An tAiteann Gaelach
Ulex gallii

Duilleog: Deilgneach
Airde: 1m
Dath an Bhlátha: Órbhuí
Tréimhse faoi Bhláth: Iúil, Lúnasa, Meán Fómhair, Deireadh Fómhair
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Eanáir, Feabhra, Nollaig
Géineas: Ulex
Fine: Fabaceae

Tá an t-aiteann gaelach, nó an mionaiteann, ar cheann de dhá chineál aiteann atá dúchasach in Éirinn. Fásann sé i ndeisceart na tíre, in iarthar na Gaillimhe, agus anseo agus ansiúd i dtuaisceart na tíre. Is iondúil gur ar thalamh aigéadach phortaigh a fheictear é. Ní bhíonn saibhreas créafóige ag teastáil uaidh mar go bhfosaíonn sé nítrigin ón aer ina chuid fréamhacha. Ní fhásann an t-aiteann gaelach chomh hard leis an aiteann gallda (Ulex europaeus) agus ní bhláthaíonn sé ach ag deireadh an tsamhraidh. Bíonn dath órbhuí ar na bláthanna, seachas an dath buí geal a bhíonn ar bhláthanna an aitinn ghallda.

An t-aiteann gaelach ar phortach Chonamara.

Ainmneacha Eile: Mionaiteann, Aiteann Mín; Mínaiteann[2]; Aitnín/Aitinnin Gaeldhealach,[2] Aitinne Bheag,[2] Aitinn Chaiteach[2]

Béarla: Western Gorse, Autumn Gorse, Mountain Furze[3]

Réimse Dúchais an Aitinn
Cuma na Sceiche
Ulex minor
Tagairtí

Tuilleadh Íomhánna