An Ghiúis Mhaorga
Abies procera

Duilleog: Spíonach
Airde: 75m
Dath an Bhlátha: Corcra, Deargdhonn
Tréimhse faoi Bhláth: Bealtaine, Meitheamh
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Lúnasa, Meán Fómhair, Deireadh Fómhair
Géineas: Abies
Fine: Pinaceae

Is buaircíneach mórthaibhseach ard í an ghiúis mhaorga a fhásann go dúchasach in iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh. Is í is airde de na fíor-ghiúiseanna (crainn sa ngéineas Abies). Fásann na spíonlaigh gormghlasa go dlúth ar na géaga agus, amhail na giúiseanna eile, bíonn na buaircíní ceartseasmhach ar an gcraobh.

Bíonn an ghiúis seo curtha in eastáit in Éirinn go hiondúil, ach úsáidtear í mar chrann Nollag freisin. Cé go bhfuil siad in ann 75 m ar airde a bhaint amach ina gceantar dúchais, is 40 m ar airde atá an ghiúis mhaorga is airde in Éirinn—tá sí ag fás i gCúirt an Phaoraigh, Contae Chill Mhantáin. Tá cosán siúil suntasach, a bhfuil giúiseanna mhaorga lánfhásta ag fás ar cheachtar taobh de, i nGairdíní Chluain Dúin, Contae Chill Chainnigh.

Béarla: Noble Fir

An ghiúis mhaora ag fás in Ollscoil na Gaillimhe.

Tuilleadh Íomhánna