Na Brídeacha
Spiraea spp

Míonna na mBláthánna agus na dTorthaí
Duilleog: Fiaclach, Ubhach
Airde: 2m
Dath an Bhlátha: Bándearg
Pailniú: Feithidí
Scaipeadh Síolta: Gaoth, Uisce

Tá beagnach deich speiceas difriúil den bhrídeach ag fás in Éirinn agus bíonn sé deacair iad a aithint óna chéile. Is sceacha bheaga duillsilteacha neamhdhúchasacha iad le duilleoga tanaí ubhacha agus spící fada de bhláthanna bándearga.

Is éalaithigh ghairdín iad na brídeacha agus feictear iad go minic ag fás ar leataobh an bhóthair. Cuireann siad meatháin aníos óna gcuid rútaí faoi thalamh, agus is furasta dóibh scaipeadh ar an gcaoi sin.

Fásann siad go dúchasach ar fud an Leathsféir Thuaidh—bhí siad ag fás sa mBreatain ón 17ú haois ar aghaidh. Is dóigh go bhfuil siad in Éirinn le breis is 200 bliain anuas.

Béarla: Brideworts

An bhrídeach ag fás ar thaobh an bhóthair i gContae na Gaillimhe.

Tuilleadh Íomhánna

Plandaí Gaolmhara