An Fhearnóg Iodálach
Alnus cordata

Fásann an fhearnóg Iodálach, crann neamhdhúchasach ach gaolta leis an bhfearnóg dhúchasach (Alnus glutinosa), go fiáin ar fud na hÉireann. Is sna duilleoga is mó a fheictear an difríocht idir an dá chrann. Bíonn dath glas geal ar na duilleoga lonracha, i gcomparáid leis na duilleoga níos dorcha, neamhlonracha a bhíonn ar an bhfearnóg choiteann. Chomh maith leis sin, bíonn duilleoga croíchruthacha ar an bhfearnóg Iodálach. Tá an fhearnóg Iodálach níos inoiriúnaithe do ghnáthóga níos tirime ná mar atá an fhearnóg choiteann.
Ainm Béarla: Italian Alder
Réamhrá
Tugadh an fhearnóg Iodálach isteach sa mBreatain timpeall na bliana 1820,[1] agus is dócha gur tháinig sé isteach go hÉirinn go gairid ina dhiaidh sin. Is ó dheisceart na hIodáile, ón Albáin, agus ón gCorsaic a tháinig an crann seo ar dtús
Síolraíonn agus scaipeann an crann seo go héasca in Éirinn agus tá sé réasúnta forleathan anois, go háirithe ar an gcósta thoir agus theas. Ní ionann na coinníollacha céanna a thaitníonn leis an bhfearnóg dhúchasach agus leis an bhfearnóg Iodálach. Tá an fhearnóg Iodálach in ann ithir bhocht, thirim, chlochach, agus chailceach a sheasamh níos fearr ná mar atá an fhearnóg choiteann. Mar gheall air sin, feictear go minic é ag glacadh seilbh ar thalamh tréigthe.
Cuma na Fearnóige
Féadfaidh an fhearnóg Iodálach fás mar sceach nó crann, ag brath ar na coinníollacha ina bhfuil sé ag fás. Má bhíonn an talamh réasúnta saibhir agus gan mórán crainn eile san iomaíocht leis, is cruth leathanchónach a ghlacann an fhearnóg seo go nádúrtha. Fásann sé ina chrann breá ard, díreach, má chuirtear é in áit a bhfuil doimhneacht créafóige agus neart foscaidh ann.[2]
Mar chrann atá in ann os cionn 30 m in airde a bhaint amach, tá sé ar an bhfearnóg is mó sa ngéineas.[3] In ainneoin sin, níl fearnóga Iodálacha na tíre seo in ann an airde sin a bhaint amach—níl an fhearnóg Iodálach is airde i nGarraithe Náisiúnta na Lus, Glas Naíon, ach 24m, agus tá formhór na gcrann i bhfad níos ísle ná sin.
Duilleoga an Chrainn

Is dath glas a bhíonn go minic ar bhachlóga duilleoige an chrainn; os a choinne sin, is iondúil gur dath corcra a bhíonn ar bhachlóga duilleoige na fearnóige coitinne.
Is sna duilleoga is mó gur féidir na difríochtaí a fheiceáil idir an fhearnóg choiteann agus an fhearnóg Iodálach. Bíonn dromchla uachtarach dhuilleoga na fearnóige Iodálaí lonrach agus bíonn dath glas geal orthu—i gcodarsnacht le dath neamhlonrach, níos dorcha na fearnóige coitinne.
Bíonn na duilleoga croíchruthach freisin (ciallaíonn cordata croíchruthach sa Laidin). Cé gur crann duillsilteach í an fhearnóg Iodálach, fanann na duilleoga ar an ngéag beagnach go deireadh na bliana.
Bláthanna agus Torthaí
Tá an fhearnóg Iodálach moinéiciach, cosúil leis na fearnóga eile. Bíonn caitíní fireanna agus baineanna ar an gcrann céanna. Tosaíonn na caitíní fireanna ag forbairt san earrach, agus ní bhíonn siad réidh le pailin a scaoileadh go dtí an t-earrach dar gcionn.
