An Cordailín
Cordyline australis

Míonna na mBláthánna agus na dTorthaí
Duilleog: Líneach
Airde: 20m
Dath an Bhlátha: Bán
Pailniú: Feithidí
Scaipeadh Síolta: Éin

Is í an Nua-Shéalainn ceantar dúchais an chordailín—crann beag síorghlas. Tugann an stoc tanaí agus na duilleoga fada caola, a fhásann mar róiséad ó bharr an chrainn, cuma andúchasach don phlanda. Níl mórán crann eile in Éirinn a bhreathnaíonn chomh has áit leis an gcordailín agus é ag fás ar chósta feannta an iarthair.

Is panacal mór—uaireanta os cionn 1m ar fhad—é bláthra an chordailín. Fásann sé mar spíce mór ó bharr an chrainn, agus é sleabhctha le meáchan na mbláthanna bána. Tagann caora beaga bána nó gorma ar an gcrann tar éis do fheithidí na bláthanna a phailniú.

An cordailín.

Cosúil le plandaí eile ón Nua-Shéalainn—tír leis an aeráid fhliuch, mheasartha chéanna—fásann an cordailín go maith in Éirinn. Bíonn créafóg dhraenáilte uaidh, ach seachas sin bíonn an crann compordach in ithir bhocht nó shaibhir, alcaileach nó aigéadach. Fásann sé go 20m ar airde.

Is crann leathchrua é. Glacfaidh sé le teocht chomh fuar le -5oC ar feadh tréimhsí gearra, ach maróidh drochshioc fada an chuid den chrann atá ag fás os cionn na talún. Rinne an aimsir fhuar in 2010 scrios ar na cordailíní in Éirinn agus sa mBreatain, cé is moite díobh siúd in iarthar na hÉireann. Ach d’fhás a bhformhór ar ais arís mar go raibh na fréamhacha slán.

Bláthanna an chordailín.

Bhain Māori na Nua-Shéalainne go leor úsáide as an gcordailín. Bhídís ag ithe gais agus fréamhacha an phlanda. Dhéanfaidís rópaí as na duilleoga, chomh maith le hábhar tí cosúil le mataí, éadaigh, agus ciseoga. Bhaintí úsáid as codanna an chrainn sa luibhliacht freisin.

Tá an cordailín curtha i ngairdíní ar fud na hÉireann. Deirtear go bhfuil sé ag fás fiáin mar éalaitheach gairdín in oirdheisceart an oileáin, ach níltear cinnte fós ar shíolraigh na crainn fhiáine sin nó ar fhás siad ó dhramhaíl gairdín a bhí caite amach.

Tá an cordailín sa gclann plandaí céanna (Asparagaceae) leis na coinnle corra (Hyacinthoides non-scripta).

Ainm eile: An Cordailín Deisceartach

Tuilleadh Íomhánna