An Cainchín Mion
Cotoneaster microphyllus

Duilleog: Ubhach
Airde: <1m
Dath an Bhlátha: Bán
Tréimhse faoi Bhláth: Aibreán, Bealtaine, Meitheamh
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Iúil, Lúnasa, Meán Fómhair
Géineas: Cotoneaster
Fine: Rosaceae

Is ón Áis a tháinig an cainchín mion, ceann de roinnt speiceas ón ngéineas Cotoneaster atá ag fás fiáin in Éirinn. Is sceach íseal, shínte í a cuireadh mar sceach ornáideach. Is féidir é a aithint ó na speicis eile de chainchín in Éirinn mar gheall go mbíonn na duilleoga níos lú ná mar a bhíonn ar na cainchíní eile.  Tagann caora beaga dearga ar an bplanda tar éis do na bláthanna beaga bána pailniú. Scaipeann éin na síolta ar fud na tíre. Breathnaítear ar an gcainchín seo mar phlanda ionrach mar go scaipeann sé go héasca agus plúchann sé plandaí dúchasacha. Tá sé ag scaipeadh sa mBoireann agus in áiteanna eile a d’éalaigh sé ó ghairdíní.

An cainchín mion sa mBoireann.

Ainm eile: Cotóinéastar Mionduilleach

Béarla: Small-leaved Cotoneaster

Tuilleadh Íomhánna