An Fheá
Fagus sylvatica

Is crann mór ard í an fheá le craobhacha láidre a leathann amach ón stoc. Ní fhásann mórán plandaí faoin duilliúr dlúth mar nach scaoiltear mórán solais síos go talamh, agus mar go gcuireann na duilleoga feoite faoin gcrann le haigéadacht na créafóige. Ní crann dúchasach í an fheá agus, cé go síolraíonn sí go héasca ar fud an oileáin, breathnaítear uirthi mar chrann ionrach nach féidir le crainn dhúchasacha eile dul in iomaíocht léi.

Ainmneacha Eile: Crann feá, fáibhile, fáidhbhile[1], fáibhile rua (feá rua), fáibhile crón (feá rua)
Béarla: Beech
An Fheá in Éirinn
Is iondúil gur crann mór ard í an fheá. Ceaptar gur ó phobal beag crainn, a mhair tríd an oighearaois dheiridh a leath an fheá trasna na hEorpa nuair a thosaigh an aeráid ag téamh arís. Is crann í atá fairsing anois ar fud na hEorpa—ón tSicil go deisceart na hIorua. Ní mhaireann sí níos faide ó thuaidh ná sin mar go bhfuil séasúr fada fáis (os cionn 140 lá) ag teastáil ón gcrann. Faightear an crann chomh fada soir leis na Sléibhte Cairp, ach is í an fheá oirthearach (Fagus orientalis), crann atá in oiriúint níos fearr d’aeráid ilchríochach, atá níos coitianta soir uaidh sin.[2] Tá an fheá anois curtha go forleathan taobh amuigh dá réimse dúchais.[3]
Cé go bhfuil an fheá ag fás i ndeisceart na Breataine le timpeall 5,000 bliain[4] (in ainneoin go raibh sé ar cheann de na crainn deireanach a tháinig chun na Breataine tar éis na hoighearaoise)[3] ní crann í a tháinig go hÉirinn go nádúrtha. Ní fios cén uair ar tugadh an fheá isteach go hÉirinn, ach b’fhéidir gur tháinig sí leis na Normannaigh, dream a bhí eolach go maith faoin gcrann.[1] Bhí an-tóir ar an gcrann in Éirinn agus cuireadh go forleathan í. Tá sí anois nádúraithe in Éirinn agus tá coillte feá ag fás ar thalamh tirim ar fud na tíre.[1, 3] Tá an fheá forleathan in Éirinn anois seachas sna ceantair fheannta ar an gcósta iartharach.[3]
Tá an fheá in ann coinníollacha difriúla a sheasamh. Tá sí ar an gcrann duillsilteach is scáthfhulangaí ina ceantar dúchais,[2] tréith a chuireann ar chumas na gcrann óg maireachtáil faoi scáth na bhfeánna lánairde. Fásann sí in ithir alcaileach nó aigéadach (cé nach bhfuil sí in ann fás i gcréafóg atá an-aigéadach)[2] agus atá réasúnta torthúil. Tá créafóg atá draenáilte go maith uaithi[3] agus ní fhásann sí go maith i dtalamh atá báite go rialta.[2] Tá sí leochaileach do thriomach agus gálaí mar nach mbíonn fréamhacha domhain ag an gcrann.[4] Bhí an fheá ar cheann de na líon speiceas beag de chrainn dhuillsilteacha a d’fhulaing le linn stoirm Éowyn in Eanáir 2025.
