An Fhraochóg
Vaccinium myrtillus

Duilleog: Ubhach
Airde: <1m
Fine: Ericaceae
Is sceach bheag, dhuillsilteach í an fhraochóg atá coitianta ar chriathrach oscailte an iarthair, ach fásann sí i sraith na talún i sean-choillte darach freisin. Mar aon le gach planda eile sa bhfine Ericaceae, is compordaí atá an fhraochóg i gcréafóg aigéadach. Is cosúil le bláthanna na caithne agus cineálacha éagsúla fraoigh iad bláthanna beaga cloigíneacha na fraochóige. Tagann caora beaga milse inite ar an bplanda ag deireadh an tsamhraidh. Itheann éin agus mamaigh na caora. Scaipeann an fhraochóg ag úsáid riosóim faoi thalamh, as a gcuireann sí meatháin nua aníos.

Ainm Eile: Fraochán
Béarla: Bilberry, Whortleberry
Tuilleadh Íomhánna







