An Ghiúis Gheal
Abies alba

Duilleog: Spíonach
Airde: 60m
Dath an Bhlátha: Deargdhonn
Tréimhse faoi Bhláth: Aibreán, Bealtaine, Meitheamh
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Eanáir, Deireadh Fómhair, Samhain, Nollaig
Géineas: Abies
Fine: Pinaceae

Is buaircíneach síorghlas í an ghiúis gheal. Tá sí freisin ar cheann de na buaircíneacha is airde in sa ngéineas Abies, géineas na ngiúiseanna. Maireann an crann ar feadh 500-600 bliain agus is féidir leo 60 m ar airde a bhaint amach.

Is iad na sléibhte i lár, i ndeisceart, agus in oirthear na hEorpa ceantar dúchais na giúise gile. Is cuid thábhachtach í an ghiúis seo i ngréasán na bithéagsúlacht ina ceantar dúchais.[1]

An ghiúis gheal i gcoill dharach in iarthar na hÉireann.

Tháinig an ghiúis gheal chun na Breataine ag deireadh an 16ú haois, agus is dócha go hÉirinn ina dhiaidh sin. Tá sí curtha i bpáirceanna agus in eastáit ar fud na tíre, agus síolraíonn sé go héasca freisin. Is in oirdheisceart na tíre is mó a fhásann sí. Is crann scáthfhulangach é agus fásann sé go maith in Éirinn i gcré dhomhain thais (ach ní leathbháite).[2]

Cuma an Chrainn

Is crann díreach ard í a fhásann go mall ar dtús ach go tapa de réir mar a théann an crann in aois.[1] Bíonn cuma phirimidiúil ar chrainn óga, ach leathann an crann amach le haois. Bíonn coirt mhín, liath uirthi.

Taobh uachtarach na spíonlach.
Línte bána ar thaobh íochtarach na spíonlach.

Bíonn a cuid spíonlach leacaithe. Bíonn dath gorm dorcha ar thaobh uachtarach na spíonlach, ach bíonn dhá stríoca geal suntasach de stómaí ar an taobh íochtarach. Is mar gheall ar na líne bána seo a fuair an ghiúis gheal a hainm. Bíonn boladh péine ó na spíonlaigh brúite.[2]

Ní thagann cóin ar an gcrann go dtí go mbíonn sé 30 go 40 bliain d’aois. Is sna buaircíní, a bhíonn ceartseasmhach ar an gcraobh, a bhíonn na síolta. Amhail giúiseanna eile, titeann na buaircíní as a chéile ar an ngéag sa bhfómhar agus tógann an ghaoth na síolta éadroma.

Gnáthóga na Giúise

Fásann an ghiúis gheal in éineacht leis an sprús Lochlannach (Picea abies) agus an péine Albanach (Pinus sylvestris) i sléibhte a cheantar dúchais. Is in éineacht leis an bhfeá (Fagus sylvatica) a fhásann an giúis gheal ar shuíomhanna níos ísle. [1]

Mar gheall go bhfuil sí scáthfhulangach agus síolraíonn sí go héasca, is furasta don ghiúis gheal scaipeadh i gcoillte duillsilteacha na hÉireann.[1]

Úsáid an Chrainn

Cé gur crann foraoiseachta a bhí sa ngiúis gheal tráth den tsaol, ní chuirtear mar chrann fáschoillte í níos mó mar go bhfuil sí leochaileach d’fhungais agus do lotnaidí ná mar atá giúiseanna eile.[3]

D’úsáidtí an ghiúis gheal mar chrann Nollag, ach baintear níos mó úsáide as crainn eile anois. Tá adhmad na giúise seo éadrom, mín-shnáithíneach agus éasca le hoibriú. Úsáidtear é i siúinéireacht agus i ndéantúsaíochta troscáin.

Tagairtí

1. Mauri, A., D. De Rigo, and G. Caudullo, Abies alba in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European Atlas of forest tree species, 2016: p. 48-49.

2. Stokes, J., Trees of Britain and Ireland. 2025: Princeton University Press.

3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

Tuilleadh Íomhanna