Bíonn na caitíní baineanna cuid mhaith níos mó ná na caitíní a bhíonn ar an bhfearnóg choiteann. Pailnítear iad san earrach agus forbraíonn siad mar chóin ghlasa i gcaitheamh an tsamhraidh.
Bíonn na samáir bheaga—síolta sciathánacha—faoi gach gainne ar an gcón. Scaoiltear na síolta sa bhfómhar agus sa ngeimhreadh. Cosúil leis an bhfearnóg choiteann, fanann na cóin fheoite ar an gcrann i gcaitheamh an gheimhridh.
Éiceolaiocht an Chrainn
Fosú Nítrigine
Saibhríonn fearnóga an talamh ar a bhfásann siad trí phróiseas ar a dtugtar fosú nítrigine. Fásann an baictéar Frankia alni ar nóidíní i rútaí na fearnóige.[4] Súnn an baictéar seo nítrigin ón aer, agus stóráiltear sna nóidíní í—acmhainn thábhachtach ar féidir leis an gcrann leas a bhaint as agus é ag fás.
Is mar gheall ar an tréith seo gur crainn téisclime iad na fearnóga—tá siad in ann fás in ithir mhianrach gan mórán cothaitheach. Cuireann an crann táirgí carbóin ar fáil don bhaictéar mar chúiteamh na hoibre seo. Lobhann na nóidíní isteach sa gcréafóg nuair a fhaigheann an crann bás agus saibhrítear an ithir mar thoradh ar an gcaidreamh siombóiseach seo idir an dá orgánach.
Galair
Tá an fhearnóg Iodálach faoi léigear sa mBreatain ag an úimícéit uisce-iompartha (orgánach atá gaolmhar le halga) Phytophthora spp. Lobhann sí an rúta agus coiléar na bhfréamhacha (an chuid sin den stoc in aice na talún). Bíonn duilleoga beaga buí, a thiteann go luath, ag crainn atá ag fulaingt leis an ngalar marfach seo, agus sceitheann an stoc substaint dhubh cosúil le tarra.[5]
Tugtar críonadh siar ar éifeacht an ghalair ar an gcrann. Ó tugadh an galar seo faoi deara sa mBreatain i 1993, tá sé feicthe anois ar fud Mhór-roinn na hEorpa agus in Éirinn. Is í an fhearnóg choiteann is mó atá leochaileach don ghalar seo, ach buaileann an galar seo an fhearnóg Iodálach freisin.[6]
Úsáid na Fearnóige
Cuirtear an fhearnóg Iodálach go minic i ngairdíní, áit a bhfuil níos mó tóir air mar chrann ornáideach ná mar atá ar an bhfearnóg dhúchasach. Úsáidtear freisin é mar fhál foscaidh mar go bhfuil sé in ann ag gaoth agus sáile.
Cuirtear an crann freisin chun athdhúlrú a dhéanamh ar thalamh nach bhfuil in úsáid. Mar go bhfosaíonn sé nítrigin sa gcréafóg, cuireann an fhearnóg ar chumas crainn eile fás ar an talamh sin. Cuireann na duilleoga a thiteann le saibhreas na créafóige freisin. Bunaítear crainn dhúchasacha tar éis an chéad ghlúin sin d’fhearnóga Iodálacha mar nach bhfásann síológa fearnóige sa scáth.
1. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
2. Stokes, J., Trees of Britain and Ireland. 2025: Princeton University Press.
3. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.
4. Bond, G., Evidence for fixation of nitrogen by root nodules of alder (Alnus) under field conditions. The New Phytologist, 1956. 55(2): p. 147-153.
5. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
6. O’Hanlon, R., J. Wilson, and D. Cox, Investigations into Phytophthora dieback of alder along the river Lagan in Belfast, Northern Ireland. Irish Forestry, 2022. 77(1&2): p. 33-48.
Tuilleadh Íomhánna






