An Chaithne
Arbutus unedo

Duilleog: Biorach, Fiaclach, Ubhach
Airde: 10m
Dath an Bhlátha: Bán
Tréimhse faoi Bhláth: Meán Fómhair, Deireadh Fómhair, Samhain, Nollaig
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Eanáir, Feabhra, Márta, Aibreán
Fine: Ericaceae

Is iomaí bealach ina bhfuil an chaithne, crann síorghlas, uathúil in Éirinn. Tá dáileadh tíreolaíochta thar a bheith teoranta aici—is timpeall ar Chill Airne atá formhór na gcrann fiáine sa tír ag fás. Is crann síorghlas í, a mbíonn na bláthanna bána agus na torthaí dearga le feiceáil uirthi ag an am céanna. Agus is planda Lúsatánacha í freisin—an ceann is mó acu. Is plandaí iad seo atá dúchasach in Éirinn ach nach bhfuil sa mBreatain, agus atá ag fás freisin ar Mhór-roinn na hEorpa, go háirithe ar Leithinis na hIbéire. Ceapadh le fada gur planda dúchasach í an chaithne, ach tá ceisteanna ardaithe faoin stádas seo le deireanaí.

An Chaithne.

Ainmneacha Eile: Crann Caithne, Crann Sugh-Thalmhain,[2] Úll caithne (an toradh)

Béarla: Strawberry Tree

An Chaithne in Éirinn
Gnáthóga na Caithne
Cuma an Chrainn
Planda Lúsatánach
An Chaithne sa tSochaí
Tagairtí

Tuilleadh Íomhánna