An tIúr
Taxus baccata

Duilleog: Spíonach
Airde: 20m
Dath an Bhlátha: Buí
Tréimhse faoi Bhláth: Feabhra, Márta, Aibreán
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Samhain, Nollaig
Fine: Taxaceae

Ar nós go leor crann, bhí an buaircíneach síorghlas dúchasach seo níos coitianta in Éirinn san am atá caite. In ainneoin go bhfuil ‘iúr’ agus ‘eo’ coitianta i logainmneacha na tíre, is i gContae Chiarraí, i gContae Luimnigh agus i gcorr-áit eile timpeall na tíre atá na hiarsmaí de choillte iúir na hÉireann ag fás. Ach cuirtear an t-iúr, go háirithe an t-iúr Éireannach, go minic i reiligí agus i gcealla. D’eascair gach iúr Éireannach, crann a fhásann go colúnach, ó chrann iúir leis an gcruth sin a fhásann i gContae Fhear Manach. Fásann an t-iúr go mall, ach tá sé ar cheann de na crainn is fadsaolaí in Éirinn. Meastar go bhfuil iúr i Loch Garman idir 800 agus 1,200 bliain d’aois agus ceaptar go bhfuil iúr Fortingall, i bPerthshire na hAlban, idir 3,000 agus 4,000 bliain d’aois.

Crann iúir ag fás in Ollscoil na Gaillimhe.

Ainmneacha Eile: Crann Iubhair, Eo

Béarla: Yew, Common Yew, English Yew, European Yew

Réamhrá
Cur Síos ar an Iúr
Éiceolaíocht an Iúir
Todhchaí an Iúir in Éirinn
An tIúr agus an tSochaí
An tIúr Éireannach
Tagairtí

Tuilleadh Íomhánna