An Crann Cnó Capaill
Aesculus hippocastanum

Is crann duillsilteach mór é an crann cnó capaill. Is furasta é a aithint mar gheall ar na bachlóga móra, greamaitheacha a bhíonn air sa ngeimhreadh, na duilleoga bosacha agus na bláthanna bána pirimidiula sa samhradh, agus na síolta móra a bhfuil an-tóir ag gasúir orthu, a thiteann sa bhfómhar. Ní crann dúchasach é, cé go bhfuil an crann ar an oileán le breis is 200 bliain agus tá sé curtha go forleathan ar fud na tíre mar chrann ornáide mar gheall ar a áilleacht. Is ó na Balcáin a tháinig sé ar dtús, ach tá sé faoi bhrú ina cheantar dúchais mar gheall ar thruailliú, gearradh, tinte sléibhe, agus ionfhabhtuithe feithidí. Is mar gheall ar na bagairtí seo go bhfuil an crann cnó capaill liostáilte mar chrann atá faoi bhagairt ag an Aontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra (IUCN).

Horse-chestnut
Réamhrá
Tá crainn ón ngéineas Aesculus ag fás i Meiriceá Thuaidh agus san Eoráise, ach níl ag fás go nádúrtha san Eoraip ach an t-aon speiceas amháin. Is iad na Balcáin (an Albáin, tuaisceart na Gréige, agus an Bhulgáir)[1] réimse dúchais Aesculus hippocastanum, an chrainn cnó capaill. Ceaptar nach bhfuil an crann seo le fáil anois ach i gceantar réasúnta beag de Mhór-roinn na hEorpa mar gur díothaíodh na mamaigh mhóra a bhíodh ag scaipeadh síolta móra an chrainn.[2]
Tugadh an crann cnó capaill isteach chun na Breataine sa 16ú haois[3] agus uaidh sin tugadh go hÉirinn é. Fásann sé go maith in aeráid mheasartha na Éireann agus tá sé curtha go forleathan ar fud na tíre. Tá sé sioc-chrua go -20°C, ach tá sioc an earraigh in ann dochar a dhéanamh do na duilleoga agus do na bláthanna.[1] Cé nach bhfeictear go minic ag fás go fiáin é, tá an crann nádúraithe anseo agus ansiúd in Éirinn, i bhfálta sceach agus ar thalamh sceachach.[1]
Cuma an Chrainn
Is crann mór, ard (suas le 40 m, ach timpeall 25 m in Éirinn,[1] cé go bhfuil an ceann is airde in Éirinn 29 m ar airde),[4] duillsilteach é an crann cnó capaill agus d’fhéadfadh sé maireachtáil ar feadh timpeall 300 bliain[2] cé nach gceaptar go bhfuil crann in Éirinn atá níos sine ná 150 bliain d’aois.[1]
Bíonn an choirt mín ar chrainn óga le scáil bhándearg uirthi. Éiríonn an choirt níos dorcha le haois agus scoilteann sí ina plátaí. Bíonn na géaga láidre neamhchlúmhach.
Bíonn dath dearg dorcha ar bhachlóga móra na nduilleog, agus bíonn siad lonrach agus greamaitheach sa ngeimhreadh. Bíonn na duilleoga bosacha mór, le idir 5 agus 7 duilliúr fiaclach, biorach ar gach duilleog.[2] Bíonn taobh íochtarach na duilleoige clúmhach. Tugann na duilleoga móra go leor scátha don té atá fúthu.

Bláthanna agus Síolta

Is bláthra pirimidiúla (panacail a thugtar orthu) a fhásann go ceartingearach ar chraobhacha an chrainn cnó capaill. D’fhéadfadh 50 bláth a bheith i ngach bláthra, a thagann amach sa mBealtaine. Cé go mbreathnaíonn na bláthanna bán, is dath buí a bhíonn ar bhun na bpeiteal. Nuair a phailníonn feithidí (bumbóga agus meachain go hiondúil) athraíonn an paiste seo ón dath buí go dath oráiste. Is comhartha é seo go bhfuil an bláth pailnithe, agus mar sin bogann na feithidí ar aghaidh go dtí an chéad bhláth eile.

