An Draighean Fearna
Frangula alnus

Tá an draighean fearna ar cheann de na crainn dhúchasacha is annaimh in Éirinn, cé go bhfuil sé réasúnta coitianta sna gnáthóga ina bhfásann sé. Is sceach dhúchasach, dhuillsilteach í. Tá dhá chineál planda ann—crann ard agus sceach shínte a fhásann, den chuid is mó, sa mBoireann. Tá gaol gar ag an draighean fearna leis an bpaide bréan—breathnaíonn siad cosúil lena chéile agus fásann siad go minic sna gnáthóga céanna, cé go bhfuil an paide bréan níos coitianta. Tá cáil ar an draighean fearna mar ar chaighdeán an fhioghuail (agus púdar dubh do thinte ealaíona) a sholáthraíonn sé.

Ainmneacha eile: Ramhdhraighean
Béarla: Alder Buckthorn;Black Dogwood, Fen Buckthorn
Réamhrá
Fásann an draighean fearna ar fud réimse measartha na hEorpa agus iarthar na hÁise. Tá sé nádúraithe agus ionrach i Meiriceá Thuaidh ón 18ú haois.[1]
Tá an draighean fearna ar cheann de na crainn dhúchasacha is annaimh in Éirinn, cé go bhfuil sé coitianta sna gnáthóga ina bhfásann sé. Is in oirthuaisceart na tíre, i lár na tíre, agus i gContae na Gaillimhe agus Contae an Chláir is mó a fheictear an crann ag fás.[2] Tá laghdú tagtha ar an méid crann a fhásann in Éirinn mar gheall ar dhraenáil, ar bhaint mhóna, agus ar an-iomarca leasú talún a bheith in úsáid ag feirmeoirí.[3]
Fásann an draighean fearna ar chréafóg éadrom, ar imill phortaigh ardaithe aigéadacha nó ar mhoingeanna alcaileacha. Ní fhásann sé i scáth trom i gcoillte agus seachnaíonn sé talamh leathbháite nó áiteanna a bhíonn róthirim (cé go gcaitheann plandaí an geimhreadh faoi uisce i dtulaigh na Boirne).[4]
Is ar an draighean fearna (agus an paide bréan) a bhíonn an buíóg ruibheach (Gonepteryx rhamni) ag brath. Beireann an féileacán seo uibheacha ar na duilleoga agus itheann na bratógaí iad nuair a bheirtear iad.
Cuma an Chrainn
Is crann beag (go 5-6 m),[5] duillsilteach é an draighean fearna, cé go bhfásann sé mar sceach shínte in áiteanna in Éirinn, go háirithe ar bhruacha locha in oirthear na Boirne. Bíonn ceannbhrat oscailte aige ag na crainn arda.
Is coirt liath a bhíonn ar chraobhacha an chrainn, cé go mbíonn dath glas ar ghéaga nua. Ní bhíonn an crann deilgneach (mar a bhíonn an paide bréan).[4]
Duilleoga, Bláthanna, agus Torthaí

Ní bhíonn gainní ar bhachlóga duilleoige an chrainn (bíonn gainní ar an bpaide bréan). Bíonn na duilleoga glasa, lonracha go ailtéarnach ar an ngas (is ar aghaidh a chéile a bhíonn na duilleoga ar an bpaide bréan). Bíonn siad ubhach i gcruth agus níos leithne os cionn a lár. Ní bhíonn na himill fiaclach[6] ach bíonn siad corrach. Bíonn féitheacha (6 go 9 bpéire) comhthreomhara ar dhromchla na duilleoige.

Oscalaíonn na bláthanna beaga buíghlasa i mBealtaine agus Meitheamh. Is bláthanna heirmeafraidíteacha a bhíonn ar an gcrann (bíonn codanna baineanna agus fireanna ar an mbláth céanna). Is cúig pheitil a bhíonn ar na bláthanna (bíonn ceithre cinn ag an bpaide bréan). Pailníonn feithidí, go háirithe foichí, míoltóga agus meachain, na bláthanna.

Athraíonn dath na dtorthaí, caora beaga, ó ghlas go dearg go dubh de réir mar a aibíonn siad.[6] Itheann éin agus lucha iad (agus scaipeann siad iad). Tá an draighean fearna ar cheann de bheagán crann in Éirinn a bhíonn bláthanna, torthaí réamhaibí agus torthaí aibí air ag an am céanna, ón samhradh go tús an gheimhridh.[4]
Mar go snámhann na torthaí in uisce, feictear an draighean fearna ag fás go minic ar bhruacha locha.[7]
Úsáid an Draighin Fearna
Is féidir an draighean fearna a bhunscoitheadh agus déantar maidí siúil, cosa do scáthanna báistí agus briogúin as adhmad an chrainn.[1]
Déanann an t-adhmad fioghual ar ardchaighdeán.[4, 8] Is as an bhfioghual sin a dhéantar púdar dubh a dhónn go tapa agus atá fós in úsáid i dtinte ealaíona agus i bhfiúsanna pléascacha.[1]
Is féidir ruaim bhuí a dhéanamh as coirt an chrainn, ruaim ghlas as na caora réamhaibí[4] agus ruaim ghorm dhorcha as na caora aibí.[7]
Is purgóid iad codanna an chrainn seo, go háirithe an choirt agus na caora (cosúil leis an bpaide bréan).[4] D’úsáidtí codanna an chrainn chun breoiteachtaí ae (buíochán, heipitíteas, agus ciorróis) a leigheas, freisin.[9]
Tagairtí
1. Zecchin, B., G. Caudullo, and D. de Rigo, Frangula alnus in Europe: Distribution, habitat, usage and threats. European Atlas of Forest Tree Species, 2016.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. Finlay, C.M., et al., Low genetic diversity and potential inbreeding in an isolated population of alder buckthorn (Frangula alnus) following a founder effect. Scientific Reports, 2017. 7(1): p. 3010.
4. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
5. Stokes, J., Trees of Britain and Ireland. 2025: Princeton University Press.
6. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
7. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
8. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
9. Wyse, S.V., J.E. Brown, and P.E. Hulme, Seed release by a serotinous pine in the absence of fire: implications for invasion into temperate regions. AoB Plants, 2019. 11(6): p. plz077.
Tuilleadh Íomhánna









