An Crann Sníofa
Salix aurita

Duilleog: Ubhach
Airde: 5m
Dath an Bhlátha: Buí, Glas
Tréimhse faoi Bhláth: Aibreán, Bealtaine
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Meitheamh
Géineas: Salix

Aithnítear an crann sníofa mar gheall ar na stípeoga móra, a bhreathnaíonn cosúil le cluasa, a bhíonn ag bun na nduilleog. Bíonn na duilleoga rocach freisin, tréith nach bhfuil ag mórán saileacha eile. Tá an sceach dhúchasach seo forleathan ar fud na tíre agus feictear í go minic ag fás ar leataobh an bhóthair.

An crann sníofa ar fás ar phortach Chonamara.

Ainmneacha Eile: Sliotharnach,[1] Crann Sníomhtha,[2] Saileán[3]

Béarla: Eared Willow

Cuma na Sceiche
Duilleoga agus Bláthanna
Salix x multinervis
Tagairtí

Tuilleadh Íomhánna