Céadar na Liobáine
Cedrus libani

Is buaircíneach fadsaolach é céadar na Liobáine a fhásann go dúchasach sa Liobáin, sa tSiria, agus sa Tuirc. Bíonn cruth cónach ar chrainn óga, ach leathnaíonn na craobhacha cothrománacha amach ón stoc tiubh láidir le haois. Tugann an chuma seo, agus airde an crainn (an céadar go os cionn 40 m ar airde) seo cruth uathúil, inaitheanta do chéadair na Liobáine.

Cosúil le crainn eile sa bhfine Pinaceae, is spíonlaigh a bhíonn ag an gcéadar mar dhuilleoga. Fásann siad i róiséid ar na géaga, cosúil leis na duilleoga a bhíonn ar na learóga (Larix spp.). Is i mbuaircíní móra ubhacha a bhíonn na síolta.

Is léiriú ar thábhacht chéadar na Liobáine don Mheánoirthear go luaitear sa mBíobla gur bhronn Dia na crainn mhóra seo ar mhuintir na Liobáine: “Tá crainn an Tiarna lán de shúlach; na crainn chéadair a phlandaigh sé sa Liobáin.” (Salm 104:16). Bhain daoine úsáid as na céadair seo ar feadh na mílte blianta. D’úsáidtí ola agus roisín an chrainn chun na marbh a bhalsamú sa tSean-Éigipt.

Is léiriú freisin ar an éileamh a bhí ar na crainn seo go bhfuil formhór na bhforaoisí céadair bainte anois agus, lena chois sin, tá an líon beag crann atá fágtha faoi léigear ag an athrú aeráide. Aithníodh tábhacht na gcrann seo nuair a háiríodh Céadair an Tiarna, foraois ársa chéadair na Liobáine atá suite i dtuaisceart na tíre sin, mar cheann de Láithreáin Oidhreachta Domhanda de chuid UNESCO in 1998.
Cé go bhfuil tóir ar chéadair na Liobáine mar chrainn ornáideacha i ndeisceart na Breataine, níl siad curtha go forleathan in Éirinn, seans mar go bhfuil coinníollacha níos tirime ag teastáil uathu ná crainn shíorghlasa eile. Is in oirthuaisceart na hÉireann atá an líon is mó de na crainn seo le fáil ar an oileán seo.
Tuilleadh Íomhánna




