An Sceach Gheal
Crataegus monogyna

Is í an sceach gheal an crann nó an sceach is coitianta in Éirinn, le fáil beagnach i ngach áit. Fásann sí go fairsing i bhfálta, ar imill choillte, ar chnoic agus i scrobarnach. Is planda mallfháis í a d’fhéadfadh crann mór a dhéanamh, cé go mbíonn sí go minic ina sceach dhlúth, deilgneach. Bíonn duilleoga glasa maothánacha aici, a thagann ar an gcraobh sula n-osclaíonn na bláthanna bána, a bhfuil boladh láidir sainiúil acu. Is caora beaga sféarúla, dearga iad na torthaí. Tá saibhreas seanchais ag baint leis an sceach gheal in Éirinn, le piseoga áirithe ag léiriú na cumhachtaí speisialta a bhain léi.

Ainmneacha Béarla: Hawthorn, Common Hawthorn, May tree, One-seed Hawthorn, Whitethorn, Quickthorn
Réimse na Sceiche Gile
Is dócha gurb í an sceach gheal an crann nó an sceach is fairsinge in Éirinn.[1] Ní mórán áiteanna sa tír nach bhfuil an planda seo ag fás ann. Is í an crann is coitianta i bhfálta sceach na tíre, fásann sí ar imill choillte agus i scrobarnach. Fásann sí i ngarrantaí féir, fiú agus beostoc ag innilt timpeall uirthi. Nuair a imíonn na hainmhithe, scaipeann sí go tréan ar fud an gharraí.[2]
Tá an sceach fairsing sa mBreatain freisin, cé is moite de thuaisceart na hAlban, agus fásann sí ó Leithinis na hIbéire soir chomh fada leis an réigiún Chugais, agus ó dheas go tuaisceart na hAfraice.[3]
Fásann sí i ngach cineál créafóige, ach is fearr léi an sceach gheal neart gréine, cosúil le plandaí eile sa bhfine céanna, Rosaceae. Is minic go bhfásann an sceach gheal agus an draighean (Prunus spinosa) sna gnáthóga céanna.
Cuma an Phlanda

Cé gur sceach a thugtar air an bplanda seo, is féidir léi crann mór a dhéanamh nuair a oireann na coinníollacha dó. Is planda mallfháis í ar shuíomhanna feannta.[1] Is féidir léi 15 m in airde a bhaint amach (is 18 m an curiarracht Eorpach), agus bíonn stoc amháin leathan, tiubh ag crainn ársa. Ach is minic gur sceach ilstocach, 2-8 m,a dhéanann sí, agus bíonn cuma dhlúth, dheilgneach ar a ceannbhrat.[3]
Is dath donn nó liath a bhíonn ar an gcoirt gharbh, scoilteach. Bíonn na géaga tanaí agus clúdaithe le deilgní. Ní bhíonn na deilgní chomh fada leo siúd a fhásann ar an draighean, planda a bhreathnaíonn cosúil léi, go háirithe sa ngeimhreadh. Fásann bachlóga duilleoga ar dheilgní an draighin sa ngeimhreadh, ach ní fhásann siad ar dheilgní na sceiche gile.[4]
Duilleoga na Sceiche

D’fhéadfadh cruth na nduilleog a bheith athraitheach, ach is iondúil gur ubhach a bhíonn siad, le 3 go 7 maothán ag gearradh isteach go domhain sa duilleog (níos mó ná leath bealaigh go lár na duilleoige).[5] Is dath glas a bhíonn na duilleoga agus athraíonn siad go dath buí sula dtiteann siad sa bhfómhar.
Bláthanna agus Torthaí

Is bláthanna heirmeafraidíteacha a bhíonn ar an sceach gheal (bíonn codanna baineanna agus fireanna ar an mbláth céanna). Is dath uachtair nó dath bándearg a bhíonn na bláthanna (bíonn dath bán ar bhláthanna an draighin), a fhásann ar an ngéag i mbraislí de thimpeall 16 bláth. Bíonn boladh láidir uathu (deirtear gur boladh míthaitneamhach é).[5]