Cuma na Feá

Is crann mór ard í an fheá, le ceannbhrat leathan, agus is go cothrománach a fhásann na craobhacha amach ón stoc. Is iondúil gur stoc amháin a bhíonn ar an gcrann[2] agus is an-mhór a bhíonn an stoc sin i gcrainn lánfhásta.[4] Tá sí éagsúil ó chrainn eile mar go leanann sí leis an bhfás go bhfuil aois mhaith ag an gcrann.[2] Tá sí in ann 30-40 m a bhaint amach, agus uasmhéid de 50 m i gcásanna eisceachtúla. In Éirinn is iondúil go bhfásann an fheá go 30 m[1]—is 39 m atá an fheá is airde sa tír, i gContae Mhuineacháin.[5]
Is minic a mbreathnaíonn an fheá níos sine ná mar atá sí i ndáiríre. Ní crann fadsaolach í an fheá, in ainneoin go bhfuil sí sa bhfine céanna leis an dair, crann atá in ann 1,000 bliain a bhaint amach. Is iondúil nach maireann an fheá níos faide ná 150-300 bliain[2] (b’fhéidir 200 bliain in Éirinn).[1]
Coirt agus Duilleoga
Is dath liath nó dath an airgid a bhíonn ar choirt na feá[2] agus is furasta an speiceas a aithint sa ngeimhreadh ó chrainn mhóra duillsilteacha eile amhail an fhuinseog (Fraxinus excelsior) nó na daracha (Quercus spp.) mar go mbíonn coirt na feá mín—ní thagann scoilteanna ann le haois, fiú i gcrainn lánfhásta.[1]
Is géaga tanaí a bhíonn ar an gcrann, agus bíonn bachlóga na nduilleog fada agus biorrach. Is dath deargdhonn a bhíonn orthu sa ngeimhreadh, agus is cruth ubhach nó éilipseach a bhíonn ar na duilleoga.[1] Bíonn dromchla féitheach ar na duilleoga agus bíonn ribí gruaige ar imill agus ar fhéitheacha na nduilleog óga.[6, 7] Is dath líoma-ghlas a bhíonn ar na duilleoga óga, athraíonn siad go dath níos dorcha le linn an tséasúir fáis, agus cailleann siad na ribí gruaige ón imeall.[2]
Ní bhíonn imeall na nduilleog an-fhiaclach, i gcomparáid leis na duilleoga fiaclacha a bhíonn ar an gcrann sleamhain (Carpinus betulus), crann a bhreathnaíonn cosúil leis an bhfeá. Bíonn imeall na nduilleog corrach. Bíonn na duilleoga a fhásann i solas na gréine níos lú agus níos cruaite ná na duilleoga móra a bhíonn sa scáth.[4] Coinníonn an fheá a cuid duilleoga feoite ar an ngéag sa ngeimhreadh. Tugtar marcescence ar an tréith seo agus tá sé ag na daracha dúchasacha freisin. Is í seo an chúis a chuirtear an fheá go minic mar fhál.
Bláthanna agus Torthaí
Is crann moinéiciach í an fheá—bíonn bláthanna baineanna agus fireanna ar an gcrann céanna. Tosaíonn na crainn ag bláthú nuair a bhíonn siad timpeall 30-50 bliain d’aois.[2, 4] Is ar ghais fhada a chrochann na caitíní beaga fireanna ón gcrann. Is i bpéirí a fhásann na bláthanna baineanna agus iad timpeallaithe ag tiomchla. Éiríonn an tiomchla adhmadach tar éis don ghaoth na bláthanna a phailniú, agus clúdaítear sa gcupúl—crotal spíonlach—na síolta.[7] Bíonn ceann nó péire de chnónna feá—síolta uilleannacha—istigh sna crotail spíonlacha.[2] Tagann na cnónna chun aibíochta idir Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair, agus titeann siad i mí na Samhna.
Cosúil leis an dair, bíonn blianta measa ag an bhfeá ina gcruthaítear líon mór síolta (gach 5-8 mbliana). Go hiondúil tarlaíonn sé seo sna séasúir i ndiaidh blianta te.[2] Amhail an dair, péacann na cnónna san Earrach dár gcionn. Tá na crainn óga scáthfhulangach seachas nuair a bhíonn siad faoi scáth na feá féin.[4]
Éiceolaíocht na Feá

Is foinse bheatha iad síolta na feá d’ioraí rua agus d’éin cosúil leis an gcolúr coille (Columba palumbus) and an scréachóg choille (Garrulus glandarius), a chuireann na síolta i bhfolach mar stór bia don gheimhreadh. Cuidíonn an fiadhúlra seo leis an gcrann iomadú freisin, mar gur minic nach bhfilltear ar na síolta a chuirtear i dtaisce.[2] Bíonn an talamh i gcoillte feá faoi scáth ag ceannbhrat dlúth na nduilleog agus clúdaithe freisin ag cairpéad de dhuilleoga agus crotail feoite na síolta. Ní mhaireann sna coinníollacha sin ach plandaí scáthfhulangacha.[4] Le rudaí níos deacra a dhéanamh do phlandaí eile, súnn fréamhacha éadomhain na feá an t-uisce atá timpeall ar an gcrann.
