will be better, but be sure to leave back the rag.”
Bailiúchán na Scol, 761:25
Is le gairid, a bheag nó a mhór, a tosaíodh ag tairneáil boinn airgid sna crainn seachas ag crochadh éadaí orthu. Bhí daoine ag crochadh éadaí sna 1930idí ar chrann ceirteacha (seiceamóir, Acer pseudoplatanus, a bhí ann) i gCluain Eidhneach, Contae Laoise, a raibh log idir na craobhacha ina raibh uisce leighis ann. Bhíodar ag bualadh boinn inti sna 1990idí, nó gur bhásaigh an crann le nimhiú miotail in 1994. Bhí an chéad 2 m de stoc an chrainn, ón talamh aníos, clúdaithe le boinn a bhí buailte isteach sa gcrann le casúr.
Deirtear go mbuaileann tintreach an fhuinseog sula mbuaileann sé aon chrann eile,[19, 23] agus tá dornán de thaifid i mBailiúchán na Scol a léiríonn an nasc seo idir an fhuinseog agus tintreach. In iontráil amháin, in 1911 i gContae na Mí, luaitear gur maraíodh 17 beithíoch nuair a bhuail tintreach fuinseoige iad. De réir scéala eile as Contae na Mí, bhuail tintreach fuinseog a bhí in aice tí. Dar leis an scéalaí, lean an tintreach fréamhacha an chrainn, a chuaigh faoin teach, agus aníos arís agus isteach sa teach ina phléasc.
Is feiniméin chasta iad tintreacha. Is iomaí cosán a thógann siad ag teacht anuas ó na scamaill, agus ag dul ón talamh suas arís go dtí na clabhtaí (bíonn an tintreach a fheictear ag dul suas, cé go mbreathnaíonn sé dúinn gur anuas atá sé ag teacht). Bíonn sé deacair a thuar cén áit go díreach a shocraíonn tintreach dul go talamh, agus ní i gcónaí a roghnaítear an crann nó an rud is airde. Mar sin, cé gur minic don fhuinseog a bheith ar an gcrann is airde sa gceantar, ní hé an crann is airde i gcónaí a bhuaileann tintreach ach an oiread.[29]
Tá tionchar mór agus leanúnach ag tintreacha ar chrainn. Tarlaíonn timpeall 44 tintreach gach soicind (beagnach 4 mhilliún gach lá) ar an bpláinéad,[30] agus is sna ceantair thropaiceacha a tharlaíonn 78% acu seo. Ní bhuaileann chuile cheann an talamh—téann cuid acu ó scamall go scamall. Ach tá gach tinreach a tharlaíonn sa spéir tábhachtach do phlandaí, mar go bhfhosaíonn tintreach nítrigin sa gcréafóg. Briseann teocht ard na tintrí na naisc idir an dá adamh sna móilíní nítrigine (N2) atá san aer. Nascann na hadaimh nítrigine a bhíonn scaoilte saor le hocsaigin (O2) chun ocsaídí nítrigine (NO2) a dhéanamh. Tuaslagann sé seo le huisce san atmaisféar chun aigéad nítreach a dhéanamh. Titeann sé seo le báisteach, téann sé isteach sa gcréafóg,[31, 32] agus baineann plandaí úsáid as mar leasú talún agus iad ag fás.
Dár ndóigh, lasann tintreacha falscaithe freisin. Cé go bhfuil tinte fiáine mar seo in ann go leor dochair a dhéanamh de chrainn nach bhfuil in ann an teas a sheasamh, tá loscadh mar seo tábhachtach do chrainn bhuaircíneacha ar leith, ar nós an péine contórtach (Pinus contorta) agus an chrónghiúis (Sequoia sempervirens). Osclaíonn an teas buaircíní na gcrann seo chun na síolta a scaoileadh. Bíonn an talamh loiscthe ar a dtiteann siad foirfe do na crainn óga, a bhíonn in ann fás gan iomaíocht ó phlandaí eile. Le go mbeidh an straitéis seo éifeachtach, bíonn tinte beaga, rialta ag teastáil ó na crainn seo. Ach ní mar sin a bhíonn tine anois. Leis na cineálacha triomaigh atá ag tarlú le hathrú aeráide, anuas ar na bealaí sochtadh dóiteáin atá ar siúl ag daoine atá ag iarraidh maoin a chosaint, is loscadh mór millteach a bhíonn mar thoradh ar thintreacha anois, rud a dhéanann damáiste do gach rud atá beo sa gceantar sin.[33]
Tá tintreacha in ann damáiste díreach a dhéanamh do chrainn, freisin, má bhuailtear iad. Mura maraítear an crann ar an toirt, lagaíonn tintreach crainn sa gcaoi is go mbíonn siad leochaileach d’ionsaithe ó fheithidí agus ó ionfhabhtú ó ghalracha. Ar an gcaoi chéanna go bhfuil tintreach in ann go leor beostoc a mharú in aon iarraidh amháin, tá tintreach amháin in ann dochar a dhéanamh de go leor crainn. In 1970 maraíodh 250 péine Albanach (Pinus sylvestris) a bhí i bhfáschoill i Sasana nuair a bhuail tintreach amháin iad.[31]
Is é méid teasa na tintrí, agus an ráta tapaidh a théann an crann, a dhéanann damáiste den chrann nuair a bhuaileann tintreach toirní é. Ceaptar go ngalaíonn an t-uisce sa gcaimbiam chomh tapaidh sin go bpléascann an t-adhmad. Fágtar rian an phléasca ar an stoc, agus má bhíonn fuinneamh an bhuille tintrí sách ard, scriostar an crann go hiomlán. Cé go luaitear uisce sna fréamhacha, nó roisín agus stáirse san adhmad, mar chúiseanna go mbuaileann tintreach speicis éagsúla crainn thar a chéile, níl aon fhianaise ann go bhfuil crainn ar leith, an fhuinseog san áireamh, níos leochailí (ná níos mealltaí) do thintreach.[29]
