An tSailchearnach
Salix caprea

Tá an tsailchearnach, sail dhúchasach, le feiceáil ar fud na tíre, cé nach bhfuil sí chomh fairsing leis an tsaileach rua (Salix cinerea fosp. oleifolia), sail atá an-chosúil léi. Fásann sí sna gnáthóga chéanna leis an saileach rua, ach tá sí níos compordaí ná an tsaileach rua ar thalamh tirim. Is níos mó de chrann a dhéanann sí ná mar a dhéanann an tsaileach rua, freisin. Is iomaí feithid a bhíonn ag brath ar an tsailchearnach, go háirithe go luath san earrach. Bíonn go leor cineálacha leamhain, ach go háirithe, ag triall ar an gcrann.

Ainmneacha Eile: Saileog[1]
Béarla: Goat Willow, Great Sallow, Pussy Willow, Withies[2]
Cur síos ar an gCrann
Fásann an tsailchearnach i réigiúin mheasartha agus bhóireach ar fud na hEorpa agus na hÁise.[3] Is planda téisclime is í a dhéanann sceach mhór nó crann beag. Tá sé fairsing in Éirinn, ach níl sé chomh coitianta le sail eile atá an-chosúil leis, an tsaileach rua (Salix cinerea).
Fásann an tsailchearnach i gcoillte, i scrobarnach, i bhfálta sceacha, agus ar thalamh bruachánach ar fud na hÉireann.[4] Mar phlanda téisclime, glacann sí seilbh ar thalamh briste go héasca, agus bíonn sí níos compordaí ar thalamh tirim ná an chuid is mó de na saileacha eile. Maireann an tsailchearnach níos faide ná sailí eile—tá sí in ann idir 150 agus 300 bliain d’aois a bhaint amach i gcoinníollacha atá feiliúnach di.
Stoc agus Coirt na Sailí
Is minic go mbíonn go leor stoic bheaga thanaí ar an gcrann seo. Bíonn dath liathdhonn ar an gcoirt agus tagann scoilteanna i gcruth diamaint sa gcoirt ar chrainn a bhíonn níos sine.


Bíonn na géaga glasa clúmhach san earrach, ach neamhchlúmhach níos déanaí sa séasúr. Ní bhíonn stríoca ag rith síos fad na ngéag nuair a bhaintear an choirt den tsailchearnach—bíonn stríoca le feiceáil ar adhmad na sailí rua (Salix cinerea fosp. oleifolia).[5]
Duilleoga na Sailí
Bíonn cruth ubhach, dronuilleogach, nó beagnach ciorclach ar na duilleoga, a fhásann go hailtéarnach ar an ngéag. Is dath glas dorcha a bhíonn orthu.
Is iondúil nach mbíonn na duilleoga chomh tanaí le duilleoga na sailí rua. Is minic go mbíonn bior ag deireadh na duilleoige, agus is minic freisin go mbíonn cor beag sa mbior. Bíonn taobh uachtair na duilleoige mín, lonrach, agus gan ribí gruaige, agus bíonn an taobh íochtair féitheach agus clúmhach (is dath liath a bhíonn ar na ribí).[5]
Bláthanna agus Torthaí na Sailí

Is crann dé-éiciach é an tsailchearnach. Breathnaíonn na caitíní a bhíonn uirthi cosúil leis na caitíní a bhíonn ar an saileach rua. Tagann na caitíní fireanna, a bhíonn ina seasamh go hingearach ar an ngéag, amach ag deireadh an gheimhridh, sula dtagann na duilleoga amach. Bíonn siad bog, ubhchruthach, clúmhach agus dath an airgid orthu.

