An Fraoch Camógach
Erica erigena

Airde: <1m
Dath an Bhlátha: Bándearg
Géineas: Erica
Fine: Ericaceae
Cé go bhfuil an fraoch naoscaí, an fraoch cloigíneach, agus an fraoch mór thar a bheith coitianta in Éirinn, tá speicis fraoigh eile atá i bhfad níos neamhghnáthaí ag fás ar an gcósta thiar. Faightear an fraoch camógach in iarthar Chontae Mhaigh Eo agus iarthar Chontae na Gaillimhe. Is planda eisceachtúil é seo in Éirinn, mar go mbláthaíonn sé sa ngeimhreadh. Is in 1830 a déanadh an chéad tagairt den phlanda seo in Éirinn, cé go bhfuiltear ag ceapadh go raibh sé ag fás in Éirinn ó 1700 AD ar aghaidh. Is cosúil leis an bhfraoch mór atá an fraoch seo, seachas go bhfásann na duilleoga spíceacha i rothóga de ceithre dhuilleog ar an ngas.

Béarla: Irish Heath
Tuilleadh Íomhánna





