An Feoras Seapánach
Euonymus japonicus

Is sceach shíorghlas é an feoras Seapánach, planda atá sa ngéineas céanna leis an bhfeoras dúchasach (Euonymus europaeus). Cuirtear go forleathan i ngairdíní é mar go gcoinníonn sé a chuid duilleoga sa ngeimhreadh agus mar go bhfuil sé in ann ag coinníollacha éagsúla. Fásann sé go maith in aice leis an gcósta, ach go háirithe.

Bíonn duilleoga glasa lonracha air. Is capsúl bándearg é toradh an phlanda—breathnaíonn sé cosúil le toradh an fheorais dhúchasaigh. Osclaíonn an capsúl unair a bhíonn an toradh aibí chun an t-aral oráiste a nochtadh. Is san aral a bhíonn an síol. Scaipeann éin na síolta nuair a itheann siad an toradh.

Is é Oirthear na hÁise—an tSeapáin, an Chóire, agus an tSín—réimse dúchais na sceiche. Is éalaitheach gairdín é an feoras Seapánach a shíolraíonn i gceantair éagsúla in Éirinn, go háirithe i ndeisceart na tíre.

Tuilleadh Íomhánna

