An Tor Cúigmhéarach
Dasiphora fruticosa

Duilleog: Éilipseach
Airde: <1m
Dath an Bhlátha: Buí
Tréimhse faoi Bhláth: Bealtaine, Meitheamh, Iúil
Fine: Rosaceae

Is sa mBoireann is mó a fhásann an tor cúigmhéarach, cé go bhfuil sé le feiceáil in áiteanna eile anseo agus ansiúd. Is iondúil go bhfásann timpeall ar thurlaigh agus áiteanna clochacha eile. Is planda íseal é, le bláthanna beaga buí. Bíonn plandaí fireanna agus baineanna den sceach seo ann. Is sceach dhúchasach í an tor cúigmhéarach. Tá sí aitheanta mar phlanda ‘leochaileach’ ar Liosta Dearg na bPlandaí Soithíocha. Cuirtear an cúigmhéarach tomach, an t-ainm eile atá uirthi, i ngairdíní mar sceach ornáideach freisin.

An tor cúigmhéarach sa mBoireann.

Ainm eile: An Cúigmhéarach Tomach

Béarla: Shrubby Cinquefoil

Tuilleadh Íomhánna