An Cainchín Balla
Contoneaster horizontalis
Is ón tSín a tháinig an cainchín balla, ceann de roinnt speiceas ón ngéineas Cotoneaster atá ag fás fiáin in Éirinn. Is sceach íseal, shínte í a cuireadh mar sceach ornáideach mar go gclúdaíonn sí clocha, sconsaí, agus claíocha. Tagann caora beaga dearga ar an bplanda síorghlas seo tar éis do na bláthanna beaga bána pailniú. Scaipeann éin na síolta ar fud na tíre. Breathnaítear ar an gcainchín balla mar phlanda ionrach mar go scaipeann sé go héasca agus plúchann sé plandaí dúchasacha.

Béarla: Wall Cotoneaster
Tuilleadh Íomhánna