Tagann dath buí na pailine ar na caitíní fireanna nuair a bhláthaíonn siad idir Márta agus Aibreán. Bíonn idir 100-200 bláth i ngach caitín baineann, agus idir 200-300 bláth sna caitíní fireanna.[3] Tá trí mhodh pailnithe ag an tsailchearnach—an ghaoth, meachain i rith an lae, agus leamhain san oíche.[6] Tá gráinní pailine na sailchearnaí níos éadroime ná saileacha eile agus imíonn siad sa ngaoth níos éasca.[6]
Ceaptar go bhfuil boladh na mbláthanna tábhachtach do shaileacha mar nach bhfuil dathanna suntasacha acu chun pailneoirí a mhealladh.[6] Ceaptar, freisin, go n-athraíonn an tsailchearnach boladh cumhra na mbláthanna idir lá agus oíche, le go mealltar leamhain san oíche agus meachain sa lá.[7]
Ní hionann an tsailchearnach agus saileacha eile, mar nach bhfuil sé éasca ag an gcrann iomadú fásúil a dhéanamh—is minic nach bhfásann géag den tsailchearnach a sháitear isteach sa talamh.[3]
Éiceolaíocht na Sailí
Tá lear mór leamhan ag brath ar an sailchearnach, ina measc an conach poibleoige (Laothoe populi). Cuireann an tsailchearnach pailin agus neachtar ar fáil do mheachain, feithidí eile, agus éin amhail meantáin ghorma[8] ag am nuair nach bhfuil mórán beatha eile ar fáil.
Tá 839 cineál inveirteabrach luaite le saileacha, níos mó ná aon chrann eile, an dair san áireamh. Tá 360 luaite leis an tsailchearnach (Salix caprea), agus ní fhaightear 129 de na speicis seo ach ar an tsailchearnach.[9] Meallann na feithidí seo éin eile, an ceolaire sailí (Phylloscopus trochilus), ach go háirithe.
Úsáid na Sailchearnaí
Tá adhmad an-bhog ag an tsailchearnach. Is crann í a ghlacann go maith le bunscoitheadh, agus cuirtear í mar fhoinse bhithmhaise. Faightear fioghual maith ó adhmad na sailchearnaí freisin agus cuirtear í i bhfálta sceach.
Ní hí an tsailchearnach an tsaileach is fearr don chaoladóireacht mar go mbíonn na géaga briosc. Ach d’úsáidtí an tsailchearnach (Salix caprea) chun currachaí a dhéanamh i gContae Chiarraí, cé gurb é an coll (Corylus avellana) atá in úsáid anois.[10]
Baintear úsáid as an tsailchearnach, amhail saileacha eile, i bpróisis fhítileasúcháin. Is bealach é seo chun talamh atá truaillithe a ghlanadh. Cuirtear crainn saileacha le go ndéanfaidh siad miotail throma—go háirithe caidmiam (Cd) agus sinc (Zn)—agus ceimiceáin chontúirteacha eile a shú isteach sa gcrann.[11]
D’úsáidtí an tsailchearnach mar chrios foscaidh, mar chógas leighis (go háirithe pianmhúchadh), mar chrapthach, agus mar antaiseipteán.
Mar gur meachain is mó a phailníonn an tsailchearnach, tá ról tábhachtach ag an tsailchearnach i dtáirgeadh meala. Bhaintí leas as an tsailchearnach mar fhodar do bheithígh.
Is caprea, a chiallaíonn gabhar sa Laidin, atá in ainm eolaíoch an phlanda mar go gceaptar go dtugtaí duilleoga mar fhodar do ghabhair fadó.[3]
Salix x reichardtii
Hibridíonn an tsaileach rua (Salix cinerea fosp. oleifolia) leis an tsailchearnach go héasca, agus is minic go mbíonn tréithe atá idir eatarthu ag na hibridí seo. Is sceach nó crann beag é Salix x reichardtii (Salix cinerea x Salix caprea), a fhásann ar imill choillte, ar bhruacha aibhneacha agus locha, agus in áiteanna tréigthe, fad agus go mbíonn beirt de na tuismitheoirí ag fás in aice le chéile. In Éirinn, is san oirthuaisceart, i lár na tíre, agus san oirdheisceart is mó atá na taifid den hibrid ag fás.[4]
Tagairtí
1. Cameron, J., The Gaelic Names of Plants: (Scottish, Irish and Manx). 1883, Dún Éireann, Londain: William Blackwood and Sons.
2. Wilkinson, G., A History of Britain’s Trees. 1981: Hutchinson.
3. Enescu, C., et al., Salix caprea in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European atlas of forest tree species, 2016: p. 170-171.
4. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
5. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
6. Ohashi, K. and A. Jürgens, Three options are better than two: compensatory nature of different pollination modes in Salix caprea L. Journal of Pollination Ecology, 2021. 28: p. 75-90.
7. Jürgens, A., et al., Diel fragrance pattern correlates with olfactory preferences of diurnal and nocturnal flower visitors in Salix caprea (Salicaceae). Botanical Journal of the Linnean Society, 2014. 175(4): p. 624-640.
8. Kay, Q., Nectar from willow catkins as a food source for blue tits. Bird Study, 1985. 32(1): p. 40-44.
9. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
10. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
11. Opeña, J., et al., Phytoremediation of Potential Toxic Elements by Native Tree Species in Mined-Spoiled Soils in Mátraszentimre, Hungary. Journal of Environmental Science and Management, 2022. 25(2).
Tuilleadh Íomhánna






