An Mhailp Lochlannach
Acer platanoides

Is crann mór, duillsilteach, í an mhailp Lochlannach nach bhfuil dúchasach in Éirinn. Fásann sí go nádúrtha ar Mhór-roinn na hEorpa, ach in Éirinn, cuirtear mar chrann ornáideach í. Tá sí, in éineacht leis an seiceamóir (Acer pseudoplatanus) agus an mhailp (Acer campestre) ar cheann de na mailpeanna is coitianta ar an oileán. Is cosúil le duilleoga an tseiceamóra iad duilleoga bosacha na mailpe seo, cé go mbíonn cuma níos bioraí orthu. Cosúil leis an seiceamóir, is síolta beaga sciathánacha iad na torthaí freisin. Soláthraíonn an crann seo adhmad ar ardchaighdeán a úsáidtear chun troscáin agus uirlisí ceoil (veidhlíní ach go háirithe) a dhéanamh.

Ainm Béarla: Norway Maple
Dáileadh an Chrainn
Tá an mhailp Lochlannach ar an mhailp is forleithne ar Mhór-roinn na hEorpa, cé nach bhfuil sí dúchasach in Éirinn ná sa mBreatain. Fásann sí go nádúrtha ón Fhrainc go hoirthear na Rúise, agus ó dheisceart na hIorua go dtí na Balcáin.[1] Is in oirthuaisceart agus oirdheisceart na hÉireann is mó a fhásann an mhailp Lochlannach in Éirinn.[2] Tá sí nádúraithe (agus ionrach) in oirthear Mheiriceá Thuaidh, [3] áit a bhfásann sí taobh leis an mhailp shiúcra (Acer saccharum), crann gaolmhar eile.[1]
Cuma na Mailpe Lochlannaí

Is crann mór, ard (25-30 m ar airde) í an mhailp Lochlannach le stoc díreach agus ceannbhrat cruinn, le duilliúr dlúth.[1] Bíonn pátrún d’iomairí ingearacha ar choirt na mailpe atá cosúil leis an gcuma a bhíonn ar choirt na fuinseoige (Fraxinus excelsior),[1] agus atá an-éagsúil ó choirt an tseiceamóra.
Duilleoga, Bláthanna agus Síolta

Is ar aghaidh a chéile a bhíonn na bachlóga, na duilleoga agus na géaga. Bíonn na bachlóga duilleoige mór agus fada. I measc na mailpeanna, níl ach bachlóga an tseiceamóra níos mó ná bachlóga na mailpe Lochlannaí. Bíonn dath dearg ar na bachlóga duilleoige (is dath glas a bhíonn ar bhachlóga an tseiceamóra).

Bíonn idir cúig agus seacht mhaothán ar na duilleoga bosacha, bíonn gach maothán biorach agus bíonn fiacla móra ar imill na nduilleog. Tugann na tréithe seo go léir cuma bhiorach do dhuilleoga na mailpe.[4]

Bíonn dath geal glas ar na duilleoga (uaireanta bíonn scáil dhearg ar ghas na duilleoige), agus athraíonn siad buí sa bhfómhar.[1] Is dath bán a bhíonn ar an sú a thagann ó dhuilleoga na mailpe Lochlannaí (is trédhearcach a bhíonn sú an tseiceamóra agus sú na mailpe).

Is dath buíghlas a bhíonn ar bhláthanna na mailpe Lochlannaí. Bláthaíonn an mhailp Lochlannach san Aibreán, ag an am céanna a osclaíonn na duilleoga. Pailníonn feithidí iad agus is samáir (síolta sciathánacha) iad na torthaí.
Bíonn dhá shíol greamaithe le chéile, agus fuadaítear iad sa ngaoth nuair a bhíonn siad aibí. Is i gcruth ‘V’ a bhíonn na síolta greamaithe, ach ní bhíonn an uillinn eatarthu chomh géar leis an gceann idir síolta an tseiceamóra. Mar chomparáid, is i líne dhíreach a bhíonn na síolta thoradh na mailpe (Acer campestre).[1]

Úsáid na Mailpe Lochlannaí
Cuirtear an mhailp Lochlannach go príomha in Éirinn mar chrann ornáideach, mar gheall ar dhuilliúr tarraingteach an chrainn, idir chruth na nduilleog agus na dathanna a thagann orthu sa bhfómhar. Cosúil le mailpeanna eile, glacann an mhailp seo go maith le truailleáin san aer freisin, rud a chuireann ar a cumas fás go maith i gcathracha. Ní chuireann gearradh rialta as di ach an oiread.
Tá adhmad crua na mailpe Lochlannaí níos dorcha ná na mailpeanna eile. Bíonn snáithe díreach agus uigeacht mhín aige. Úsáidtear é i ndeileadh adhmaid (chun babhlaí agus a leithéid a dhéanamh) agus déantar troscán as freisin.
Cosúil leis an mhailp (Acer campestre), úsáidtear adhmad na mailpe Lochlannaí chun uirlisí ceoil a dhéanamh. Ceaptar gur as adhmad na mailpe Lochlannaí (nó as adhmad na mailpe) a rinne Antonio Stradivari na hIodáile na veidhlíní cáiliúla sa 17ú agus 18ú haois (d’úsáid sé sprús freisin).
Tagairtí
1. Caudullo, G. and D. de Rigo, Acer platanoides in Europe: distribution, habitat, usage and threats. 2016.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. Reinhart, K.O., E. Greene, and R.M. Callaway, Effects of Acer platanoides invasion on understory plant communities and tree regeneration in the northern Rocky Mountains. Ecography, 2005. 28(5): p. 573-582.
4. Stokes, J., Trees of Britain and Ireland. 2025: Princeton University Press.
Tuilleadh Íomhánna