Tagairtí
1. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
2. Dinneen, P.S., An Irish-English Dictionary. 1927: Educational Company of Ireland.
3. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
4. Dobrowolska, D., et al., A review of European ash (Fraxinus excelsior L.): implications for silviculture. Forestry: An International Journal of Forest Research, 2011. 84(2): p. 133-148.
5. Thomas, P.A., Biological flora of the British Isles: Fraxinus excelsior. Journal of Ecology, 2016. 104(4): p. 1158-1209.
6. Beck, P., et al., Fraxinus excelsior in Europe: distribution, habitat, usage and threats. 2016.
7. Fossitt, J.A., A Guide to Habitats in Ireland, A.C. Oidhreachta, Editor. 2000.
8. McCracken, A., et al., Ash dieback on the island of Ireland. 2017, Swedish University of Agricultural Sciences.
9. Marigo, G., et al., Success in the demographic expansion of Fraxinus excelsior L. Trees, 2000. 15(1): p. 1-13.
10. Tóibín, S., Troscán na mbánta: aistí simpli ar na crainn choitianta dúchais. 1967: Oifig an tSoláthair.
11. The Tree Register of Britain and Ireland. 2024.
12. Saumitou-Laprade, P., et al., Polygamy or subdioecy? The impact of diallelic self-incompatibility on the sexual system in <i>Fraxinus excelsior</i> (Oleaceae). Proceedings of the Royal Society B: Biological Sciences, 2018. 285(1873): p. 20180004.
13. Mitchell, A., Clones of Leyland cypress. IDS Yearbook, 1985. 1985: p. 97-100.
14. Khela, S. and S. Oldfield Fraxinus excelsior. The IUCN Red List of Threatened Species, 2018.
15. Hultberg, T., et al., Ash dieback risks an extinction cascade. Biological Conservation, 2020. 244: p. 108516.
16. Pautasso, M., et al., European ash (Fraxinus excelsior) dieback – A conservation biology challenge. Biological Conservation, 2013. 158: p. 37-49.
17. Mytting, L., Norwegian Wood: Chopping, Stacking, and Drying Wood the Scandinavian Way. 2015, Londain: Maclehose Press.
18. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
19. Bell, S., et al., Cultural aspects of the trees in selected European countries: COST E42: Valuable broadleaved trees in Europe. 2009.
20. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
21. Ó hÓgáin, D., Trees in Irish Lore. Irish Forestry, 2003. 60: p. 46-60.
22. Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.
23. Mac Coitir, N., Ireland’s Trees–Myths, Legends & Folklore. 2016: Gill & Macmillan Ltd.
24. Ní Dhonnchadha, M., M’Airiuclán hi Túaim Inbir: Speaker and Setting, in Lorg na Leabhar: A festschrift for Pádraig A. Breatnach, C. Breatnach, M. Ní Úrdail, and G. Ó Riain, Editors. 2019, Four Courts Press: Baile Átha Cliath.
25. Mc Loughlin, J., Trees and woodland names in Irish placenames. In. Irish Forestry, 2016. 73: p. 239-257.
26. Mac Labhraí, S., Local Placenames. "Before I Forget…": Journal of the Poyntzpass and District Local History Society, 1989(3): p. 15-25.
27. Houlbrook, C., Small change: economics and coin-trees in Britain and Ireland. Post-Medieval Archaeology, 2015. 49(1): p. 114-130.
28. Walhouse, M.J., Rag-Bushes and Kindred Observances. The Journal of the Anthropological Institute of Great Britain and Ireland, 1880. 9: p. 97-106.
29. Mäkelä, J., et al., Attachment of natural lightning flashes to trees: Preliminary statistical characteristics. Journal of Lightning Research, 2009. 1(1).
30. Christian, H.J., et al., Global frequency and distribution of lightning as observed from space by the Optical Transient Detector. Journal of Geophysical Research: Atmospheres, 2003. 108(D1): p. ACL 4-1-ACL 4-15.
31. Taylor, A.R. Ecological aspects of lightning in forests. in Proceedings of the Tall Timbers fire ecology conference. 1974.
32. Schumann, U. and H. Huntrieser, The global lightning-induced nitrogen oxides source. Atmos. Chem. Phys., 2007. 7(14): p. 3823-3907.
33. Stephens, S.L., et al., Drought, Tree Mortality, and Wildfire in Forests Adapted to Frequent Fire. BioScience, 2018. 68(2): p. 77-88.
Tuilleadh Íomhánna