Ach bíonn na coinníollacha seo in oiriúint do phlandaí an-annamh, nach bhfuil mórán clóraifille iontu, amhail an magairlín neide éin (Neottia nidus-avis) agus an buíán sailí (Monotropa hypopitys).[4] Mar nach bhfuil mórán plandaí eile in ann scáth na feá a sheasamh, ná dul in iomaíocht le fréamhacha éadomhain an chrainn chun uisce talún a fháil, is minic gurb iad an t-aon speiceas de chrann atá ag fás sa gcoillearnach.[4]
Úsáid na Feá
Tá adhmad geal na feá crua, mín, agus trom. Scoilteann sé agus casann sé go héasca nuair a thriomaíonn sé,[4] ach deirtear gur níos fearr ná dair atá an t-adhmad má stálaítear i gceart é. Úsáidtear é le troscán, urláir agus veinír a dhéanamh, agus i ndeileadh adhmaid freisin.[1] Déantar uirlisí cistine amhail babhlaí, plátaí, agus spúnóga as an adhmad freisin.[2] Dóitear an fheá freisin. Ba iad an crann sleamhain (a bhí bunscoite) agus an fheá (a bhí barrscoite) a sholáthair formhór an adhmaid tine i Londain san am atá caite.[4] Dhéantaí tochtanna le duilleoga feoite na feá—cheaptaí gur compordaí ná tuí a bhíodh siad.[8] Maítear go bhfuil an fréamh céanna ag an ainm Béarla don chrann, beech, agus an focal Gearmáinise buch (leabhar), mar go scríobhtaí ar adhmad na feá.[9]
Tá codanna den chrann inite. Bhíodh gasúir i Sasana ag ithe na nduilleog óga[10] agus déantar licéar astu freisin, measctha le gin agus le mil.[1] Cé go n-itear na cnónna, maítear go bhfuil siad nimhneach freisin. In ainneoin sin, déantar caife as na cnónna bruite, agus is féidir ola a bhaint astu freisin.[8] Tugtar meas ar chnónna na feá, agus is foinse bheatha thábhachtach iad do mhuca. Ceaptar gur ón bhfocal Gréigise phagein, a chiallaíonn “ithe” a tháinig an t-ainm géineasach Fagus, agus gur tagairt í seo don bhfeá mar bheatha do bheostoc.
Is beag béaloidis a bhaineann leis an bhfeá. Bheifeá ag súil go mbeadh sé seo amhlaidh in Éirinn, mar gur le déanaí a tháinig an crann chuig an oileán seo. Ach tá sé seo fíor freisin sa mBreatain, áit a raibh an crann leis na mílte bliain.[11] Seachas go mbaintí úsáid i Sasana as na bachlóga duilleoige le cóir leighis a chur ar neascóidí nó fíocais, níl aon taifead eile d’úsáid na feá mar leigheas ar na hoileáin seo.[12]
Cé go bhfuil an fheá duillsilteach, coinnítear na duilleoga feoite ar an ngéag sa ngeimhreadh. Tugtar marcescence ar an tréith seo, agus tá sé ag an dair freisin.[13] Mar gheall ar an tréith seo, tá tóir ar an bhfeá mar sceach fáil a thugann príobháideachas agus foscadh. Tá an fheá ar cheann de na crainn is coitianta a fhásann in eastáit na dtithe móra in Éirinn—ba mhinic gur mar ascaill feánna a chuirtí iad ar an dá thaobh den bhealach isteach chuig an teach mór.
Saothróga na Feá
Is saothróg den fheá (Fagus sylvatica) é an fheá rua (Fagus sylvatica purpurea) ar a bhfásann duilleoga corcra nó deargdonn. Tosaíodh ag fás na feá rua i ndiméinte Éireannacha ag deireadh an 18ú haois.[1] Is crann é seo a tháinig trí sheans san Eoraip—in 1680 san Eilvéis, in 1722 sa nGearmáin, agus in 1840 san Iodáil. Cé go bhfuil sceacha le duilleoga corcra coitianta in Éirinn, tá an fheá rua ar an bplanda is mó le duilliúr corcra aici.[14]
Is saothróg eile í an fheá shillte (Fagus sylvatica ‘Pendula’) atá coitianta in Éirinn. Crochann na géaga anuas ón gcrann. [1]
Tagairtí
1. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
2. Durrant, T.H., D. De Rigo, and G. Caudullo, Fagus sylvatica in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European atlas of forest tree species, 2016: p. 94-95.
3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
4. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
5. The Tree Register of Britain and Ireland. 2024.
6. Rose, F., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. 2006: Frederick Warne.
7. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
8. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
9. Pierce, M., The book and the beech tree revisited: The life cycle of a Germanic etymology. Historische Sprachforschung/Historical Linguistics, 2006: p. 273-282.
10. Vickery, A.R., Traditional Uses and Folklore of Hypericum in the British Isles. Economic Botany, 1981. 35(3): p. 289-295.
11. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
12. Allen, D.E. and G. Hatfield, Medicinal plants in folk tradition. 2004.
13. Heberling, J.M. and R.-M. Muzika, Not all temperate deciduous trees are leafless in winter: The curious case of marcescence. Ecosphere, 2023. 14(3): p. e4410.
14. Nonić, M.Ž., et al., Variability of Quantitative and Qualitative Characteristics of Fagus sylvatica ‘Purpurea’Clones Produced by Grafting. Notulae Botanicae Horti Agrobotanici Cluj-Napoca, 2017. 45(2): p. 400-407.
Tuilleadh Íomhánna