Ní thagann torthaí ach ar na bláthanna in íochtar an bhláthra (is bláthanna fireanna iad na cinn in uachtar).[1] Clúdaíonn deilgní géara crotal glas an toraidh, a bhfuil síolta donndhearga taobh istigh ann.[2] Titeann na torthaí seo sa bhfómhar.
Tá an crann tábhachtach do fhiadhúlra. Soláthraíonn na painicilí móra neachtar agus pailin do mheachain agus feithidí eile, agus itheann ainmhithe éagsúla na síolta móra.
An Crann Cnó Capaill sa tSochaí
Tugadh an crann cnó capaill go dtí an Bhreatain ón Tuirc sa 16ú haois, agus uaidh sin tháinig sé go hÉirinn sa 17ú haois.[1] Cé nach bhfuil aon luach eacnamaíoch ag adhmad bog an chrainn—loghann sé go tapa agus ní dhónn sé go maith—cuireadh go forleathan anseo é mar chrann ornáide, agus is i bpáirceanna agus in eastáit mhóra na tíre, chomh maith le gairdíní príobháideacha, is mó a fheictear an crann cnó capaill inniu.
Thugtaí torthaí an chrainn cnó capaill do chapaill, agus deirtear gur as sin a tháinig ainm an chrainn.[1] Ach má bhreathnaítear go géar ar an áit ar na craobhacha, feicfear go bhfágann an duilleog, a thiteann ón ngéag sa bhfómhar, lorg crú capaill ar an gcraobh, freisin.
Ní mholtar na torthaí a ithe, agus is cosúil go bhfuil na duilleoga agus na bláthanna nimhneach do bheostoc freisin.[1] Ach, in ainneoin sin, aimsíodh úsáidí dóibh. Ceapadh i Sasana go gcuirfeadh na síolta an ruaig ar fheithidí (leamhain agus damháin alla ach go háirithe). Freisin, d’úsáidtí na cnónna chun aicéatón a dhéanamh le linn an Chéad agus an Dara Cogadh Domhanda. Dhéantaí coirdít, ábhar pléascach, as an aicéatón.[5]
Úsáideadh na duilleoga in Éirinn chun fiabhras creathach a leigheas, ach seachas sin ní léir go raibh mórán úsáid eile ag muintir an oileáin seo don chrann mar chógas leighis. [4]
Ach ní mar sin atá sé ar Mhór-roinn na hEorpa. D’úsáidtí síolta an chrainn le fiabhras, féitheacha borraithe, scoilteacha, agus haemaróidí a leigheas.[4] Baintear úsáid as coirt agus duilleoga an chrainn san Albáin agus sa gCosaiv mar chógas leighis ar bhreoiteachtaí a bhaineann leis an gcóras imshruthaithe agus deacachtaí réamatacha.[2] Baintear úsáid as na síolta, agus an ceimiceach aescin atá iontu, chun fadhbanna le féitheacha (ar cúis le féitheacha bhorrtha) a leigheas. Is é bailiú na gcealla bána sa bhfuil is cúis leis an mbreoiteacht seo, agus cuireann aescin, a bhfuil tréithe frith-athlastacha agus frith-éidéime aige, stop leis.[6]
Is mór an spraoi a bhíonn ag gasúir leis na síolta móra, cé nach léir go raibh an spórt seo chomh fairsing in Éirinn agus a bhí sa mBreatain. Bhí an oiread sin tóir ag gasúir na tíre sin ar chodanna an chrainn go raibh ar na húdaráis leagan ‘Baumanni’ den chrann a chur, nach bhfásfadh síolta ar bith air, chun na gasúir a choinneáil uathu.[5] Ní léir, ach an oiread, gur cluiche ársa é seo. Ní raibh an spraoi seo forleathan ar na hoileáin go dtí go luath sa 20ú haois.[4]
Níl mórán béaloidis ag baint leis an gcrann neamhdhúchasach seo in Éirinn, cé go bhfuil tréithe dearfacha (ádh, rachmas, láidreacht) ag baint leis an gcrann cnó capaill i mbéaloideas na hEorpa.Tá ceangal ar leith ag príomhchathair na hÚcráine, Kyiv, leis an gcrann cnó capaill. Tá sé curtha go fairsing ar fud na cathrach (go deimhin tá sé curtha ar fud an cheantair sin).
Bagairtí
Tá laghdú mór tagtha ar líon na gcrann cnó capaill atá ag fás go nádúrtha ina cheantar dúchais mar gheall ar an tionchar atá ag an leamhan agus mianadóir duille, Cameraria ohridella.[7] Itheann sé na duilleoga i lár an tsamhraidh, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar iomadú an chrainn níos deireanaí sa bhfómhar.
Is é an baictéar Pseudomonas syringae pv aesculin is cúis leis an gcancar sceite atá ag déanamh scrios ar chrainn cnó capaill ar fud na hEorpa, agus Éireann san áireamh. Tagann leacht dorcha amach as stoc na gcrann a bhíonn ag fulaingt leis an ngalar marfach seo. [3, 8]
Anuas air seo, tá tinte sléibhe, truailliú, tógáil bóithre, gearradh na gcrann agus brú turasóireachta ar fad ag déanamh dochar don chrann cnó capaill ina cheantar dúchais.[2]
Crainn Ghaolmhara
Tagairtí
1. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
2. Ravazzi, C. and G. Caudullo, Aesculus hippocastanum in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European atlas of forest tree species, 2016. 60.
3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
4. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
5. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
6. Dudek-Makuch, M. and E. Studzińska-Sroka, Horse chestnut-efficacy and safety in chronic venous insufficiency: an overview. Revista Brasileira de Farmacognosia, 2015. 25(5): p. 533-541.
7. Khela, S. and B. Wilson, The IUCN Red List of Threatened Species (2013). 2018, 0.
8. Koskella, B., et al., A signature of tree health? Shifts in the microbiome and the ecological drivers of horse chestnut bleeding canker disease. New Phytologist, 2017. 215(2): p. 737-746.