Pailníonn feithidí na bláthanna agus is caora beaga sféaracha iad torthaí na sceiche gile. Is minic go bhfanann seipil fheoite na mbláthanna ar an toradh aibí. Is iondúil gur síol amháin a bhíonn istigh sa gcaor.[6]
An Sceach Choille
Tá an sceach choille (Crataegus laevigata) an-chosúil leis an sceach gheal. Is crann beag í atá dúchasach sa mBreatain ach is núíosach í in Éirinn (ciallaíonn sé sin gur tháinig sí go hÉirinn am éigean tar éis na bliana 1500 AD). Is in oirthear na hÉireann is mó a fhásann sí.[2] Bíonn sí compordach ar chré throm agus seachnaíonn sí aolchloch.[7]
Cé go mbíonn stiogma amháin ar bhláthanna na sceiche gile, is dhá stiogma a bhíonn ar bhláthanna na sceiche coille. Dá thoradh seo is dhá shíol, seachas ceann amháin, a bhíonn sa toradh. Ní bhíonn maotháin na nduilleog chomh domhain sin ar an sceach choill ach an oiread.[6, 7]
An Sceal Gheal sa tSochaí
Úsáid na Sceiche
Is mó úsáide a bhaintear as an sceach gheal i bhfálta sceach timpeall ar gharrantaí agus páirceanna ná aon chrann eile.[1]
Is adhmad geal, trom, mínsnáitheach atá ag an sceach gheal, ach tá sé deacair é a oibriú.[5] Dhéantaí lámha agus cosa d’uirlisí éagsúla leis, chomh maith le maidí siúil.
Dónn sé go maith agus soláthraíonn sé fioghual maith freisin. Tá an luaith go maith le línéadach a thuar.[5] Chomh maith leis sin, déantar ruaim dhonn nó buí as an gcoirt, na rútaí agus na bláthanna. [3]
Bia
Is foinse mhaith vitimín C iad na torthaí. Dhéantaí glóthach, subhanna, stobhach torthaí le cur i gcácaí, agus fíon as na torthaí agus na bláthanna.[3] Déantar na bláthanna a chur ar bogadh i mbranda chun licéar a dhéanamh.[5]
Dhéantaí plúr as na torthaí triomaithe agus chuirtí leis an ngnáthphlúr é chun arán a dhéanamh.[1, 5] Is féidir sailéid a dhéanamh de na duilleoga agus de na bláthanna, agus tae de na duilleoga.[5]
Leigheas
Ba leigheas a bhí sa sceach gheal ar an mbruinne dhearg, galar a bhuailfeadh beithígh san am atá caite. Chun an chóir cheart a thabhairt, dhéantaí codanna den sceach a bhruith agus an leacht a thabhairt don bhó.420:140
D’úsáidtí an sceach gheal chun cóir leighis a chur ar dhaoine freisin. D’úsáid daoine é chun plúchadh, buinneach, breoiteachtaí a bhain le máilín an domlais a leigheas, agus mar thámhachán d’easuan.[3]
Seanchas na Sceiche

Maítear go bhfuil níos mó seanchais faoin sceach gheal ná mar atá faoi aon chrann eile in Éirinn.[5] Cheaptaí go raibh cumhachtaí ar leith ag na crainn seo agus bhí pisreoga éagsúla ag baint leo. Creideadh nár cheart ainmhithe a bhualadh le craobh den sceach gheal. Cheaptaí gur áit chruinnithe do shíoga a bhí iontu agus go mbeadh fearg orthu dá ndéanfaí dochar don chrann. Chuirtí gasúir nach raibh baistithe faoin sceach gheal in Éirinn.[8]
Is ag fás leo féin a bhíodh crainn go minic (mar go raibh faitíos ar dhaoine iad a ghearradh). Bhí draíocht agus siombalachas an chrainn chomh mór in aigne an phobail gur cuireadh bóithre nua ar mhalairt treo chun gearradh na gcrann a sheachaint.
Bhí ádh agus mí-ádh ag dul don sceach gheal. Ba droch-chomhartha é craobh den sceach a thabhairt isteach sa teach i mBaile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí, go háirithe agus é faoi bhláth:
“Ná tabhair an sceach gheal isteach in aon tig leat aon am de’n bhliain nó deanfair díoghbhail duit féin nó den tig sin.”
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 166
Ach ba léir nár aontaigh chuile dhuine i gCiarraí leis an nósmhaireacht seo, mar is léir ón iontráil seo ó Cheann Trá:
“Lá Bealtaine do tugtaí an sceach gheal isteach agus cuirtí ag beiriú é agus tugtaí an súghlach do bhion nó do ghamhain go mbeadh galar airighthe aici.”
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0422, Leathanach 127
Ceaptar go raibh baint ag boladh na mbláthanna leis seo. Is trímheitiolaimín sna bláthanna—an ceimiceán a chruthaítear nuair a lobhann éisc agus feoil—is cúis leis an mboladh ar leith atá ag na bláthanna. I Londain, Shasana, rinne daoine comparáid idir an drochbholadh seo agus an galar marfach, an bholgach.[8]

In ainneoin an bholaidh, thabharfadh daoine in Éirinn na bláthanna isteach sa teach ar Lá Bealtaine agus choinnídís iad ann ar feadh míosa. Ar an Lá Bealtaine, freisin, shádh siad géaga na sceiche gile i gcréafóg na ngarrantaí chun na barraí a chosaint.[8]
Bhí sceach gheal i gCo. Luimnigh ar a dtugtaí Sceach an Aifrinn air. Deirtear gur ann a léadh na sagairt an t-aifreann, nuair a bhídís ar a tóir le linn aimsir na bpéindlithe.517:98
Tagairtí
1. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. Fichtner, A. and V. Wissemann, Biological flora of the British Isles: Crataegus monogyna. Journal of Ecology, 2021. 109(1): p. 541-571.
4. Stokes, J., Trees of Britain and Ireland. 2025: Princeton University Press.
5. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
6. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
7. Thomas, P.A., et al., Biological flora of the British Isles: Crataegus laevigata. Journal of Ecology, 2021. 109(1): p. 572-596.
8. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
Tuilleadh Íomhánna








